Similar words :

up

adverbdobhriathar 1 of higher position► (going upward) suas cmuin airde cmu he got up on the horse chuaigh sé suas ar an gcapall, chuaigh sé in airde ar an gcapall put up your hand cuir suas do lámh, cuir do lámh in airde what goes up must come down an rud a théann suas, caithfidh sé teacht anuas reach right up to the bar sín suas ar fad go dtí an barra put them up on the shelf cuir suas ar an tseilf iad stand up straight seas suas díreach up and down suas agus síos, suas síos, suas agus anuas► (coming upward) aníos cmuin airde cmu come up here tar aníos anseo throw it up to me caith aníos chugam é► (in position) thuas cmuin airde cmu he's up in his room tá sé thuas ina sheomra it's up on top of the press tá sé thuas ar bharr an chófra up on the stage thuas ar an stáitse, in airde ar an stáitse up in the attic thuas san áiléar the cat was up in the tree bhí an cat thuas sa chrann higher up (also further up) níos faide suas, níos airdeups and downs 2 of moon, sunina suí cmu the sun was still up bhí an ghrian fós ina suí 3 into upright positionsuas cmuin airde cmu she stood up sheas sí suas he fell but got up again thit sé ach d'éirigh sé ina sheasamh arís 4 raisedin airde cmuthuas cmu we had our hands up bhí ár lámha in airde againn he had the bonnet up bhí an boinéad in airde aige 5 facing upwardsin airde cmusuas cmu put the cards down face up leag síos na cártaí aghaidh in airde put the apple, cut side up, on the plate leag an t-úll, agus an taobh gearrtha in airde, ar an bpláta 6 put upcrochta cmucurtha in airdecurtha suas cmuthuas cmu the decorations are up tá na maisiúcháin crochta, tá na maisiúcháin in airde is the tent up yet? an bhfuil an puball curtha suas fós?, an bhfuil an puball in airde go fóill? 7 in northerly direction to go up North dul ó thuaidh up in Belfast thuas i mBéal Feirste we're up for the day táimid abhus anseo don lá, táimid abhus anseo le haghaidh an lae we live up north sa tuaisceart atá cónaí orainn, táimid inár gcónaí sa taobh ó thuaidh 8 to sb/sth she came up to me tháinig sí chugam, tháinig sí a fhad liom the girl ran straight up to him rith an cailín caol díreach chuige go up to her and ask him gabh anonn chuici agus cuir ceist uirthi, téigh sall chuici agus fiafraigh di 9 moving along path, road, etc.suas cmu continue on up to the lights lean ort suas chomh fada leis na soilse up and down suas síos, suas agus anuas, sall agus anall, anonn agus anall he was pacing up and down outside the office bhí sé ag siúl anonn agus anall taobh amuigh den oifig up and down the country fud fad na tíre, ó cheann ceann na tíre 10 at farther point (on road etc)suas cmu our shop is 500 metres farther up on the left tá an siopa s'againne 500 méadar níos faide suas ar an taobh clé a little way up on the right achar beag suas ar dheis, píosa beag suas ar dheis 11 of higher level► (to a higher level) suas cmu they moved up to second place bhog siad suas go dtí an dara háit up by 7 cent (also up 7 cent) suas 7 cent► (at higher level) the prices were up 1% bhí na praghsanna ardaithe 1%, bhí na praghsanna dulta in airde 1%, bhí ardú 1% ar na praghsanna tourism is up on last year tá ardú ar líon na gcuairteoirí ó anuraidh, tá líon na gcuairteoirí níos airde ná anuraidh 12 ahead in game etcchun tosaigh cmuchun cinn cmu they're a goal up tá siad cúl chun tosaigh, tá siad cúl chun cinn we were 3-0 up bhíomar chun tosaigh 3-0, bhíomar ag buachan 3-0 13 informalneamhfhoirmeálta more than (price, age, etc)lena chois cmuníos mó ná sin I got €5 a kilo and up fuair mé €5 an kilo agus lena chois, fuair mé €5 an kilo agus tuilleadh children three years and up leanaí atá trí bliana agus níos sine, leanaí atá trí bliana agus os a chionn, páistí ó thrí bliana suas 14 used to express increase in sthsuas cmu I turned up the sound d'ardaigh mé an fhuaim, chuir mé suas an fhuaim the battle is about to hot up tá an cath ar tí géarú, tá an cath ar tí dul i ndéine 15 finished, overcaite cmuistigh cmuthuas cmucríochnaithe cmu time's up tá an t-am caite, tá an t-am istigh, tá an t-am thuas it's up tomorrow beidh sé críochnaithe amárach 16 separated, divided into partssuas cmu divide them up roinn suas iad, roinn ó chéile iad tear it up stróic suas é 17 expressing completeness eat up your dinner ith suas do dhinnéar, déan do chuid this isn't all used up yet níl sé seo ar fad ídithe go fóill 18 togethersuas cmu gather up your bits and bobs bailigh suas do chuid mangarae, bailigh ina chéile do chuid mangarae, bailigh i gceann a chéile do chuid giuirléidí 19 information technologyteicneolaíocht faisnéise computer system: workingtosaithe cmuag rith cmu the server will be back up soon beidh an freastalaí ar ais ar obair i gceann tamaill the system is up and running tá an córas ag rith 20 engineeringinnealtóireacht road: dug up for repairstochailte cmu the road was up for repairs bhí oibreacha bóthair ar siúl, bhí an bóthar á dheisiú 21 hairsuas cmu she had her hair up bhí a chuid gruaige curtha suas aici 22 informalneamhfhoirmeálta meal etc: readyréidh cmuar an mbordullamh cmu dinner's up tá an dinnéar réidh prepositionréamhfhocal 23 to higher place, positionsuas cmu he ran up the mountain rith sé suas an sliabh he was up and down the stairs all day bhí sé suas agus anuas an staighre an lá ar fad I put the tissue up my sleeve chuir mé an ciarsúr suas i mo mhuinchille 24 in high place, positionthuas cmuin airde cmu up a tree thuas i gcrann, in airde i gcrann high up a ladder thuas go hard ar dhréimire the water was right up the bank bhí an t-uisce suas go hard ar an mbruach 25 moving along (path, road, etc)suas cmu he ran up the road rith sé suas an bóthar he began walking up and down the room thosaigh sé ag siúl suas síos an seomra, thosaigh sé ag siúl anonn is anall sa seomra 26 at point farther along (path, road, etc)suas cmu up the lane from the church suas an lána ón séipéal 27 against current of river, farther along riversuas cmu they organise trips up the river eagraíonn siad turais suas an abhainn adjectiveaidiacht 28 going, pointing upwardssuas cmu the up escalator an staighre beo suas, an staighre creasa a théann suas press the up button brúigh an cnaipe chun dul suas 29 out of bedi do shuí cmu are you up yet? an bhfuil tú i do shuí fós? we were up late last night bhíomar inár suí go mall aréir they were up all night bhí siad ina suí an oíche ar fadup and about 30 in cheerful moodsásta adj3 cmu she's feeling up today tá sí in ardghiúmar inniu, tá ardghiúmar inniu uirthi, tá sí breá sásta léi féin inniu verbbriathar 31 informalneamhfhoirmeálta increase transitiveaistreachardaigh verb cmuméadaigh verb cmu they upped the fares d'ardaigh siad na táillí, chuir siad suas na táillí it upped the pressure on us mhéadaigh sé an brú a bhí orainn nounAinmfhocal 32 information technologyteicneolaíocht faisnéise on keyboard press ALT + up brúigh ALT + suas PhrasesNathanna to be on the up and up informalneamhfhoirmeálta 1 getting betterbheith ag dul ó neart go neart 2 (USSAM) honestiontaofa cmule trust this scheme is on the up and up tá an scéim seo iontaofa something's up (also there's something up) tá rud éigin cearrtá rud éigin míchearttá rud éigin as cor I knew something was up bhí a fhios agam go raibh rud éigin cearr something is up with the printer tá rud éigin cearr leis an bprintéir what's up with ...? cad é atá cearr le ...?céard atá ar ...?cad atá ag cur as do ...? to be up against sth we're up against it here ní bheidh sé seo éasca, tá ár sáith romhainn anseo we're up against a tight deadline tá sprioc-am an-docht againn she's up against a very able woman tá bean chumasach ina haghaidh to be up and about bheith ar do chosa he's up and about again tá sé ar ais ar a chosa, tá sé ar a bhoinn arís up and at 'em (USSAM), informalneamhfhoirmeálta up and at them! tugaimis faoi!, scaoil faoi! I have trouble getting up and at 'em in the morning is deacair liom cuma na hoibre a chur orm féin ar maidin, is doiligh liom léim a thabhairt ag obair ar maidin Up ...! Up Kerry! Ciarraí abú! Up the Banner! An Clár Abú! to up and do sth rud a dhéanamh go tobann he upped and left bhailigh sé leis, d'imigh sé leis, as go brách leis up and down athraitheach cmuguagach cmu the day was very up and down bhí an lá athraitheach, ní túisce thuas ná thíos an lá, bhí an lá guagach go maith he's an up and down sort of guy tá sé saghas guagach mar dhuine, is duine é a bhíonn lá thuas agus lá thíos ups and downs he's had his ups and downs bhí sé thuas seal thíos seal the ups and downs of life cora an tsaoil to be on the up bheith ag feabhsúbheith ag éirí níos fearrbheith ag bisiú up and running ar a bhoinnag feidhmiú cmu the new system is up and running tá an córas nua ag feidhmiú the business is up and running again tá an gnó ar a bhoinn arís to be up for sth 1 willing to do sth informalneamhfhoirmeáltabheith sásta tabhairt faoi rud are you up for a drink? an bhfuil fonn dí ort? they aren't up for a meeting níl siad ag iarraidh cruinniú I'm really up for this táim ar bís chuige seo 2 considered for sth the matter is up for consideration tonight beidh an t-ábhar á phlé anocht her contract is up for renewal tá a conradh le hathnuachan there are eight candidates up for election tá ochtar iarrthóirí ag rith sa toghchán 3 available for sth the house is up for sale tá an teach ar díol, tá an teach ar an margadh 4 charged with sth he's up for fraud tá calaois curtha ina leith, tá sé os comhair na cúirte as calaois a dhéanamh 5 able for sth informalneamhfhoirmeáltabheith in ann ag rud I'm not really up for much at the moment nílim in ann aghaidh a thabhairt ar mhórán faoi láthair to be up on sth (also to be up with sth) bheith ar an eolas faoi rudan-chur amach a bheith agat ar rudan t-eolas is deireanaí a bheith agat faoi rud she's well up on local history tá sí an-eolach ar stair na háite he always keeps up with the latest technology coinníonn sé é féin ar an eolas faoin teicneolaíocht is déanaí to be up to sb 1 of decision it's up to you whether you go or not fút féin atá sé an rachaidh tú nó nach rachaidh, do rogha féin é dul nó gan dul isn't it up to me what I eat? nach fúmsa atá sé cad a íosfaidh mé?, nach é mo ghnó féin é céard a íosfaidh mé? if it were up to me dá mba fúmsa é 2 of responsibilitybheith de chúram ar dhuine it's up to each person to sign it tá de chúram ar gach duine é a shíniú it's not up to me to lock up ní de mo chúramsa an áit a ghlasáil up to 1 (also up until) deadlinego dtí cmusuas go dtí any time up until 5 p.m. aon am suas go dtí 5 p.m. 2 maximum time, amount, etcsuas lesuas go dtí it takes up to three days tógann sé suas le trí lá 3 standard the food was up to its usual standard bhí an bia chomh maith agus is dual dó the exhibition was well up to expectations bhí an taispeántas lán chomh maith is a cheapamar a bheadh the city doesn't come up to expectations ní cathair mar a tuairisc í 4 doing sth what are you up to these days? céard atá ar siúl agat faoi láthair?, cad atá ar bun agat faoi láthair?, cad atá idir lámha agat na laethanta seo? 5 doing sth bad, wrong what are you up to? céard atá ar siúl agat?, cad é atá tú a dhéanamh?, cén diabhlaíocht atá ort anois? they're up to no good tá drochfhuadar fúthu, tá diabhlaíocht éigin ar siúl acu, ní maith atá ina gceann 6 able to do sth he's not up to walking níl sé in ann siúl, níl sé ábalta siúl, ní féidir leis siúl if she's up to the task má tá sí in ann ag an gcúram, má tá sí ábalta ag an gcúram he's not up to returning to work níl sé i riocht filleadh ar a chuid oibre not up to much informalneamhfhoirmeálta the weather is not up to much níl an aimsir ró-iontach, níl cuma rómhaith ar an aimsir, níl mórán caoi ar an aimsir up to your ears in sth (also up to your eyes in sth; up to your neck in sth) informalneamhfhoirmeáltabheith go muineál i rudbheith go dtí an dá chluas le rudbheith báite i rud she was up to her ears in debt bhí sí báite i bhfiacha I'm up to my eyes in work at the moment táim go dtí mo mhuineál le mo chuid oibre faoi láthair, táim báite le hobair faoi láthair up yours! offensivemaslach, vulgargáirsiúil cuir méar i do pholl! vulgargáirsiúiltéigh i dtigh an diabhail! vulgargáirsiúilbíodh an diabhal agat! vulgargáirsiúilgo gcaca an diabhal ort! vulgargáirsiúil what's up? 1 what's the matter?céard atá ort?cad atá cearr?cad é atá contráilte?cad é atá ag cur as duit? 2 (USSAM) as greetingcén chaoi a bhfuil cúrsaí?aon scéal?cad é atá ag dul?
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...