near
preposition
1 preposition in or into position close toin aice le in aice gar do cóngarach do taobh le it's near the lake tá sé in aice leis an loch, tá sé in aice an locha, tá sé gar don lochI was born near here rugadh gar don áit seo mé, rugadh cóngarach don áit seo méI was near the top of the class ní raibh mé rófhada ó bharr an rangahe stood near me sheas sé in aice liom, sheas sé i ngar dom, sheas sé cóngarach domit was nowhere near the house ní raibh sé i ngar ná i ngaobhar don teach, ní raibh sé in aon ghiorracht don teachit landed nowhere near the road níor thit sé faoi scread asail den bhóthar, níor thit sé i bhfoisceacht scread asail den bhótharI saw it when I came near the car chonaic mé é nuair a tháinig mé i ngiorracht don charrit's dangerous to go near it tá sé dainséarach dul in aice leisthe cat won't go near him ní rachaidh an cat in aice leis, ní rachaidh an cat dá chóir, ní rachaidh an cat ina ghaobhardon't go near the machinery fan glan ar an innealra, ná téigh i ndeas don innealra, fan amach ón innealrathey got fairly near to the fire d'éirigh leo dul réasúnta gar don tineit's nearer to the town tá sé níos gaire don bhaile 2 preposition almostbeagnach chóir a bheith nach mór it's near completion tá sé chóir a bheith réidh, tá sé geall le bheith críochnaithepeople are near starvation tá daoine ag fáil bháis leis an ocras, tá daoine ar tí bás a fháil leis an ocrashe's nowhere near ready níl sé réidh, ná baol airShow full entry
3 preposition similar toit's near what I want níl sé rófhada ón rud a theastaíonn uaimshe's a near certainty to win tá sé geall le bheith cinnte go mbuafaidh síthat's nowhere near the truth níl sé sin in aon ghiorracht don fhírinne 4 preposition close to in timenach mór chóir a bheith beagnach ag druidim le ag tarraingt ar it was near ten when I left bhí sé beagnach a deich nuair a d'fhág mé, bhí sé ag tarraingt ar a deich nuair a d'imigh méhe was near retirement age bhí sé ag tarraingt ar aois an phinsinit's near Christmas tá an Nollaig ag druidim linnshe was near death bhí sí i mbéal an bháisit's nowhere near bedtime níl sé in am luí, ná baol air 5 preposition close to in number, size, etcthart ar tuairim is timpeall ar timpeall gar do the boat is near fifteen metres long tá an bád gar do chúig mhéadar déag ar fad, tá an bád tuairim is cúig mhéadar déag ar fadit would cost near a fortnight's pay chosnódh sé pá coicíse, beagnachhe's near sixty tá sé ag tarraingt ar sheasca, níl sé i bhfad ó na trí scórit's nowhere near the reduction we want níl sé in aon ghiorracht don laghdú atá uainnto the nearest cm go dtí an cm is gaire, go dtí an cm is cóngaraíit was measured to the nearest centimetre tomhaiseadh go dtí an ceintiméadar is gaire é
adverb
6 adverb in close positionin aice láimhe cóngarach buailte le the station was quite near bhí an stáisiún cóngarach go maith dúinnBallymore was near bhí an Baile Mór in aice láimhehe never did it when Dad was near ní dhearna sé riamh é agus Daidí ar na gaobhairit was the island nearest to us ba é an t-oileán ba ghaire dúinn éit's nearer to me than to you tá sé níos gaire domsa ná duitse, is cóngaraí domsa ná duitse éit was near enough to the shop bhí sé gar go leor don siopais there a bank near to hand? an bhfuil banc in aice láimhe?the nearer I got the slower I got dá ghaire a tháinig mé is amhlaidh ba mhoille a d'éirigh mé, mar is gaire a tháinig mé is ea ba mhoille a bhí méI wasn't near enough to hear it ní raibh mé sách gar le hé a chloisteáil, ní raibh mé cóngarach go leor lena chluinstin 7 adverb into close positiongar cóngarach gairid when they came nearer nuair a tháinig siad níos gaireI moved in near enough to listen bhog mé isteach gar go leor le héisteacht 8 adverb almostbeagnach nach mór chóir a bheith I'm near finished táim beagnach críochnaithe, tá mé chóir a bheith réidhhe was near crazy with fear bhí sé beagnach as a mheabhair le heagla, bhí sé i mbarr a chéille leis an eaglathere was near total silence in the town bhí ciúnas iomlán sa bhaile, geall leisit was the nearest I ever came to leaving sin an uair ba mhó riamh a bhí mé réidh le himeachtI was near to tears bhí mé beagnach ag caoineadh, ba bheag nár tháinig na deora liomit was near falling down bhí sé ar tí titim, bhí sé i riocht titimit's nowhere near as bad as mine níl sé aon phioc chomh dona le mo cheannsa, níl sé baol ar chomh dona le mo le mo cheannsait's not anywhere near as good as the first one níl sé baol ar chomh maith leis an gcéad cheannit was damn near impossible bhí sé beagnach dodhéanta, bhí sé chóir a bheith dodhéanta 9 adverb similar toit's as near to sugar as I'm allowed is é an rud is gaire do shiúcra é atá ceadaithe domit's as near to perfect as I've ever seen tá sé beagnach chomh foirfe lena bhfaca mé riamh, tá sé chomh gar do bheith foirfe lena bhfaca mé riamh 10 adverb close in timethe end of the summer is near táimid ag teannadh le deireadh an tsamhraidh, ní fada uainn deireadh an tsamhraidhit was near to closing time bhí sé ag teannadh le ham dúntaI'll tell you nearer to the time déarfaidh mé leat níos gaire don ammy birthday drew near bhí mo lá breithe beagnach buailte linn 11 adverb close in number, size, etcgar cóngarach gairid they're very near in age tá siad an-ghar in aoisI'm nearer to 30 than to 40 táim níos gaire do 30 ná do 40, tá mé níos deise do 30 ná do 40it's nowhere near enough ní leor é, ná baol airverb
12 verb move closer to TRANSITIVEteann le PhrV tar in aice letar i ngar dotarraing ar PhrV druid le PhrV when the boat neared the pier nuair a theann an bád leis an gcé, nuair a tháinig an bád in aice leis an gcéas I neared my destination agus mé ag tarraingt ar mo cheann scríbeas we neared the station agus sinn ag teacht i ngar don stáisiún, agus muid ag druidim leis an stáisiún
INTRANSITIVEhe jumped as the wave neared léim sé agus an tonn ag druidim leis, léim sé agus an tonn ag tarraingt airshe saw his face as he neared chonaic sí a aghaidh agus é ag teannadh léi, chonaic sí a aghaidh agus é ag teacht i ngar di
13 verb approach state, event TRANSITIVEtarraing ar PhrV bheith gar dotar go he was nearing the end of his contract bhí a chonradh ag teacht chun deiridh, bhí sé ag tarraingt ar dheireadh a chonarthait's nearing completion tá sé beagnach críochnaithe, tá sé chóir a bheith réidh, tá sé i mbéal a chríochnaitheshe's nearing retirement tá sí beagnach in aois scoir, tá sí ag tarraingt ar aois scoirthey're nearing exhaustion tá siad nach mór spíontahe's nearing death tá an bás ag teannadh leis, tá sé ag saothrú an bháisshe's nearing full health again tá sí ar ais i mbarr a sláinte arís geall leis, tá sí ar ais ar a seanléim arís nach mór
INTRANSITIVEI was nervous as my deadline neared bhí mé neirbhíseach agus mo sprioc ag teannadh liomhe changed his mind as the vote neared d'athraigh sé a intinn de réir mar a bhí am vótála ag druidim leis
14 verb come close to in quantity, size etc TRANSITIVEthe prize is nearing €250,000 tá an duais ag tarraingt ar €250,000most of them are nearing six feet tá a bhformhór ag teannadh le sé troithe, tá an chuid is mó acu timpeall sé troithethe death toll neared 100 maraíodh suas le céad duineadjective
15 adjective closest in positionis cóngaraí is gaire he was at the near window bhí sé ag an bhfuinneog ba ghaire, bhí sé ag an bhfuinneog ba chóngaraíthey're on the near side of the river tá siad ar an taobh seo den abhainn, tá siad ar an taobh is gaire den abhainn 16 adjective closest to beingshe's the nearest thing to a friend I have má tá aon chara agam is ise í 17 adjective closely relatedshe's a near relation of mine is gaol gairid dom íthey lost to their near neighbours chaill siad in aghaidh na gcomharsan is gaire dóibh