do
verb
1 verb perform activity TRANSITIVEdéan verb who did this? cé a rinne é seo?I've done nothing ní dhearna mise dada, ní dhearna mise aon níwhat are you doing there? cad atá á dhéanamh ansin agat?, cad é atá tú a dhéanamh ansin?you can't do everything for them ní féidir leat gach rud a dhéanamh dóibhdo what you're told! déan an rud a deirtear leat!let them do what they want lig dóibh a rogha rud a dhéanamh, tabhair cead a gcinn dóibhshe has nothing to do níl aon rud le déanamh aici, níl dada le déanamh aicithere's little we can do about it now níl mórán is féidir linn a dhéanamh faoi anois, is beag a thig linn a dhéanamh faoi anoisI need to do some work caithfidh mé roinnt oibre a dhéanamhshe gave them some sums to do thug sí roinnt suimeanna le déanamh dóibhwe're doing an experiment táimid ag déanamh turgnaimh, tá turgnamh á dhéanamh againnhe does the cooking déanann seisean an chócaireachtby the time the shopping is done faoin am a mbíonn an tsiopadóireacht déantacan you do me a favour? an ndéanfá gar dom?they did her an injustice rinne siad éagóir uirthi 2 verb achieve (sth) TRANSITIVEdéan verb I wasn't able to do much ní raibh mé in ann mórán a dhéanamhthey did nothing for the language ní dhearna siad faic ar son na teangaShow full entry
3 verb perform, progress INTRANSITIVEdéan verb how is the business doing? cén chaoi a bhfuil ag éirí leis an ngnó?, cad é mar atá an gnó ag déanamh?he did ok in his exams rinne sé maith go leor ina chuid scrúduithethey didn't do too well ní dhearna siad rómhaith 4 verb produce effect TRANSITIVEdéan verb it did more harm than good is mó de dhochar ná de mhaitheas a rinne séa few days' holiday will do you good déanfaidh cúpla lá saoire maitheas duitit didn't do me any harm ní dhearna sé aon dochar dom, ní dhearna sé aon díobháil domthere was damage done to the house rinneadh damáiste don teach 5 verb have function TRANSITIVEdéan verb what does this button do? céard a dhéanann an cnaipe seo? 6 verb THEAT perform (act, scene, play) TRANSITIVEdéan verb cuir i láthair VP we did four scenes rinneamar ceithre radharc 7 verb with 'what': work at TRANSITIVEdéan verb what's he doing these days? cad atá á dhéanamh aige na laethanta seo?, cad é atá sé a dhéanamh na laethanta seo?, céard atá ar siúl aige na laethanta seo?, cad é atá ar bun aige na laethanta seo?what will you do when you finish university? céard a dhéanfaidh tú nuair a bheidh tú réidh leis an ollscoil?what do you do for a living? cén tslí bheatha atá agat? 8 verb ED study (subject, course) TRANSITIVEdéan verb he's doing his Leaving tá sé ag déanamh na hArdteistewhat subjects did you do for your A-Levels? cad iad na hábhair a rinne tú don A-Leibhéal?he's doing French and History at university tá sé ag déanamh Fraincise agus Staire ar an ollscoilshe did a degree in botany rinne sí céim sa luibheolaíocht 9 verb cover (topic) TRANSITIVEdéan verb have you done the genitive? an bhfuil an ginideach déanta agaibh?they're doing algebra tá siad ag déanamh ailgéabair 10 verb engage in sport etc TRANSITIVEdéan verb have you ever done yoga? an ndearna tú ióga riamh?I do a lot of cycling déanaim a lán rothaíochtahe does swimming on Tuesdays téann sé ag snámh ar an Máirtdo you do any other sports? an imríonn tú aon spórt eile?, an nglacann tú páirt i spórt ar bith eile? 11 verb clean, maintain room, teeth, etc TRANSITIVEI have to do the lawn tomorrow caithfidh mé an léana a dhéanamh amárachhe did his bedroom chuir sé caoi ar a sheomra, chóirigh sé a sheomrashe's doing her hair tá sí ag réiteach a cuid gruaige, tá sí ag cóiriú a cuid gruaigeshe had her nails done fuair sí cóiriú ingnehave you done your teeth? an bhfuil d'fhiacla déanta agat?, ar scuab tú do chuid fiacla? 12 verb create (work, document etc) TRANSITIVEdéan verb they're doing a programme about 1916 tá siad ag déanamh clár faoi 1916could you do me a photocopy? an bhféadfá fótachóip de a dhéanamh dom?he wanted to do my portrait theastaigh uaidh mo phortráid a tharraingtshe's doing a book on the Famine tá leabhar ar an nGorta Mór á scríobh aici, tá sí i mbun leabhar ar an nGorta Mór 13 verb write report, essay, etc TRANSITIVEscríobh verb déan verb she did a thesis on the abstract noun scríobh sí tráchtas ar an ainm teibíhe's doing a piece for the paper tá píosa á chur le chéile don nuachtán aige, tá sé ag scríobh píosa don nuachtánshe did an essay on her holidays scríobh sí aiste ar a laethanta saoire 14 verb cook, prepare food TRANSITIVEdéan verb réitigh verb I haven't done the dinner yet níl an dinnéar déanta go fóill agam, níor réitigh mé an dinnéar go fóillwill I do you an egg? an réiteoidh mé ubh duit?, an gcuirfidh mé síos ubh duit? 15 verb provide product, service TRANSITIVEdo they do sandwiches? an ndíolann siad ceapairí?, an bhfuil ceapairí acu?I'll do you a deal tabharfaidh mé praghas maith duit, tabharfaidh mé margadh duit 16 verb organise (event) TRANSITIVElet's do lunch buailimis le chéile faoi choinne lóin, bíodh lón againnwe did a big party for her d'eagraíomar cóisir mhór di, bhí cóisir mhór againn di 17 verb spend time period TRANSITIVEcuir isteach PhrV déan verb caith verb I did three years in that job chaith mé trí bliana sa phost sin, chuir mé trí bliana isteach sa phost sinhe's doing ten years for drug dealing tá sé ag déanamh deich mbliana sa phríosún as mangaireacht drugaí 18 verb travel distance, speed TRANSITIVEdéan verb téigh verb we did 30 km a day rinneamar 30 km in aghaidh an laehe was doing eighty kilometres an hour bhí sé ag déanamh ochtó ciliméadar san uair, bhí sé ag dul ochtó ciliméadar san uair 19 verb visit (place) TRANSITIVEtéigh go dtícuairt a thabhairt ar there's a tour doing all the historic sites tá turas ann a théann go dtí na láithreacha stairiúla go léirwe did Greece last year chuamar go dtí an Ghréig anuraidh 20 verb charge or punish sb TRANSITIVEan dlí a chur ar tabhair chun cúirtetabhair os comhair na cúirteno one was ever done for the robbery níor tugadh aon duine os comhair na cúirte riamh as an ngadaíocht, níor tógadh aon duine riamh as an robáilthey did him for speeding chuir siad an dlí air as bheith ag tiomáint róthapa 21 verb very informal kill sb TRANSITIVEtreascair verb cnag verb shut up or I'll do you! éist do bhéal nó cnagfaidh mé thú!, dún do chlab nó dúnfaidh mise duit é!the full back tried to do him rinne an lánchúlaí iarracht é a threascairt 22 verb cheat, trick TRANSITIVEbob a bhualadh ar dallamullóg a chur ar you've been done there buaileadh bob ansin ort 23 verb sterilise (animal) TRANSITIVEcoill verb gearr verb 24 verb impersonate TRANSITIVEaithris a dhéanamh ar he's good at doing Elvis tá sé go maith ag déanamh aithrise ar ElvisI can't do his accent ní féidir liom aithris a dhéanamh ar a chanúint, ní féidir liom a chanúint a dhéanamh 25 verb informal take drug TRANSITIVEtóg verb glac verb caith verb he doesn't do drugs ní ghlacann sé drugaí, ní thógann sé drugaí 26 verb very informal have sex with TRANSITIVEmy mate says he'd do her deir mo chara go dtabharfadh sé ceann di
auxiliary verb
27 auxiliary verb to form negatives► (present tense)
I don't drink ní ólaimhe doesn't see you ní fheiceann sé thúyou don't know níl a fhios agatI don't like cheese ní maith liom cáis, ní thaitníonn cáis liomshe doesn't live there now ní chónaíonn sí ansin anois, níl sí ina cónaí ansin anoisthey don't do any work ní dhéanann siad aon obair► (past tense)
I didn't drink níor ól méhe didn't see you ní fhaca sé thúyou didn't know ní raibh a fhios agatI didn't like cheese níor mhaith liom cáis, níor thaitin cáis liomshe didn't live there at the time níor chónaigh sí ansin san am, ní raibh sí ina cónaí ansin san amthey didn't do any work ní dhearna siad aon obair 28 auxiliary verb to form questions► (present tense)
does he play football? an imríonn sé peil?do you need help? an dteastaíonn cabhair uait?, an bhfuil cúnamh de dhíth ort?does it scare them? an scanraíonn sé iad?, an gcuireann sé eagla orthu?does she know? an bhfuil a fhios aici?do you know him? an bhfuil aithne agat air?► (past tense)
did he play football? ar imir sé peil?did you need help? ar theastaigh cabhair uait?, an raibh cúnamh de dhíth ort?did it scare them? ar scanraigh sé iad?, ar chuir sé eagla orthu?did she know? an raibh a fhios aici?did you know him? an raibh aithne agat air? 29 auxiliary verb to form negative imperativesdon't fall ná titdon't be silly, lads ná bígí amaideach, a bhuachaillídon't drop your plate ná lig do do phláta titimdon't forget to sign your forms ná déanaigí dearmad bhur bhfoirmeacha a shíniú 30 auxiliary verb to form question tagsthey don't sell bicycles, do they? ní dhíolann siad rothair, an ndíolann?she told you, didn't she? d'inis sí duit, nár inis?you don't mind, do you? ní miste leat, an miste?it finished in a draw, didn't it? chríochnaigh sé ar comhscór, nár chríochnaigh?they did it to annoy us, didn't they? rinne siad é le cur isteach orainn, nach ndearna? 31 auxiliary verb to form short answers'Did he fix the door?' 'He did.' 'Ar dheisigh sé an doras?' 'Dheisigh.'; 'Ar chuir sé caoi ar an doras?' 'Chuir.''Do you see them?' 'I do.' 'An bhfeiceann tú iad?' 'Feicim.''Do they like drama?' 'They do.' 'An maith leo an drámaíocht?' 'Is maith.''Does she read much?' 'She doesn't.' 'An léann sí mórán?' 'Ní léann.''Did you go?' 'I didn't.' 'An ndeachaigh tú?' 'Ní dheachaigh.' 32 auxiliary verb to avoid repeating verbI spend more in a week than she does in a month caithimse níos mó i seachtain ná a chaitheann sise i míI thought he wouldn't finish it but he did cheap mé nach gcríochnódh sé é ach chríochnaighshe knows more than I do tá níos mó ar eolas aici ná mar atá agamsa, tá a fhios aici níos mó ná atá a fhios agamsadon't worry about falling; we all do occasionally ná bíodh imní ort faoi thitim; titimid go léir ó am go hamI didn't leave and neither did he níor fhág mise agus níor fhág seisean ach oireadI rang him and so did she ghlaoigh mise air agus ghlaoigh sise air freisin, scairt mise air agus rinne sise amhlaidh 33 auxiliary verb used for emphasissome people do complain déanann daoine áirithe gearánwe did make a lot of noise rinneamar a lán torainn ceart go leorhe certainly does like to show off is cinnte gur maith leis a bheith ag déanamh gaiscethey do at least acknowledge your contribution ar a laghad ar bith tugann siad aitheantas don mhéid a rinne tú 34 auxiliary verb in polite requestdo sit down bí i do shuído keep in touch now coinnigh i dteagmháil anois 35 auxiliary verb in impatient requestoh, do shut up! ó, dún do bhéal, in ainm Dé!; ó, dún do chlab, as ucht Dé!do stop interrupting, dear stop ag briseadh isteach mura miste leat, a stór 36 auxiliary verb used when negative adverbial phrase begins clausenot only does it rain, it snows too ní hamháin go mbíonn sé ag cur báistí, bíonn sé ag cur sneachta chomh maithat no point did she say it was ready ní dúirt sí in am ar bith go raibh sé réidhthey didn't sing, nor did they play níor chan siad ná níor sheinn siad ach an oireadnoun
37 noun informal party, social eventócáid fem2 cóisir fem2 páirtí masc4 they have a family do tomorrow beidh ócáid teaghlaigh acu amárachthere's no Christmas do this year ní bheidh aon chóisir Nollag ann i mbliana 38 noun MUS in tonic sol-fadó masc4 39 noun MUS note Cdó masc4