Similar words :

clear

adjectiveaidiacht 1 obvious, impossible to doubtsoiléir adj1 cmufollasach adj1 cmu there's no clear evidence that it happened níl fianaise shoiléir ar bith ann gur tharla sé she gave a clear sign of her intentions léirigh sí a hintinn go soiléir this is a clear example of cheating sampla follasach de chaimiléireacht atá ann seo, is léir gur caimiléireacht atá ann seo there's a clear distinction between them tá idirdhealú soiléir eatarthu there's a clear advantage to buying things in bulk tá buntáiste soiléir ag baint le rudaí a cheannach ar an mórchóir the government has a clear majority tá tromlach cinnte ag an rialtas she was the clear winner níl dabht ach gurbh í an buaiteoir í it was clear to me what had happened ba léir dom céard a tharla, b'fhollas dom cad é a tharla it became clear that all was not right ba léir nach raibh gach rud i gceart, b'fhollas nach raibh gach rud i gceart it's clear that they're in love is léir go bhfuil siad i ngrá, is furasta a aithint go bhfuil siad i ngrá it's not clear why they fired the shots ní léir cén fáth ar scaoil siad na hurchair it's far from clear whether it's allowed or not níl sé pioc soiléir cé acu atá sé ceadaithe nó nach bhfuil 2 unambiguous, unequivocalsoiléir adj1 cmu we want a clear explanation tá míniú soiléir ag teastáil uainn it sends a clear message to criminals cuireann sé teachtaireacht shoiléir in iúl do na coirpigh is that clear? an bhfuil sé sin soiléir?, an dtuigeann tú é sin go maith? do I make myself clear? an dtuigeann tú leat mé? let's get one thing clear bímis soiléir faoi rud amháin make the rules clear to all those competing bí cinnte go dtuigeann gach duine atá san iomaíocht na rialacha the article is very clear about that tá an t-alt an-soiléir faoi sin she made it clear that she wanted to go thug sí le fios go soiléir go raibh fonn uirthi imeacht, chuir sí in iúl go soiléir gur theastaigh uaithi dul 3 having no doubt or confusionsoiléir adj1 cmumaith adj1 cmucruinn adj1 cmu I have no clear recollection of the incident níl aon chuimhne shoiléir agam ar an eachtra, ní cuimhin liom an eachtra go rómhaith she has a clear understanding of what she needs to do tuigeann sí go maith cad is gá di a dhéanamh, tuigeann sí go cruinn cad is gá di a dhéanamh I'm not clear about what it means ní thuigim go díreach cad is brí leis I was quite clear about what I wanted bhí mé lánsoiléir faoi cad a theastaigh uaim he seemed fairly clear in his mind bhí gach cuma air go raibh sé soiléir ina intinn, d'fhéach sé gur thuig sé go díreach cad a bhí ar siúl aige are we all clear on that? an dtuigimid go léir é sin? it's not clear who told him níltear cinnte cé a dúirt leis é 4 lucid, logicalgrinn adj1 cmu he's a clear thinker and a good speaker tá intinn ghrinn aige agus is cainteoir maith é she gave a clear account of the day thug sí cuntas grinn ar an lá you have to keep a clear head caithfidh tú a bheith cruinn i do chuid smaointe 5 easy to hearsoiléir adj1 cmuglan adj1 cmu the sound is extremely clear tá an fhuaim fíorshoiléir he sang in a fine clear voice chan sé i nguth breá glan 6 transparentglan adj1 cmutrédhearcach adj1 cmu the water is very clear tá an t-uisce an-ghlan put clear plastic over the flowers cuir plaisteach trédhearcach os cionn na mbláthanna the liquid was clear but had a strong smell leacht geal a bhí ann ach bhí boladh láidir uaidh, ní raibh dath ar bith ar an leacht ach bhí boladh láidir uaidh 7 image, writing, etcglan adj1 cmusoiléir adj1 cmu she got one very clear picture fuair sí pictiúr an-glan amháin he had neat clear handwriting bhí lámh néata shoiléir aige 8 unobstructedglan adj1 cmu the way was clear ahead of us bhí an bealach glan romhainn amach keep your desk clear coimeád do dheasc glan she made sure the path was clear of snow rinne sí cinnte de go raibh an cosán saor ó shneachta, rinne sí siúráilte de go raibh an sneachta glanta den chosán I didn't get a clear look at him níor éirigh liom féachaint i gceart air I had a clear view into the house bhí radharc soiléir agam isteach sa teach 9 sky, weatherglan adj1 cmugeal adj1 cmu the sky is clear tá an spéir glan the weather will be clear tonight beidh aimsir ghlan againn anocht it was a fine clear day lá breá geal a bhí ann you can see the islands on a clear day feicfidh tú na hoileáin ar lá maith 10 eyesgeal adj1 cmuglé adj3 cmu her eyes were clear and blue bhí a súile geal agus gorm his clear gaze chilled me chuir a shúile geala scáth orm 11 colourgeal adj1 cmugléigeal adj1 cmu the sea is of the clearest blue dath den ghorm is gile atá ar an bhfarraige 12 skinglan adj1 cmu her skin is very clear tá a craiceann an-ghlan, tá a craiceann mín 13 conscience my conscience is clear tá mo choinsias-sa glan 14 free from sth unpleasantsaor adj1 cmuslán adj1 cmu they're not clear of blame níl siad saor ó mhilleán we're not clear of danger yet nílimid saor ó dhainséar go fóill, nílimid slán ó dhainséar go fóill the company is finally clear of debt tá an comhlacht slán ó fhiacha ar deireadh he had one season clear of injury bhí séasúr amháin saor ó ghortú aige 15 at safe distance from sthglan adj1 cmuslán adj1 cmu we got clear before it sank fuaireamar glan uaidh sula ndeachaigh sé go tóin poill they didn't see us until we were clear ní fhaca siad sinn go rabhamar slán orthu stay clear of the rocks fan glan ar na carraigeacha 16 in leadchun cinn cmuchun tosaigh cmu Máire is now fifty points clear tá Máire caoga pointe chun cinn anois we were two goals clear at half-time bhíomar dhá chúl chun cinn ag leath ama he was clear of his rivals with one lap remaining bhí sé chun cinn ar a chéilí comhraic agus cúrsa amháin fágtha she forged clear of the group early on in the race d'éirigh léi dul amach chun tosaigh ar an ngrúpa go luath sa rás 17 not showing anything undesirableglan adj1 cmu the tests came back clear tháinig na tástálacha ar ais agus iad glan 18 left after charges etcglan adj1 cmu it saved me a clear €500 shábháil sé €500 glan orm he was left with a clear profit of €20,000 fágadh le brabús glan €20,000 é 19 period of timesaor adj1 cmu the weekend is clear for me táimse saor ag an deireadh seachtaine 20 completeiomlán adj1 cmu you must arrive two clear days beforehand caithfidh tú a bheith ann dhá lá iomlán roimh ré 21 linguisticsteangeolaíochtcaol adj1 cmu verbbriathar 22 mind, head transitiveaistreachglan verb cmu I tried to clear my mind rinne mé iarracht m'intinn a ghlanadh a good walk helps to clear your head cabhraíonn siúlóid mhaith chun do cheann a ghlanadh intransitiveneamhaistreachglan verb cmu her head cleared under the shower ghlan a hintinn faoin gcithfholcadh 23 liquid intransitiveneamhaistreachglan verb cmu take it out when the water clears tóg amach é nuair a ghlanann an t-uisce transitiveaistreachglan verb cmu the settling tanks help to clear the water cabhraíonn na humair shíothlaithe leis an uisce a ghlanadh 24 site, area, surface, etc transitiveaistreachglan verb cmuréitigh verb cmu they cleared the area of trees ghlan siad na crainn as an gceantar, níor fhág siad crann sa cheantar they're going to clear the site tá siad chun an láthair a réiteach how long will it take to clear the pond? cé chomh fada a thógfaidh sé an linn a ghlanadh? I cleared the table after dinner ghlan mé an bord tar éis dinnéir the field has been cleared of stones tá na clocha go léir glanta as an ngort 25 rubbish, weeds, etc transitiveaistreachglan verb cmu we cleared the rubbish from the garage ghlanamar an bruscar as an ngaráiste clearing mines is dangerous work obair dhainséarach é mianaigh a ghlanadh I hate clearing weeds from the garden tá an ghráin agam ar fhiailí a ghlanadh as an ngairdín I cleared the ashes from the fireplace ghlan mé an luaith ón tinteán he cleared the papers off his desk ghlan sé na páipéir dá bhord 26 make place empty transitiveaistreachglan verb cmubánaigh verb cmu clear the court! glanaigí an chúirt! the army cleared the streets ghlan an t-arm na sráideanna, ruaig an t-arm gach duine de na sráideanna we cleared the trenches of the enemy ghlanamar an namhaid as na trinsí, dhíbríomar an namhaid as na trinsí 27 make people, cars, etc leave transitiveaistreachglan verb cmudíbir verb cmu a mounted policeman cleared the crowd ghlan póilín ar chapall an slua they cleared the cars from the road ghlan siad na carranna den bhóthar landlords cleared the people from the area dhíbir na tiarnaí talún na daoine ón áit, bhánaigh na tiarnaí talún an ceantar 28 remove encumbrance from transitiveaistreachglan verb cmu I cleared a space to sit down ghlan mé spás le suí síos ann clear some room so I can lay it down déan áit le go leagfaidh mé síos é we cleared a way through the crowd ghlanamar bealach tríd an slua, rinneamar slí tríd an slua 29 become less crowded intransitiveneamhaistreachglan verb cmufolmhaigh verb cmu the streets cleared when tear gas was fired d'fholmhaigh na sráideanna nuair a scaoileadh an deoirghás I got back in when the room cleared a bit d'éirigh liom dul ar ais isteach nuair a ghlan an seomra beagán 30 remove obstruction from road, pipe, etc transitiveaistreachglan verb cmuréitigh verb cmu they quickly cleared the road ghlan siad an bóthar gan mhoill to clear a ditch díog a chartadh we managed to clear the pipes d'éirigh linn na píopaí a réiteach he cleared the rails of snow ghlan sé an sneachta de na ráillí 31 blockage etc transitiveaistreachglan verb cmucart verb cmu it'll take another day to clear the debris tógfaidh sé lá eile leis an smionagar a chartadh you'll need rods to clear that obstruction teastóidh slata uait chun an bac sin a ghlanadh tons of muck were cleared from the road glanadh na tonnaí pluda den bhóthar intransitiveneamhaistreachglan verb cmu the road cleared after rush hour ghlan an bóthar tar éis bhuaicthráth an tráchta my airways soon cleared ghlan m'aerbhealaí go luath 32 sky, weather intransitiveneamhaistreachglan verb cmugeal verb cmu the sky cleared after dinner ghlan an spéir tar éis am dinnéir, gheal an spéir tar éis am dinnéir the weather won't clear until Monday ní ghlanfaidh an aimsir go dtí an Luan the storm had cleared by morning bhí an stoirm glanta faoi mhaidin 33 clouds, smoke, etc intransitiveneamhaistreachglan verb cmuscaip verb cmu the mist was slow to clear bhí an ceobhrán mall ag glanadh that fog will clear soon glanfaidh an ceo sin go luath 34 skin intransitiveneamhaistreachglan verb cmu his skin cleared when he was older ghlan a chraiceann agus é níos sine 35 spots, dandruff intransitiveneamhaistreachglan verb cmu the rash finally cleared ghlan an gríos ar deireadh transitiveaistreachglan verb cmufaigh réidh le VP cmu the ointment cleared my spots ghlan an t-ungadh mo spotaí, fuair an t-ungadh réidh le mo spotaí 36 fence etc transitiveaistreachglan verb cmu she cleared the fence in one jump ghlan sí an claí d'aon léim, chuaigh sí glan trasna an chlaí d'aon léim 37 go through and emerge from transitiveaistreachfág verb cmutar glan ar VP we cleared Chinese airspace this morning d'fhágamar aerspás na Síne ar maidin 38 earn, gain after tax etc transitiveaistreachdéan verb cmusaothraigh verb cmu she barely clears €15,000 a year is ar éigean a dhéanann sí €15,000 sa bhliain; is ar éigean a shaothraíonn sí €15,000 in aghaidh na bliana we'll be lucky if we clear a profit beidh an t-ádh linn má dhéanaimid brabús 39 prove innocent transitiveaistreach to clear your name d'ainm a ghlanadh he was cleared in court fuarthas neamhchiontach sa chúirt é he was cleared of murder fuarthas neamhchiontach i ndúnmharú é 40 face, expression intransitiveneamhaistreachglan verb cmugeal verb cmu she looked confused but then her face cleared bhí cuma éiginnte uirthi ach ansin ghlan a haghaidh 41 financeairgeadas cheque etc intransitiveneamhaistreachimréitigh verb cmuglan verb cmu the cheque cleared yesterday glanadh an seic inné transitiveaistreachglan verb cmu the cheque hasn't been cleared yet níor ghlan an banc an seic go fóill your transaction has been cleared tá d'idirbheart glanta 42 give official permission for deal etc transitiveaistreachceadaigh verb cmu the bank cleared the deal cheadaigh an banc an margadh 43 give official permission for sb to do sth transitiveaistreachcead a thabhairt do VP cmuceadaigh verb cmu you must be cleared at the door caithfidh tú cead a fháil ag an doras she was cleared for the mission tugadh cead di dul ar an misean he has been cleared to play tugadh cead dó imirt, dúradh leis gur féidir leis imirt I cleared her to go home thug mé cead di dul abhaile, thug mé cead baile di 44 obtain official permission for sth to happen transitiveaistreachcead a fháil do cmu I'll have to clear this at headquarters caithfidh mé cead a fháil dó seo sa cheanncheathrú have you cleared it with your parents? an bhfuair tú cead ó do thuismitheoirí? 45 give permission to enter, leave place transitiveaistreachcead a thabhairt do cmu the plane was cleared for landing tugadh cead don eitleán tuirlingt 46 customs, passport control transitiveaistreachtéigh trí PhrV cmu I cleared customs an hour ago chuaigh mé tríd an gcustam uair an chloig ó shin he had no problem clearing passport control ní raibh aon fhadhb aige dul trí rialú pasanna 47 goods etc into country transitiveaistreachcead a fháil do VP cmuimréitigh formalfoirmeálta verb cmu there's a long wait to clear goods tá moill fhada le cead a fháil d'earraí, tá moill fhada le hearraí a imréiteach she wanted to clear a shipment of shoes theastaigh uaithi lastas bróg a imréiteach to clear sth through customs rud a imréiteach le lucht custaim 48 vet for sensitive work etc transitiveaistreachfaomh verb cmu candidates are cleared by the police faomhann na póilíní iarrthóirí have you cleared him yet? an bhfuil sé faofa agat go fóill? 49 financeairgeadas pay back debt etc transitiveaistreachglan verb cmu she cleared her debts ghlan sí a cuid fiacha I may as well clear the balance tá sé chomh maith agam an fuílleach a ghlanadh 50 deal with problem, obstacle transitiveaistreachréitigh verb cmuglan verb cmucuir díot PhrV cmu we have cleared all obstacles to progress tá gach bac ar dhul chun cinn réitithe againn it's another barrier we have to clear bacainn eile é atá le cur dínn againn 51 backlog of work etc transitiveaistreachglan verb cmu I'm working hard to clear the backlog táim ag oibriú go crua chun an riaráiste a ghlanadh 52 sportspórt ball etc transitiveaistreachglan verb cmuglan amach PhrV cmu he failed to clear the ball from the goalmouth níor éirigh leis an liathróid a ghlanadh ó bhéal an bháire the corner wasn't properly cleared níor glanadh an cic cúinne amach i gceart she caught the sliotar and cleared it rug sí ar an sliotar agus ghlan amach é adverbdobhriathar 53 free of rubbish, weeds etcglan cmuoscailte cmu keeping paths clear is hard work tá saothar ag baint le cosáin a choimeád glan the floor had been swept clear of rubbish scuabadh an bruscar den urlár keep the garden clear of weeds glan na fiailí as an ngairdín 54 at distance from sthglan cmuslán cmu she pulled me clear tharraing sí glan ar shiúl mé keep clear of the cliff edge fan amach ó chiumhais na haille, fan glan ar cholbha na haille, coinnigh amach ó fhaobhar na haille stand clear of the doors seas siar ó na doirse 55 free, with no engagementssaor cmu keep the evening clear coimeád an tráthnóna saor 56 completely he got clear away thug sé na sála leis 57 all the way the lake reaches clear to Cavan in the south síneann an loch an bealach ar fad go dtí an Cabhán ó dheas you'll be able to see clear across the bay beidh tú ábalta féachaint an tslí ar fad trasna an chuain PhrasesNathanna as clear as a bell (also clear as a bell) I heard it as clear as a bell chuala mé go han-soiléir é her voice is as clear as a bell tá guth breá glan aici, tá guth an-soiléir aici as clear as day (also clear as day) 1 easy to see she could see him as clear as day bhí sí ábalta é a fheiceáil chomh soiléir le grian an mheán lae I saw him, as clear as day chonaic mé é, chomh glan lena bhfaca tú riamh 2 easy to understandlánsoiléirríshoiléiran-soiléiriontach soiléir the answer we got was as clear as day bhí an freagra a fuaireamar ríshoiléir it's as clear as day who did it tá sé lánsoiléir cé a rinne é 3 impossible to doubtchomh siúráilte agus atá gob ar ghandalchomh cinnte agus atáim ag seasamh anseo it's cheating, as clear as day rógaireacht atá ann, chomh siúráilte agus atá gob ar ghandal as clear as mud (also clear as mud) used humorouslyúsáid ghreannmhar the story is as clear as mud tá an scéal dothuigthe, níl léamh ná tuiscint ar an scéal, tá an scéal chomh doiléir lena bhfaca tú riamh to clear the air teacht ar réiteach let's get together and clear the air tagaimis le chéile agus tagaimis ar réiteach I'd prefer if we cleared the air first b'fhearr liom dá ndéanfaimis cúrsaí a réiteach eadrainn ar dtús to clear the decks 1 deal with things informalneamhfhoirmeáltagach rud a réiteachgach rud a chur i bhfearas I cleared the decks before my holiday chuir mé gach rud i bhfearas sula ndeachaigh mé ar saoire we've cleared the decks for the next order tá gach rud ullamh againn don chéad ordú eile 2 tidy upgortghlanadh a dhéanamhgach rud a chur i dtreo clear the decks before the next course cuir gach rud i dtreo roimh an gcéad chúrsa eile to clear your desk do dheasc a ghlanadh clear your desk and get out glan do dheasc agus imigh to clear your name d'ainm a ghlanadh to clear sb's name ainm duine a ghlanadh to clear the table an bord a ghlanadh to clear your throat do scornach a ghlanadhdo scornach a réiteach to clear the way (also to clear the ground) an bealach a réiteachan talamh a réiteach the government has cleared the way for a meeting tá an rialtas tar éis an bealach a réiteach le haghaidh cruinnithe she has cleared the way for her son to change schools tá na socruithe déanta aici chun go n-athródh a mac chuig scoil eile to be in clear information technologyteicneolaíocht faisnéise, militarymíleatabheith gan chódú the message is in clear tá an teachtaireacht gan chódú to be in the clear 1 not believed to be guiltybheith gan lochtbheith slán the information put her in the clear d'fhág an t-eolas go raibh sí gan locht he's legally in the clear tá sé fágtha slán ó thaobh an dlí de 2 free of illness etcbheith slán the test says he's in the clear deir an tástáil go bhfuil sé slán; tá sé slán, de réir na tástála 3 sportspórt at liberty to achieve sth she put it wide when she was in the clear chuir sí ar fóraoil é agus gan aon duine in aice léi, chuir sí ar fóraoil é agus í ar a comhairle féin he was in the clear after two rounds bhí sé amuigh chun cinn tar éis dhá bhabhta to keep clear of sth (also to stay clear of sth; to steer clear of sth) fanacht glan arrud a sheachaintfan amach ó cmu she kept clear of the house d'fhan sí glan ar an teach he managed to keep clear of injury d'éirigh leis gortú a sheachaint Phrasal VerbsBriathra Frásacha→ clear away→ clear off→ clear out→ clear up→ clear up after
Loading phrases and examples...
Loading Teanglann link ...