New English-Irish Dictionary
Similar words: bedsore · afore · deform · go before · reform · deforest · deformed · reforest · reformed · reformer
  • EN > GA
  • GA > EN

before

preposition
conjunction
adverb
preposition
1 preposition earlier thanroimh prep  c m ubefore the First World War roimh an gCéad Chogadh Domhandashe'd been there before then bhí sí ann roimhe sin before long sula i bhfad, roimh i bhfadthe manager came before long tháinig an bainisteoir sula i bhfad, tháinig an bainisteoir gan mórán achair, níorbh fhada gur tháinig an bainisteoir the day before yesterday arú innéthe night before last arú aréirthe year before last arú anuraidhthe week before last an tseachtain roimh an tseachtain seo caitewe finished the garden and not before time chríochnaíomar an gairdín agus bhí sé in am againnthat happened well before your time tharla sé sin i bhfad sular saolaíodh thusa, thit sé sin amach i bhfad roimh d'amsamy father and his father before him played the fiddle bhíodh m'athair agus a athair siúd roimhe ag seinm ar an bhfidil; m'athair agus a athair siúd roimhe, sheinnidís an fhidilhe worked as a teacher before deciding upon a career in nursing bhí sé ag obair mar mhúinteoir sular shocraigh sé dul le haltranasI went into hospital a few days before Christmas chuaigh mé isteach san ospidéal cúpla lá roimh an Nollaig, chuaigh mé isteach san ospidéal cúpla lá roimh Nollaigjust before díreach roimhwell before i bhfad roimh, tamall fada roimhI haven't seen Liam since before the summer ní fhaca mé Liam ó bhí an samhradh ann, ní fhaca mé Liam ó tháinig an samhradhon or before 31 December ar an 31 Nollaig nó roimhe sinbefore and after that date roimh agus i ndiaidh an dáta sin 2 preposition untilsula  c m ugo  c m unó go  c m upeople often wait a long time before they see a doctor is minic a fhanann daoine tamall fada nó go dtéann siad chuig dochtúirthey had a meal before continuing with the walk bhí béile acu sular lean siad orthu ag siúlit wasn't long before they were dancing níorbh fhada go raibh siad ag rince
Show full entry 
3 preposition earlier on course or routeroimh prep  c m uthe hotel is on the left before the crossroads tá an t-óstán ar chlé roimh an gcrosbhóthar, tá an t-óstán ar chlé sula dtagann tú go dtí an crosbhóthar 4 preposition in sequence or priorityroimh prep  c m uchun tosaigh arshe put work before personal life chuir sí an obair roimh a saol pearsanta, chuir sí an obair chun tosaigh ar a saol pearsanta, thug sí tús áite don obair thar a saol pearsantaage before beauty aois roimh áilleacht 5 preposition in front of (space or time)os comhair  c m uos coinne  c m ushe stood before the house sheas sí os comhair an tí, sheas sí os coinne an tí, sheas sí ar aghaidh an tí amachmy whole life stretched out before me bhí mo shaol go léir amach romham, bhí mo shaol go léir os mo chomhair amachthe match was played before 80,000 people imríodh an cluiche os comhair 80,000 duine; imríodh an cluiche i láthair 80,000 duine 6 preposition LAW, BUS-ADM for considerationfaoi bhráid  c m uos comhair  c m uthe bill came before the government cuireadh an bille faoi bhráid an rialtais, cuireadh an bille os comhair an rialtais
conjunction
7 conjunction earlier than whensula  c m ushe finished just before the teacher came in chríochnaigh sí díreach sular tháinig an múinteoir isteachhe came home a week before she died tháinig sé abhaile seachtain sular bhásaigh síthis plate was in the house long before I came here bhí an pláta seo sa teach i bhfad sular tháinig mise anseoI need to see the details before I agree caithfidh mé na sonraí a fheiceáil sula n-aontóidh mé leisstop that nonsense before you go too far éirigh as an tseafóid sin sula dtéann tú thar fóir 8 conjunction untilsula  c m ugo dtí go  c m ugo  c m uit was a long time before he came back bhí sé tamall fada sular tháinig sé ar ais, bhí tamall fada ann go dtí gur tháinig sé ar aisit won't be long before you're an expert ní fada go mbeidh tú i do shaineolaí
adverb
9 adverb earliercheana  c m uroimhe sin  c m uthis had all happened before bhí sé seo ar fad tarlaithe cheanahe'd never seen her before ní fhaca sé riamh cheana í, ní fhaca sé riamh roimhe sin íshe went there a week before chuaigh sí ann seachtain roimh ré, chuaigh sí ann seachtain roimhe sinshe tried to learn it a couple of times before thriail sí é a fhoghlaim cúpla uair cheana, thriail sí é a fhoghlaim cúpla uair roimhe sinit's cheaper now than before tá sé níos saoire anois ná a bhí roimhe seonever before was there such a crowd there ní raibh a leithéid de shlua riamh ann, ní raibh a leithéid de shlua ann riamh roimhe sinthings will continue as before leanfaidh cúrsaí ar aghaidh mar a bhí go dtí seo, leanfaidh cúrsaí ar aghaidh mar a bhí roimhe seowe'll be ready in December if not before beimid réidh faoi Nollaig nó roimhe sin, beimid réidh faoi Nollaig mura mbeimid réidh roimhe sin

Phrases and Examples in other entries