Tá leasú suntasach curtha i gcrích ar an bhfeidhm chuardaigh chun na torthaí is fearr a thabhairt don úsáideoir agus chun go mbeidh sé ag teacht leis an bhfeidhm chuardaigh ar www.teanglann.ie. Roimhe seo, nuair a bhíodh focal á chuardach agat, thaispeántaí an iontráil mheaitseála mar thoradh ar an gcuardach. Leis an bhfeidhm chuardaigh nua, tugtar a lán eolas breise anois chomh maith leis an iontráil a mheaitseálann leis an bhfocal cuardaigh. Mar shampla, más cuardach ar an bhfocal sheet a dhéantar, faightear na míreanna eolais thíos anois:-

| 1. | Focail chosúla | Liosta de cheannfhocail nó iontrálacha eile san fhoclóir atá cosúil leis an bhfocal a bhí á chuardach agat. |
| 2. | Meaitseáil bheacht | Má tá ceannfhocal ina mheaitseáil bheacht ar an teaghrán cuardaigh, taispeántar é seo ag barr na dtorthaí. |
| 3. | Iontráil ghiorraithe | Más rud é gur iontráil fhada atá sa rannóg “meaitseáil bheacht”, giorraítear í le go mbeidh na rannóga eile de na torthaí cuardaigh le feiceáil freisin. Más mian leat an iontráil a fheiceáil ina hiomláine, ní gá ach cliceáil ar an mbarra “taispeáin iontráil iomlán”. |
| 4. | Iontrálacha gaolmhara | Má tá an teaghrán cuardaigh mar chuid de cheannfhocal nó d'iontráil eile san fhoclóir , taispeántar anseo iad. |
| 5. | Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile | Má tá an teaghrán cuardaigh mar chuid de Fhrása nó de Shampla Úsáide in iontráil ar bith eile san fhoclóir, taispeántar anseo iad. |
Foilsíodh an chéad leagan d’aip an fhoclóra roinnt seachtainí roimh chur i bhfeidhm an chuardaigh leasaithe seo. Beidh an cuardach leasaithe le fáil sa dara leagan den aip, a bheas á fhoilsiú go luath sa bhliain 2016. Beidh an dara leagan sin den aip ar fáil saor in aisce má tá an chéad leagan den aip agat cheana féin.