might
modal verb
1 modal verb expressing possibilitydo you think you might have a problem? an dóigh leat go mb'fhéidir go bhfuil fadhb agat?they might have thought I was sick b'fhéidir gur cheap siad go raibh mé tinn, thiocfadh dó gur cheap siad go raibh mé tinn, d'fhéadfadh sé gur cheap siad go raibh mé tinnwho knows, it might be interesting cé aige a bhfuil a fhios, b'fhéidir go mbeadh sé spéisiúil; ní fios, thiocfadh leis a bheith spéisiúil'Would you tell me something?' 'I might.' 'An inseoidh tú rud éigin dom?' 'B'fhéidir é.'; 'An inseoidh tú rud éigin dom?' 'Ní fheadraís.'; 'An ndéarfaidh tú seo liom?' 'B'fhéidir go ndéarfainn.'I believe you might be able to help this man is dóigh go mbeifeá in ann cuidiú leis an bhfear seo, déarfainn go bhféadfá cuidiú leis an bhfear seo 2 modal verb expressing past possibilityI was thinking of what might have been bhí mé ag cuimhneamh ar an saol a d'fhéadfadh a bheith agam, bhí mé ag cuimhneamh ar na brionglóidí nár fíoraíodhhe might have been killed d'fhéadfadh sé a bheith maraithe, bhí an t-ádh air nár maraíodh éShow full entry
3 modal verb expressing irritation, annoyanceféad verb you might have given the old lady your seat is iomaí do leithéid a thabharfadh a shuíochán don tseanbhean, d'fhéadfá an suíochán a thabhairt don tseanbheanyou might at least try showing some sympathy d'fhéadfá roinnt trua a léiriú ar a laghad, ba é an rud ba lú duit roinnt trua a thaispeáint, ba mhaith an mhaise duit trua éigin a thaispeáintyou might at least have phoned to say you were on your way! d'fhéad tú scairteadh lena rá go raibh tú ar an mbealach, cén fáth nár ghlaoigh tú ar a laghad lena rá go raibh tú ar an mbealach, nach bhféadfá glaoch agus a rá go raibh tú ar do shlí 4 modal verb asking polite questionhow might my work change? conas a d'fhéadfadh mo chuid oibre athrú?, cén t-athrú a d'fhéadfadh a theacht ar mo chuid oibre?how might you teach this to a class? cad é mar a mhúinfeá é seo do rang? 5 modal verb expressing polite suggestionit might be a good idea to read the instructions b'fhéidir gur mhaith an rud na treoracha a léamh, nár chríonna an mhaise na treoracha a léamhI thought we might have a chat about things b'fhéidir gur cheart dúinn rudaí a phlé, shíl mé gur chóir dúinn rudaí a phlémight I suggest you get some rest? b'fhéidir nár mhiste duit scíth a ligean?; más ceadmhach dom é a rá, nár cheart duit scíth a ligean? 6 modal verb expressing polite requestmight I make a suggestion? an bhféadfainn moladh a dhéanamh?, an dtig liom moladh a dhéanamh?might I ask what you'd like to discuss? an dtig liom fiafraí cad é ba mhaith leat a phlé?, an miste dom ceist a chur cad é ba mhian leat a phlé? 7 modal verb granting permissionI thanked her and told her she might go ghabh mé buíochas léi agus dúirt mé léi go bhféadfadh sí imeacht, ghabh mé buíochas léi agus dúirt mé léi go dtiocfadh léi imeacht 8 modal verb pejorative in question, disapprovinglywhere might that be? cá mbeadh sé sin?, cá háit faoi Dhia a bhfuil sé sin?and who might you be? agus cé atá anois agam?; cé thú féin, meas tú?; cé faoi Dhia thusa?and what might I ask are you doing here? agus mura miste leat mé á fhiafraí, céard atá tusa a dhéanamh anseo?what might he be saying? meas tú céard atá sé a rá?, cad é faoi Dhia atá sé a rá? 9 modal verb expressing purpose, intentionhe came in early so that he might prepare for the meeting tháinig sé isteach luath sa chaoi go bhféadfadh sé ullmhú don chruinniú, tháinig sé isteach luath ionas go bhféadfadh sé ullmhú don chruinniú, tháinig sé isteach luath chun go bhféadfadh sé ullmhú don chruinniú 10 modal verb for 'may' in reported speechhe said he might come back dúirt sé go mb'fhéidir go dtiocfadh sé ar aisI asked if I might see the documents d'fhiafraigh mé an bhféadfainn na cáipéisí a fheiceáil 11 modal verb concedingit might be August but it doesn't feel like summer má tá sé ina Lúnasa féin níl cosúlacht an tsamhraidh air, b'fhéidir go bhfuil mí Lúnasa ann ach níl aon samhradh againnI'm not jealous whatever you might think níl éad orm pé rud a cheapann túI can't forget that incident however I might want to ní féidir liom dearmad a dhéanamh ar an eachtra sin dá mhéad fonn a bheadh ormtry as I might I couldn't break the window is cuma céard a dhéanfainn ní raibh mé ábalta an fhuinneog a bhriseadh, dá gcuirfinn mo thóin amach ní fhéadfainn an fhuinneog a bhriseadh 12 modal verb expressing opinion, hypothesisféad verb it might be argued that it's not feasible d'fhéadfaí a mhaíomh nach bhfuil sé indéantayou might assume that roads today are safer cheapfá go mbeadh bóithre an lae inniu níos sábháilteI might add that you're not welcome here ní miste dom a rá nach bhfuil aon fháilte romhat anseoas you might expect alcohol features in lots of accidents mar a bheifeá ag súil leis bíonn baint ag alcól le go leor timpistí, ní nach ionadh bíonn baint ag alcól lena lán taismí
noun
13 noun physical strengthneart masc1 brí fem4 láidreacht fem3 he exerted all his might to lift the weight thriail sé an meáchan a chrochadh chomh maith in Éirinn agus a d'fhéad sé, thriail sé an meáchan a ardú le hiomlán a nirt, thriail sé ar theann a dhíchill an meáchan a chrochadh 14 noun powerneart masc1 cumhacht fem3 economic might neart eacnamaíochta