Similar words: diff · fief · fife · gift · iffy · life · lift · rife · riff · rift
  • EN > GA
  • GA > EN

if

conjunction
phrases
1 conjunction talking about sth that might happen
► (in the affirmative)
  c m uif it's too late má tá sé ródhéanachif it's a problem más fadhb éif he calls má ghlaonn séif you change your mind má athraíonn tú d'intinn, más rud é go n-athraíonn tú d'intinn, sa chás go n-athraíonn tú d'intinnif you want (also if you like) más mian leat, más maith leat, má theastaíonn uait, má tá tú ag iarraidhif so más ea, más mar sin atá, más mar sin é, más amhlaidh atáif necessary más gá, má theastaíonn séif possible más féidirit's too early to say if and when work will begin tá sé róluath a rá cén uair a thosóidh an obair nó an dtosóidh sí ar chor ar bith
► (in the negative)
mura  c m uif it isn't too late mura bhfuil sé ródhéanachif it isn't a problem mura fadhb éif he doesn't call mura nglaonn séCall in if you can. If not, ring me. Buail isteach más féidir leat. Mura féidir, glaoigh orm.
2 conjunction providing
► (in the affirmative)
  c m umás rud é goyou can go there if you get the points féadfaidh tú dul ann má fhaigheann tú na pointíyou can go only if you're 18 or over ní féidir leat dul ann ach amháin má tá tú 18 nó os a chionnthey take it back if, and only if, you have the receipt ní thógfaidh siad ar ais é ach amháin má tá an admháil agat
► (in the negative)
mura  c m uyou'll be fine if you don't do anything silly beidh tú i gceart mura ndéanann tú aon rud amaideachyou can stay here if you don't touch anything féadfaidh tú fanacht anseo mura mbaineann tú d'aon rud
Show full entry 
3 conjunction talking about unlikely possibility
► (in the affirmative)
  c m udá mba rud é goeven if ... fiú dá ...what would you do if there were an accident? cad a dhéanfá dá dtarlódh timpiste?I wouldn't go there even if you paid me ní rachainn ann fiú dá n-íocfá mé, ní rachainn ann dá n-íocfá féin mé
► (in the negative)
mura  c m uwhat would you do if you couldn't go back? cad é a dhéanfá mura dtiocfadh leat dul ar ais?
4 conjunction saying what would have happened
► (in the affirmative)
  c m udá mba rud é goif he'd known at the time, he would have waited dá mbeadh a fhios aige san am, d'fhanfadh sé; dá mba rud é go raibh a fhios aige ag an am, d'fhanfadh séif you'd told me, I would have kept it for you dá ndéarfá liom, choinneoinn duit é; dá mba rud é go ndúirt tú liom, choimeádfainn duit é
► (in the negative)
mura  c m uwhat would you have done if you hadn't had the money? cad é a dhéanfá mura mbeadh an t-airgead agat?
5 conjunction when, wheneverI get really tired if I stay up late éirím an-tuirseach nuair a fhanaim i mo shuí go mall, tagann an-tuirse orm má théim a chodladh déanachif you break the law, you pay the penalty nuair a bhriseann tú an dlí, íocann tú as; má bhriseann tú an dlí, íocann tú asit's better if they don't know bíonn sé níos fearr nuair nach mbíonn a fhios acu, bíonn sé níos fearr mura mbíonn a fhios acu 6 conjunction whetherI don't know if she's in yet níl a fhios agam an bhfuil sí istigh fósthey haven't heard if the meeting is tomorrow or Monday níor chuala siad an amárach nó Dé Luain a bheidh an cruinniú ann, níor chuala siad cé acu amárach nó Dé Luain a bheidh an cruinniú annI wonder if it can get any worse meas tú an bhféadfadh sé éirí níos measa, níl a fhios agam an dtiocfadh leis éirí níos measado you know if the meat is organic or not? an bhfuil a fhios agat an feoil orgánach í nó nach ea? 7 conjunction expressing feeling about sthit'd be great if you could come and help me bheadh sé iontach dá bhféadfá teacht agus cuidiú liom, bheadh sé iontach dá mba rud é go bhféadfá teacht agus cuidiú liomI'm sorry if I'm annoying you tá brón orm má táim ag cur isteach ort, tá brón orm más rud é go bhfuil mé ag cur isteach ort 8 conjunction in polite requestsladies and gentlemen, if you would please stand a dhaoine uaisle, mura miste libh seasamh; a dhaoine uaisle, ar mhiste libh seasamh?if you wouldn't mind mura miste leat, murar mhiste leat, dá bhféadfá, dá dtiocfadh leatif you wouldn't mind handing me that plate murar mhiste leat an pláta sin a shíneadh chugam, an bhféadfá an pláta sin a shíneadh chugam?if it's all right with you (also if you don't mind) mura miste leat, más cuma leat 9 conjunction but perhapsthe food is good, if a little expensive tá an bia go maith, má tá sé beagán daor féin; tá an bia go maith, cé go bhfuil sé beagán daor 10 conjunction qualifying what precedesrarely, if ever, do we get a dry week is annamh a bhíonn seachtain thirim againn, má bhíonn riamhfew people, if anyone at all, recognised her is beag duine, má bhí duine ar bith, a d'aithin í 11 conjunction expressing surprisewell if it isn't yourself! bhuel, tú féin atá ann!if he didn't try to make a fool of me ní chreidfeá ach gur thriail sé amadán a dhéanamh díom
phrases

if anything

más dada émá tá a dhath annthe prices are down, if anything más dada é, is amhlaidh atá na praghsanna níos ísle

if ever

that's a load of old rubbish if ever I heard it! sin seafóid má bhí a leithéid riamh ann!, sin seafóid má chuala mé riamh é!if ever there was one má bhí a leithéid riamh ann, chomh cinnte agus atá cros ar an asal, go cinnte glanan accident waiting to happen if ever there was sin timpiste a bhí réidh le tarlú go cinnte glan

if it weren't for

(also

were it not for

) murachmura mbeadhach gurb éach ab éI wouldn't be alive if it weren't for the seatbelt ní bheinn beo murach an crios sábhála, ní bheinn beo ach gurb é an crios sábhálaif it weren't for Seán she would have resigned murach Seán d'éireodh sí as, ach ab é Seán d'éireodh sí as

if I were you

dá mba mise tusadá mbeinnse i do chuid brógdá mbeinn i d'áitse

if not

chewing gum is difficult if not impossible to clean tá sé deacair, nó fiú dodhéanta, guma coganta a ghlanadh; tá sé deacair, mura bhfuil sé dodhéanta, guma coganta a ghlanadh; tá sé deacair, nó go deimhin féin dodhéanta, guma coganta a ghlanadh

if only ...

1 expressing strong desire, longingis mór an trua nach ...faraor nach ...nár mhéanar dá ...is mairg nach ...if only every day could be like this nach mór an trua nach bhféadfadh gach uile lá a bheith mar seo, faraor nach mbíonn gach lá mar seo, nár dheas dá mbeadh gach lá mar seo 2 even if for no other reason thanmura mbeadh ann achwalking is great if only to get out of the house tá an tsiúlóid go hiontach mura mbeadh ann ach imeacht as an teach, tá an tsiúlóid go hiontach fiú más ar mhaithe le himeacht as an teach féin é

ifs and buts

there's a lot of ifs and buts about this project tá go leor éiginnteachta faoin tionscadal seo

it's a big if

(also

that's a big if

) if, and it's a big if, we were to win dá mbuafaimis, agus níl ann ach dá; dá mbainfimis, agus is mór an dá é

what if?

cuir i gcás ...más rud é go ...abair go ...and what if he doesn't come here? agus mura dtagann sé anseo?, agus cuir i gcás nach dtagann sé anseo?, agus céard a tharlóidh mura dtagann sé anseo?what if she hadn't come yesterday? dá mba rud é nár tháinig sí inné?

Phrases and Examples in other entries