Faigh aip foclóir.ie

Oibríonn suíomh foclóirí ár linne (foclóir.ie) anois mar aip is féidir leat a shuiteáil go díreach ar do ghléas ón suíomh seo. Is féidir í a shuiteáil ar do ghuthán, ar do tháibléad nó ar do ríomhaire, gan dul trí ghnáth-aipmhargadh.

Tá sí ar fáil saor in aisce agus ní thógann sé ach cúpla soicind chun í a shuiteáil. Beidh an aip seo ann anois in áit na seanaipeanna Apple agus Android a bhí againn.

Cad atá i gceist leis an aip nua?

Tá foclóirí ár linne (foclóir.ie) ar fáil anois mar aip ghréasáin fhorásach. An gnáthshuíomh atá ann ach go bhfuil sé deartha againn anois sa tslí gur féidir leat é a shuiteáil ar do ghléas agus a oscailt mar a bheadh aon aip eile ann. Tá a dheilbhín féin aige agus radharc lánscáileáin. Murab ionann agus aipeanna Android agus Apple, bíonn an aip nua seo cothrom le dáta i gcónaí, mar sin bíonn na leaganacha is déanaí de na foclóirí ar an bhfón agat i gcónaí. Chomh maith leis sin, tá an fheidhm chuardaigh san aip nua ag teacht leis an bhfeidhm chuardaigh ar an suíomh; tá sí i bhfad níos cumhachtaí ná an ceann a bhí sna seanaipeanna.

Cén fáth a ndearnamar an t-athrú seo

Le roinnt blianta anuas, chuaigh sé dian orainn agus bhí sé costasach na haipeanna a bhí againn d’Apple agus Android a choimeád cothrom le dáta. An aip nua seo, is aip amháin atá ann atá ar fáil ar gach uile ghléas. Ní bheimid ag brath ar dhearbhú ó na haipmhargaí. Tá sé níos fusa an aip nua a chothabháil agus a nuashonrú. Aon uair a dhéanfaimid nuashonrú ar ábhar na bhfoclóirí, ní bheidh ar úsáideoirí an aip a nuashonrú. Ní bheidh aon tionchar ag athruithe slándála sna haipmhargaí orainn, agus ní bheidh orainn an aip a leasú nó a nuashonrú chun teacht le rialacháin nua sna haipmhargaí.

Tá i gceist againn na leaganacha iOS agus Android den aip a bhaint anuas ó na haipmhargaí faoi dheireadh na bliana. Má tá siad ar do ghléas agat, tá seans ann go bhfanfaidh siad air, ach ní bheidh tú in ann teacht ar na haipeanna sna haipmhargaí agus ní bheidh nuashonruithe le fáil.

Cad is féidir leat a dhéanamh san aip nua

  • An dá fhoclóir a chuardach, go díreach mar a dhéanfá ar an suíomh féin.

  • Éisteacht leis na comhaid fuaime sna trí mhórchanúint.

  • Teacht ar chomhaid ghramadaí d’ainmfhocail, aidiachtaí, briathra agus réamhfhocail.

  • Teacht ar chomhaid úsáide ina bhfaighidh tú eolas breise maidir le gramadach agus úsáid focail dhifriúla sa Ghaeilge.

Conas an aip a shuiteáil

Roghnaigh do ghléas thíos. Bíonn na céimeanna beagáinín difriúil ó ghléas go chéile.

iPhone agus iPad (Safari)

  1. Oscail foclóir.ie in Safari.

  2. Tapáil an roghchlár ag an mbun (trí phonc).

    menu button
  3. Tapáil an cnaipe Share (an chearnóg ina bhfuil saighead ag dul suas).

  4. Scrolláil síos agus tapáil Add to Home Screen.

    add to home screen
  5. Tapáil Add

    add

Beidh deilbhín foclóir.ie anois ar do scáileán baile.

Android (Chrome)

  1. Oscail foclóir.ie in Chrome.

  2. Tapáil an cnaipe don roghchlár (trí phonc, thuas ar dheis).

    menu button (chrome)
  3. Tapáil Install and create shortcut (ar ghléasanna áirithe: Add to Home screen).

    install shortcut
  4. Dearbhaigh trí thapáil ar Install agus ansin ar Install arís.

    install buttoninstall button

Windows, Mac agus Chromebook (Chrome nó Edge)

  1. Oscail foclóir.ie

  2. Aimsigh an deilbhín suiteálainstall icon ar thaobh na láimhe deise den bharra seoltaí (scáileán beag agus saighead ag dul síos), nó oscail roghchlár an bhrabhsálaí agus roghnaigh Install foclóir.ie.

  3. Cliceáil Next.

    install
  4. Cliceáil Install.

    install

Mac (Safari)

  1. Oscail foclóir.ie in Safari.

  2. Roghnaigh File → Add to Dock.

    add to dock
  3. Cliceáil Add.

    add

Firefox

Ní thacaíonn leagan deisce Firefox le suiteáil aipeanna gréasáin forásacha faoi láthair. Is féidir leat an suíomh a úsáid mar is gnách in Firefox. Chun an suíomh a shuiteáil mar aip, bain úsáid as Chrome, Edge nó Safari.

Nuashonruithe

Déanann an aip nuashonrú uirthi féin aon uair a bhíonn tú ar líne. Ní gá duit aon rud a dhéanamh.

Ceisteanna coitianta

An bhfuil sí ar fáil saor in aisce?

Tá.

An dteastaíonn cuntas uaim?

Ní theastaíonn.

An oibríonn sí as líne?

Ní oibríonn faoi láthair, ach beimid ag cur roinnt gnéithe leis an aip amach anseo a bheidh ar fáil as líne.

Shuiteáil mé í ach ní fheicim an deilbhín / osclaíonn sí mar tháb sa bhrabhsálaí.

Cinntigh gur shuiteáil tú í agus tú ag leanúint na dtreoracha a bhaineann le do ghléas agus do bhrabhsálaí. Mura bhfuil cruthaithe agat ach leabharmharc den suíomh, beidh ort na céimeanna suiteála a leanúint arís.

Conas is féidir liom í a dhíshuiteáil?

Ar iPhone/iPad agus Android: brúigh síos ar an deilbhín agus coimeád d’ordóg air, agus ansin roghnaigh Remove App / Uninstall.

Ar ríomhaire: oscail an aip, cliceáil ar an roghchlár (trí phonc) agus roghnaigh Uninstall, nó scrios í mar a bheadh aon aip eile ann.

Tá cabhair ag teastáil uait nó teastaíonn uait aiseolas a chur ar fáil?

Má tá rud éigin ann nach bhfuil ag feidhmiú mar is ceart nó má theastaíonn uait moladh a dhéanamh, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag aiseolas@focloir.ie. Bí cinnte do ghléas, do bhrabhsálaí agus do chóras oibriúcháin a lua linn sa nóta.

An Aip - An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge le Foras na Gaeilge