enough
1 as much/many of sth as requireddóthain cmugo leor cmu► (with uncountable noun) I have enough time tá dóthain ama agam, tá mo sháith ama agam, tá mo dhóthain ama agam, tá go leor ama agam she had just enough water for us both bhí díreach a dóthain uisce aici dúinn beirt, bhí díreach a sáith uisce aici don bheirt againn he doesn't have enough money níl a dhóthain airgid aige, níl a sháith airgid aige there isn't enough space here níl dóthain slí anseo, níl go leor spáis anseo I'll go if I have enough time rachaidh mé má bhíonn mo dhóthain ama agam, rachaidh mé má bhíonn an t-am agam there was more than enough space in the back bhí fuílleach spáis taobh thiar, bhí neart spáis ar cúl there wasn't nearly enough food ní raibh dóthain bia ann, ná baol air not nearly enough attention had been paid to it níor tugadh go leor airde air ar chor ar bith, is beag má tugadh dóthain airde in aon chor air I've wasted quite enough time tá mo dhóthain ama curtha amú agam, tá mo sháith ama curtha amú agam he had quite enough to drink bhí a dhóthain mhór le hól aige; bhí a sháith le hól aige, leoga► (with plural noun) he doesn't read enough books ní léann sé a dhóthain leabhar, ní léann sé a sháith leabhar are there enough players for a game? an bhfuil go leor imreoirí ann le haghaidh cluiche? leave her alone, she has enough problems of her own lig di, tá dóthain deacrachtaí dá cuid féin aici we have more than enough computers tá ár leordhóthain ríomhairí againn, tá ár seacht sáith ríomhairí againn► (as postpositive adjective) she was fool enough to believe you bhí sí ina hóinseach chomh mór sin gur chreid sí thú there'll be time enough for watching TV afterwards beidh am go leor ann le bheith ag féachaint ar an teilifís ina dhiaidh 2 as much/many as requireddóthain cmugo leor cmu► (as much as required) your promises may not be enough seans nach leor do chuid gealltanas I only have €10 - is that enough? níl agam ach €10 - an leor sin?, níl agam ach €10 - an ndéanfaidh sé sin cúis? we did our best, isn't that enough? rinneamar ár ndícheall, nach leor sin? that's enough about me, what about you? is leor sin fúmsa, céard fútsa? she can't get enough of his music is breá léi a chuid ceoil, tá sí scafa chun a chuid ceoil I've had more than enough to eat tá mo sháith agus níos mó ite agam, tá mo sheacht sáith ite agam it's enough to sicken you chuirfeadh sé fonn múisce ort, chuirfeadh sé masmas ort, chuirfeadh sé samhnas ortenough is as good as a feast► (as many as required) once is enough is leor aon uair amháin there wasn't even enough of us to form a team ní raibh dóthain againn ann le foireann a chur le chéile fiú, ní raibh ár sáith ann le foireann a chur le chéile fiú, ní raibh oiread againn ann agus a chuirfeadh foireann le chéile fiú shall I get more chairs, or are there enough? an bhfaighidh mé tuilleadh cathaoireacha nó an bhfuil dóthain againn? 4 to required degreego leor cmusách cmu it'll be there long enough beidh sé ann fada go leor it doesn't go far enough ní théann sé fada go leor, ní théann sé sách fada, ní théann sé fada a dhóthain the ladder wasn't long enough ní raibh an dréimire fada go leor it has improved, but not nearly enough tá feabhas tagtha air, ach níl a dhóthain drinking is bad enough without smoking as well tá sé olc go leor a bheith ag ól gan a bheith ag caitheamh, leis; tá ólachán sách dona gan a bheith ag caitheamh freisin it's tough enough without falling as well tá sé deacair go leor gan titim chomh maith she's old enough to be your grandmother tá sí sean go leor le bheith ina seanmháthair agat and as if that wasn't bad enough ... agus murar leor é sin ...; agus mar bharr ar an donas ... only first place is good enough for them ní shásóidh dada ach an chéad áit iad it was cold enough for snow bhí sé fuar go leor le go mbeadh sneachta ann, bhí sé sách fuar le haghaidh sneachta it was wide enough for two to sit in bhí sé leathan a dhóthain le go suífeadh beirt ann she was badly enough injured that she collapsed bhí sí gortaithe dona go leor gur thit sí as a seasamh, bhí sí gortaithe chomh dona sin gur thit sí as a seasamh enough is as good as a feast proverbseanfhocalbíonn blas ar an mbeagán enough is enough is leor é sindéanfaidh sé sin it was decided that enough was enough and they were evicted beartaíodh gurbh in deireadh leis agus díbríodh iad enough said tá dóthain ráitesin é do dhóthain A 20 mile walk? Enough said! Siúlóid 20 míle? Tá dóthain ráite! the craic was great, enough said about the food bhí an-chraic ann, ná habraimis faic faoin mbia Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...