fir1: Cluiche ina n-úsáideann tú maidí chun liathróid bheag chrua a bhualadh isteach i bpoll atá suite ar fhaiche bheag a bhíonn cúpla céad méadar ón áit a dtosaíonn tú. Bíonn scata poll, 9 gcinn nó 18 cinn leata thar limistéar mór de thalamh féarmhar a mbíonn corrdhumhach ghainimh ann mar bhacainn le sárú ag na himreoirí agus iad ag dul i dtreo an spriocphoill. Aidhm an chluiche ná an liathróid a chur sa pholl lena laghad buillí agus is féidir.