New English-Irish Dictionary
Similar words: excise · excised · exclude · accuse · excess · excite · exclusive · excusable · excesses · excluded
  • EN > GA
  • GA > EN

excuse

verb
noun
phrases
verb
1 verb forgive TRANSITIVEmaith do PhrVplease excuse my ignorance maith dom m'aineolasif it's too basic at the start, please excuse me má tá sé róbhunúsach ag an tús, maithigí dom éexcuse her reluctance maith di a drogall, ná tóg uirthi bheith drogallachif you'll excuse me asking again mura miste leat mé a fhiafraí arísexcuse me for being late maith dom bheith déanachyou could be excused for thinking he's cheeky thuigfí duit dá gceapfá go bhfuil sé sotalach, bheadh cúis mhaith agat a cheapadh go bhfuil sé sotalach if you'll excuse the pun mura miste leat an t-imeartas focal if you'll excuse me saying mura miste leat mé á rá 2 verb justify TRANSITIVEleithscéal a dhéanamh doyou can't excuse speeding ní féidir leithscéal a dhéanamh do dhaoine a bheith ag dul róthapa, níl sé inleithscéil bheith ag dul róghasta
Show full entry 
3 verb mitigate TRANSITIVEmaolaigh verb  c m uyouth doesn't excuse his behaviour ní haon leithscéal í a óige dá iomparit doesn't excuse her for being so rude to him ní haon leithscéal aici é as bheith chomh drochbhéasach leis nothing can excuse the violence that followed it níl aon leithscéal don fhoréigean a lean é 4 verb ignore, make allowances for TRANSITIVEplease excuse the state of the house ná bac le droch-chaoi an tí, ná cuir aon nath sa riocht ina bhfuil an teach 5 verb release from duty etc TRANSITIVEscaoil verb  c m ulig saor verb  c m uhe was excused from the jury scaoileadh ón ngiúiré éI was excused from training tugadh cead dom gan dul ag traenáil, ligeadh dom gan dul ag traenáilshe was excused work for the day scaoileadh ó obair ar feadh an lae íhe was excused payment of the fine níor tugadh air an fhíneáil a íoc, maitheadh an fhíneáil dó, níor chaith sé an fhíneáil a íoc 6 verb give permission to leave TRANSITIVEif you'll all excuse me, I must leave gabhaigí mo leithscéal, tá orm fágáil; mura miste libh, caithfidh mé imeachtmay I be excused? an miste libh má imím? 7 verb say you need to leave TRANSITIVEhe excused himself and went home ghabh sé a leithscéal agus chuaigh sé abhaileshe excused herself from the room ghabh sí a leithscéal agus d'fhág sí an seomra
noun
8 noun reason given for sthleithscéal masc1  c m uwhat excuse did she give for not coming? cén leithscéal a thug sí faoi gan teacht?I don't want to hear your excuses níl mé ag iarraidh do chuid leithscéalta a chloisteáilto make excuses for sth leithscéal a dhéanamh do rudthey used religion as an excuse for war d'úsáid siad an creideamh mar leithscéal chun cogaíochtathere's no excuse for that ní féidir aon leithscéal a dhéanamh dó sin, níl sin inleithscéil, níl aon dealramh leis sinthe usual excuse an seanleithscéal, an seanleithscéal agus meirg airhe came up with some pathetic excuse ní raibh aige ach leithscéal gan dealramh, leithscéal agus a thóin leis a thug séit's a valid excuse leithscéal le dealramh atá ann, is leithscéal ceart éit's just an excuse for taking a day off níl ann ach leithscéal chun lá saor a ghlacadhthe match is a good excuse to go to the pub leithscéal maith an cluiche le tabhairt faoin bpub 9 noun informal poor example of sthhe's a terrible excuse for a doctor níl ann ach dochtúir maide, dochtúir gan dealramh is ea éit was a shocking excuse for a game ní raibh ann ach droch-chluiche amach is amach 10 noun (US) sick notenóta tinnisnóta breoiteachta
phrases

excuse me

1 to get sb's attentiongabh mo leithscéalgabhaim pardúnmo phardúnexcuse me, could I have another glass please gabh mo leithscéal, an bhféadfainn gloine eile a fháil, le do thoil 2 to apologise for sthtá brón ormtá mé buarthagabh mo leithscéalgabhaim pardúnoops, excuse me! úps, tá brón orm! 3 to ask sb to movegabh mo leithscéalgabhaim pardúntá brón ormtá mé buarthaexcuse me, could I get by you there? gabh mo leithscéal, an bhféadfainn dul tharat ansin? 4 to tell sb you're leavinggabh mo leithscéalgabhaim pardúnexcuse me, that's my taxi gabh mo leithscéal, sin é an tacsaí s'agamsa 5 (US) to ask sb to repeat sthgabh mo leithscéal?gabhaim pardún?'Can you hear me?' 'Excuse me?' 'An gcloiseann tú mé?' 'Gabh mo leithscéal?' 6 to show surprise or disagreement with sthgabh mo leithscéalgabhaim pardúnexcuse me, but how is that fair? gabh mo leithscéal, ach conas atá sé sin cothrom?

to make your excuses

do leithscéal a ghabháil

Phrases and Examples in other entries