high
adjective
1 adjective tallard adj1 there was a high wall around the house bhí balla ard thart ar an teachit's too high tá sé ró-ardwhich one is the highest? cé acu ceann is airde?it's 50 m high tá sé 50 m ar airdehow high is that cliff? cé chomh hard agus atá an aill sin?, cén airde an aill sin? 2 adjective far above the groundard adj1 she kept it on a high shelf choimeád sí ar sheilf ard éShow full entry
3 adjective river etcard adj1 the water's high in the lake tá an t-uisce ard san abhainnthe river's high tá tuile san abhainn 4 adjective level, number, price, etcard adj1 an- pref the fee is too high tá an táille ró-ardthere is high demand for tickets tá an-tóir ar thicéid, tá ardráchairt ar thicéidat high speed ar ardluasa high mortality rate ráta báis ard 5 adjective in particular substancethis food is high in salt tá cuid mhór salainn sa bhia seo, tá a lán salainn sa bhia seoit's low in vitamins and high in fat tá sé ar bheagán vitimíní agus ar mhórán sailleit's too high in iron tá an iomarca iarainn ann, tá barraíocht iarainn ann 6 adjective value, ratingard- prefscoth- prefan- pref the standard of music was very high bhí ardchaighdeán ceoil ann, bhí scoth an cheoil annhe holds her in high esteem tá ardmheas aige uirthi, tá an-mheas aige uirthishe got the highest mark in her class fuair sí an marc is airde ina rang 7 adjective in order of importance, rankard adj1 he has a high position in the company tá post ard aige sa chomhlachtit was being discussed at the highest levels bhí sé á phlé ag na leibhéil is airdethis will be a high priority déanfar ardtosaíocht de seotourism is high on their agenda tá an turasóireacht go hard ar a gclár oibreshe was high up in management bhí sí sinsearach go maith i measc na mbainisteoirí 8 adjective elevateduasal adj mórga adj3 he was a man of high principles fear prionsabálta a bhí annthe poem took me to a higher plane d'ardaigh an dán seo mo chroí 9 adjective MUS in pitchard adj1 I can't sing the high notes níl mé in ann na nótaí arda a chanadh 10 adjective positive, happy, hopefulteam morale is high tá meanma na foirne ardwe had high hopes as we left bhíomar an-dóchasach agus muid ag imeachteveryone was in the highest of spirits bhí ardghiúmar ar chách, bhí gach duine ar bharr na gaoithe, bhí gealadhram ar gach aon duine 11 adjective at its most intenseard- prefmór- prefthe world of high politics domhan na hardpholaitíochtathere are moments of high tension bíonn ardteannas ann in amanna 12 adjective informal under effect of drugs, alcoholar na ribí bailithe adj3 as do mheabhair as do chiall he was high on cocaine bhí sé ar na ribí ag an gcócaonas high as a kite ar na ribí amach is amach 13 adjective informal very happy, excitedsceitimíneach adj1 gliondrach adj1 14 adjective FOOD strong-smellingthat cheese smells a little high tá boladh cineál láidir ar an gcáis sin
adverb
15 adverb in/into a high positiongo hard in airde the kite flew high d'eitil an eitleog go hardthe balloon rose high into the sky d'éirigh an balún in airde sa spéirthe ball went high over the bar chuaigh an liathróid go hard thar an trasnányou'll have to jump higher beidh ort léim níos airdeshe hung the picture up high chroch sí an pictiúr thuas go hard 16 adverb at/to high amount, levelgo hard turn the heat up high cuir an teas suas go hardturn the volume up higher ardaigh an fhuaim tuilleadh 17 adverb in/to important position, rankgo hard to rise high céim ard a bhaint amachovertime features high on their list of complaints tá ragobair go hard ar a liosta gearán 18 adverb MUS at a high pitchgo hard can you sing any higher? an féidir leat canadh níos airde?noun
19 noun highest levelbuaicleibhéal masc1 buaicphointe masc4 with a high of 30 degrees Celsius le buaicphointe 30 céim Celsiusunemployment is at an all-time high tá an dífhostaíocht ag an leibhéal is airde riamhinterest rates have reached a ten-year high tá na rátaí úis ag an bpointe is airde le deich mbliana 20 noun high setting'ard'the microwave was on high bhí an micreathonnán ar 'ard' 21 noun feeling of excitement, happinesssceitimíní npl we came out of the theatre on a high thángamar amach as an amharclann agus sceitimíní orainn, thángamar amach as an amharclann agus cluaisíní croí orainnwe have our highs and lows bímid thuas seal thíos seal 22 noun drug-inducedsiabhrán masc1 he's coming down from a high tá sé ag teacht as siabhránshe got a high from the drug chuir an druga ar na ribí í