Similar words :

hardly

adverbdobhriathar 1 almost not he was hardly visible is ar éigean a d'fhéadfaí é a fheiceáil, ní mó ná go bhféadfaí é a fheiceáil, ní raibh ann ach go raibh sé le feiceáil you hardly know me is ar éigean atá aithne agat orm they hardly ever get their jobs back is fíorannamh a fhaigheann siad a bpoist ar ais she hardly spoke at all ní móide gur labhair sí in aon chor, ní mó ná gur labhair sí ar chor ar bith he was hardly more than a boy ní raibh sé ina fhear ach ar éigean, ní raibh ann ach leathstócach, ní raibh ann ach seanghasúr 2 of sth difficultar éigean cmu I can hardly sit is ar éigean is féidir liom suí, ní mó ná go dtig liom suí, níl ann ach go bhfuil mé in ann suí I could hardly believe it is ar éigean a bhí mé in ann é a chreidiúint, ní móide go bhféadfainn é a chreidiúint, ba mhór an obair a bhí agam é a chreidiúint it could hardly have ended in a better way ní mó ná go dtiocfadh leis críochnú ar dhóigh níos fearr, ar éigean a d'fhéadfadh críoch níos fearr a bheith air the contrast could hardly have been clearer is ar éigean a d'fhéadfadh an chodarsnacht a bheith níos soiléire 3 of sth unjustifiable you can hardly blame her for that is ar éigean a d'fhéadfá í a lochtú faoi sin, is beag an locht uirthi é sin I could hardly ignore him ní móide go bhféadfainn neamhiontas a dhéanamh de, ar ndóigh ní fhéadfainn neamhaird a thabhairt air 4 of sth obvious it's hardly surprising they don't call in is beag an t-iontas nach mbuaileann siad isteach, ní hionadh ar bith é nach mbuaileann siad isteach she's hardly likely to refuse it is beag an baol uirthi é a dhiúltú, ní móide go ndiúltóidh sí dó it's hardly likely to be successful is ar éigean a éireoidh leis, ní dócha go mbeidh rath air I need hardly remind you that ... ní gá dom a chur i gcuimhne duit go ... 5 to disagree that's hardly a solution ní fhéadfaí réiteach a thabhairt air sin, ní réiteach ar bith é sin 6 as answer 'no' 'Can this be called progress?' 'Hardly!' 'An féidir dul chun cinn a thabhairt air seo?' 'Beag an baol!', 'An féidir dul chun cinn a thabhairt air seo?' 'Drochsheans!' 'And rich also?' 'I hardly think so.' 'Agus saibhir freisin?' 'Ní cheapfainn é.' 7 not really it's hardly worth it is ar éigean is fiú é, ní fiú é dáiríre, ní fiú é déanta na fírinne 8 very recently and summer is hardly over agus is ar éigean atá an samhradh thart he'd hardly got home when he had to return to Galway again ní raibh ann ach go raibh sé sa bhaile nuair a bhí air filleadh ar Ghaillimh arís hardly had I mentioned his name than I got a text from him níor luaithe a ainm luaite agam ná fuair mé téacs uaidh, níor thúisce a luaigh mé a ainm ná go bhfuair mé téacs uaidh 9 almost no she speaks hardly a word of French is ar éigean atá Fraincis ar bith aici hardly a week goes by without me thinking of him níl seachtain dá dtéann thart nach smaoiním air there's hardly any point in doing that ní mó ná gur fiú é sin a dhéanamh, is beag is fiú é sin a dhéanamh there's hardly anyone left (also there's hardly anybody left) is ar éigean atá aon duine fágtha I know hardly anything about your life is ar éigean atá eolas ar bith agam ar do shaol 10 not more than it's hardly ten miles from here is ar éigean atá sé deich míle as seo Fionn was hardly two at the time ar éigean a bhí Fionn dhá bhliain d'aois ag an am
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...