right
adjective
1 adjective answer, method, etcceart adj1 that number isn't right níl an uimhir sin ceart, tá an uimhir sin mícheartthat's right is fíor sin, sin éthat's right, I was there is fíor sin, bhí mé féin ann'You mean you told them?' 'That's right.' 'An bhfuil tú ag rá liom gur inis tú dóibh é?' 'D'inis.''Do I press this button?' 'That's right.' 'An mbrúfaidh mé an cnaipe seo?' 'Brúigh.'I can't get this tune right níl an fonn seo mar is ceart agam go fóill, tá ag teip orm an fonn seo a thabhairt liom i gceartthat's the right answer sin é an freagra ceartdo it the right way, please! déan mar is ceart é, le do thoil! 2 adjective person: correct in opinionceart adj1 he thought it was broken and he was right shíl sé go raibh sé briste agus bhí an ceart aigeyou were right about her bhí an ceart agat fúithi sinyou're absolutely right (also you're dead right informal) tá an ceart ar fad agatShow full entry
3 adjective action, decision, etc: morally correctceart adj1 it's not right for a teacher to insult the pupils níor chóir do mhúinteoir na daltaí a mhaslúis it right to keep animals in a zoo? an ceart ainmhithe a choinneáil i zú?, an bhfuil sé ceart nó cóir ainmhithe a choimeád i zú?I hope I've made the right decision tá súil agam go bhfuil an cinneadh ceart déanta agam 4 adjective person: morally correctceart adj1 cóir adj you were right to do it bhí an ceart agat é a dhéanamh, rinne tú an ceart 5 adjective in correct position, location, etcceart adj1 we were going in the right direction bhíomar ag dul sa treo ceart, bhíomar ag dul an bealach ceartput on your jumper the right way round cuir ort do gheansaí mar is ceart, cuir do gheansaí ort an taobh ceart aniarstand the box the right way up cuir an bosca ina sheasamh i gceart 6 adjective as sth should beceart adj1 he knew something wasn't right with the music bhí a fhios aige go raibh rud éigin mícheart leis an gceol, bhí a fhios aige go raibh rud éigin cearr leis an gceolthe brakes don't feel right braithim go bhfuil rud éigin cearr leis na coscáin, níl na coscáin i gceartI don't feel right talking about her behind her back ní maith liom a bheith ag cúlchaint fúithi, ní dóigh liom go bhfuil sé ceart a bheith ag cúlchaint fúithilet me see if it looks right fan go bhfeice mé an bhfuil cuma cheart air, fan go bhfeice mé an bhféachann sé i gceartthat dress looks right on her tá an gúna sin ag teacht léi, feileann an gúna sin dithose trousers don't look right at all níl cuma ná déanamh ar an mbríste sin, níl cuma ná caoi ar an mbríste sinthat relationship didn't seem right bhí rud éigin ait faoin gcaidreamh sinhe wanted the song to sound just right bhí sé ag iarraidh go mbeadh an t-amhrán díreach i gceartthat price sounds about right déarfainn go bhfuil an praghas sin gar don mharc, déarfainn go bhfuil an praghas sin gar go leor dó 7 adjective suitable for particular situation, job, etcmar is ceart cuí adj3 her behaviour was right and proper d'iompair sí í féin mar ba chuíhe thinks he'd be right for the part ceapann sé gurb é féin ab fhearr don pháirt, síleann sé gurb é féin an duine ceart don pháirtyou don't have the right attitude níl an dearcadh ceart agat 8 adjective fashionable, influential etche knows all the right people tá aithne aige ar na boic mhóra uilig, tá sé istigh leis na bodaigh mhóra uiligyou can see them in all the right places bíonn siad le feiceáil ag na mórócáidí uilig 9 adjective well, healthyi gceart I don't feel right ní mhothaím i gceart, níl mé ar fónamhshe's not right in the head níl sí i gceart, tá sí as a meabhair, tá sí bailithe sa chloigeann, tá sí ar shiúl sa chloigeann 10 informal adjective used for emphasisceart adj1 amach is amach this play is a right laugh tá an-chraic sa dráma seoit's a right old mess praiseach cheart atá annthe garden was in a right state bhí drochbhail cheart ar an ngairdín, bhí drochbhail amach is amach ar an ngairdín 11 adjective ANAT, MED of body partdeas adj she scored with her right foot scóráil sí lena cos dheas, scóráil sí lena deasógmy right hand mo lámh dheas, mo dheasóghe broke his right leg bhris sé a chos dheashis right shoe a bhróg dheasthe right side of your mouth an taobh deas de do bhéal 12 adjective AUTO, COMP of position, turning, etcdeas adj ar dheis on the right bank of the river ar bhruach deas na habhannin the top right corner sa chúinne ag barr ar dheisstay in the right lane fan sa lána ar dheis, fan sa lána deasthe right margin an t-imeall deas, an t-imeall ar dheistake the first right turn tóg an chéad chasadh ar dheis, glac an chéad tiontú ar dheis 13 adjective POL right-wingar an eite dheas (de chuid) na heite deise 14 adjective usually BOX, SPOR with right handdeasóige gs as adj he hit him with a right jab bhuail sé le sacadh deasóige é
adverb
15 adverb correctlymar is ceart i gceart my name isn't spelt right níl m'ainm litrithe mar is ceart, níl m'ainm litrithe i gceartyou guessed right tá an ceart agat 16 adverb as sth should or would normally bei gceart ceart nothing is going right for me today níl dada ag dul i gceart dom inniudoes that shoe fit right? an bhfuil an bhróg sin ceart agat?, an bhfóireann an bhróg sin i gceart duit?make sure the shoulders sit right bí cinnte go luíonn na guaillí i gceartthis dress doesn't fit me right since I lost weight níl an gúna seo i gceart orm ó chaill mé meáchan 17 adverb in direction opposite to leftar dheis she looked right d'fhéach sí ar dheisturn right at the lights cas ar dheis ag na soilse 18 adverb exactly in locationdíreach go díreach he lives right beside me tá sé ina chónaí díreach in aice liomthey found it right in front of them fuair siad é díreach os a gcomhair amachI was right in the middle of it bhí mé díreach istigh ina lár, bhí mé istigh ina cheartlár 19 adverb immediatelydíreach she came here right after work tháinig sí anseo díreach tar éis na hoibreshe got injured right before the match started gortaíodh í go díreach sular thosaigh an cluicheright now anois díreachshe'll be right with you beidh sí leat anois díreach, beidh sí leat i gceann bomaitewe knew right from the start bhí a fhios againn ón tús, bhí a fhios againn ar an bpointe 20 adverb all the wayI could feel it right down to my toes mhothaigh mé é síos díreach go dtí mo chuid lúidíní, bhí mé ábalta é a mhothú síos chomh fada le mo chuid ladhrachahe ate it right out of my hand d'ith sé díreach amach as mo lámh éthe noise lasted right through the day mhair an trup an lá ar fad, bhí an torann ar siúl ó thús deireadh an lae, chuaigh an torann ar aghaidh ar feadh an laethe plant grew right up to the ceiling d'fhás an planda suas chomh fada leis an tsíleáil, d'fhás an planda suas a fhad leis an tsíleáil 21 adverb completelyit went right out of my mind rinne mé dearmad glan airwe're right out of sugar níl gráinne siúcra fágtha againn, tá an siúcra rite orainn, táimid rite as siúcranoun
22 noun moral correctnessceart masc1 the difference between right and wrong an difear idir ceart agus mícheartto be in the right an ceart a bheith agatto have right on your side an ceart a bheith agathe had to admit she was in the right b'éigean dó a admháil go raibh an ceart aici 23 noun side, direction, etc: opposite to leftit's the first right after the traffic lights is é an chéad chasadh ar dheis é tar éis na soilse tráchta, is é an chéad tiontú ar dheis é i ndiaidh na soilse tráchtatake a right at the school gabh ar dheis ag an scoil, téigh ar dheis ag an scoil, cas ar dheis ag an scoiltake the second right tóg an dara casadh ar dheis, glac an dara tiontú ar dheisfrom the right ó thaobh na láimhe deise, ón taobh deason the right ar dheis, ar an taobh deas, ar thaobh na láimhe deisethe pub is on the right tá an teach tábhairne ar thaobh na láimhe deisethe room on the right is empty tá an seomra ar dheis folamhto drive on the right tiomáint ar an taobh deason the right of sth ar an taobh deas de rud, ar thaobh na láimhe deise de rudit's on your right tá sé ar do dheis, tá sé ar thaobh do láimhe deiseto the right there's a hotel ar dheis tá óstán, ar thaobh na láimhe deise tá óstán 24 noun hit with right handdeasóg fem2 he hit him a right to the head bhuail sé deasóg sa cheann air 25 noun SPOR hand or foottaobh deasshe strikes on the right buaileann sí ar an taobh deaskeep him on his right coinnigh ar a thaobh deas é 26 noun moral or legal entitlementceart masc1 men and women have equal rights tá na cearta céanna ag fir agus mná, tá comhchearta ag fir agus mnáshe has right of access tá ceart rochtana aiciyou have the right to do it tá sé de cheart agat é a dhéanamhthe house is now theirs by right is leo an teach anois ó cheartthey were well within their rights to complain bhí láncheart acu gearán a dhéanamhverb
27 verb return to upright position TRANSITIVEceartaigh verb she was able to right the dinghy bhí sí in ann an báidín a cheartú 28 verb make situation right again TRANSITIVEcuir ina cheart to right a wrong an éagóir a chur ina ceartinterjection
29 interjection getting attentionceart go leor maith go leor anois That's enough! Right? Is leor sin! Ceart go leor?Right. Listen here to me. Anois. Éistigí liomsa. 30 interjection moving onto new topic/ideaceart go leor maith go leor anois Right. The next item. Ceart go leor. An chéad mhír eile. 31 interjection asking for confirmationnach bhfuil sé sin ceart?nach fíor sin?A metre is about a yard. Right? Is ionann méadar agus slat nó mar sin. Nach fíor sin? 32 interjection giving confirmation'You're leaving tomorrow?' 'Right.' 'Beidh tú ag imeacht amárach?' 'Beidh.''You're Nóra aren't you?' 'Right.' 'Is tusa Nóra, nach tú?' 'Is mé.''You want milk?' 'Right.' 'Bainne atá uait?' 'Is ea.' 33 interjection agreeing with suggestion, requestceart go leor maith go leor go breá right you are ceart go leor, maith go leor, go breá'We'll all have breakfast before we go.' 'Right, ok.' 'Beidh an bricfeasta againn go léir sula n-imeoimid.' 'Maith go leor, go breá.' 34 interjection expressing disagreement/disbeliefar ndóigh cinnte 'And you'll pay me back.' 'Yeah right!' 'Agus íocfaidh tú ar ais mé.' 'Íocfaidh muise!'; 'Agus íocfaidh tú ar ais mé.' 'Ar ndóigh!' 35 interjection checking sb is listening or understandsceart go leor?Do it like this. Right? Déan mar seo é. Ceart go leor? 36 interjection showing that you understandceart go leor tá go maithmaith go leor 'Take two of these every morning.' 'Right!' 'Tóg beirt acu seo gach maidin.' 'Ceart go leor!'; 'Tóg péire díobh seo gach maidin.' 'Tá go maith!'