Similar words :
less is a grammatical form of: little

less

determinercinntitheach 1 smaller amount ofníos lú cmuis lú cmu it's of less importance is lú an tábhacht atá leis they worked harder for less money d'oibrigh siad níos crua ar níos lú airgid it contains much less salt tá i bhfad níos lú salainn ann the less homework, the less stress dá laghad obair bhaile is ea is lú strus, mar is lú obair bhaile mar is lú strus the more the volunteers do, the less work the rest of us will have to do dá mhéad a dhéanfaidh na hoibrithe deonacha is ea is lú obair a bheidh le déanamh ag an gcuid eile againn, mar is mó a dhéanfaidh na hoibrithe deonacha mar is lú obair a bheidh le déanamh ag an gcuid eile againn pronounforainm 2 smaller amount► (smaller amount) it presents less of a hazard is lú contúirt atá ag baint leis, níl an oiread céanna contúirte ag baint leis the less said about it the better dá laghad a deirtear faoi is ea is fearr é less than half níos lú ná a leath he got it for less than that fuair sé é ar níos lú ná sin she has less to pay tá níos lú le díol aici, is lú atá le híoc aici not that she loves him any the less ní hé go bhfuil níos lú grá aici dó, ní hé gur lú a grá air anything less rud ar bith níos lú ná sin, dada níos lú ná sin, a dhath níos lú ná sin the right price, no more and no less an praghas ceart, gan cur chuige ná uaidh it's a question of time, no more no less ceist ama atá ann, sin an méid; ceist ama atá ann, sin a bhfuil de► (with statistics, numbers) there were less than ten left bhí níos lú ná deich gcinn fágtha, bhí faoi bhun deich gcinn fágtha, ní raibh na deich gcinn féin fágtha it cost less than fifty euro chosain sé níos lú ná caoga euro, chosain sé faoi bhun caoga euro less than forty people bought a ticket cheannaigh níos lú ná daichead duine ticéad, níor cheannaigh daichead duine féin ticéad► (in rebukes) less of your sarcasm! éirigh as do chuid searbhais!, is leor sin den searbhas! adverbdobhriathar 3 to lesser extent it's less expensive tá níos lú costais ag baint leis, níl sé chomh costasach céanna, níl an costas céanna air this is less urgent is lú an phráinn atá leis seo, níl sé seo chomh práinneach céanna sport is no less important tá a oiread céanna tábhachta leis an spórt, tá an spórt lán chomh tábhachtach leis they were less than helpful ní raibh siad cabhrach ná baol air; ní raibh siad cabhrach, beag ná mór; níor chuidigh siad, beag ná mór are you willing to drive less? an bhfuil tú sásta níos lú tiomána a dhéanamh? it's becoming less and less important tá níos lú agus níos lú tábhachta ag baint leis, tá an tábhacht atá leis ag laghdú de réir a chéile it happens less frequently ní tharlaíonn sé chomh minic céanna, is annaimhe a tharlaíonn sé they suffer far less from diseases is lú i bhfad an méid galar a bhíonn orthu it's less a house than a castle is cosúla le caisleán é ná le teach, is mó de chaisleán é ná de theach he was less angry than sad is lú fearg a bhí air ná brón, brón a bhí air seachas fearg it wasn't any less difficult ní raibh sé dada níos éasca, ní raibh sé a dhath níos fusa, ní raibh sé puinn níos fusa it'll increase by no less than 10% tiocfaidh ardú nach lú ná 10% air I like it no less than they do taitníonn sé liomsa chomh mór agus a thaitníonn sé leosan less and less níos lú agus níos lú prepositionréamhfhocal 4 minuslúide cmu he earns €40,000 a year less tax saothraíonn sé €40,000 sa bhliain lúide cáin SubformsSainfhoirmeacha → -less PhrasesNathanna anything less than rud ar bith níos lú nádada níos lú náa dhath níos lú ná he won't be happy with anything less than a goal ní bheidh sé sásta mura bhfaighidh sé cúl, ní shásóidh rud ar bith ach cúl é she didn't say they were anything less than excellent ní dúirt sí nach raibh siad thar barr much less (also still less) he can't talk, much less write níl sé ábalta labhairt, gan trácht ar scríobh; níl sé in ann labhairt, ní áirím scríobh no less 1 to express surprise the minister, no less, attended bhí an t-aire é féin i láthair, mura miste leat; cé a bhí i láthair ach an t-aire féin 2 equally, for emphasis he was no less a hero because of it níor lú de laoch é dá bharr no less a ... than no less a person than the President praised it mhol an tUachtarán féin é nothing less than 1 absolutely the holiday was nothing less than perfect ní raibh locht ar bith ar an tsaoire, bhí an tsaoire ar fheabhas Éireann agus níos fearr 2 only they accept nothing less than the highest standard ní ghlacann siad ach leis an gcaighdeán is airde ar fad 3 outright the findings are nothing less than a lie níl sna torthaí ach bréag, is bréag amach agus amach iad na torthaí to think less of sb (also to think the less of sb) he'd think less of you bheadh níos lú measa aige ort, is lú meas a bheadh aige ort to think no less of sb (also to think any the less of sb) I think no less of him ní lú mo mheas air, ní lú an meas atá agam air I hope you won't think any less of me tá súil agam nach lú do mheas orm
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...