Inrochtaineacht | Accessibility
Leagan amach an láithreáin
Trasna bharr an leathanaigh atá príomhrannáin an láithreáin tugtha. Is iad na rannáin seo, An Tionscadal, An Fhoclóireacht Chorpasbhunaithe, Nua-Chorpas na hÉireann, An Fhoclóireacht Ghaeilge agus Deismireachtaí.
Is féidir na leathanaigh éagsúla atá laistigh de na rannáin seo a nascleanúint tríd an roghchlár atá le fáil ar thaobh na láimhe clé den scáileán nuair a osclaítear na leathanaigh sin.
Is féidir an nascleanúint a dhéanamh trí Mhapa an Láithreáin freisin.
Leideanna Inrochtaineachta
Dearadh an láithreán seo le go mbeadh sé chomh hinrochtana agus is féidir ag gach duine, beag beann ar aon mhíchumas a bhainfeadh leo. Cabhróidh na leideanna seo a leanas leat an chuid is fearr a bhaint as an láithreán.
- Is féidir an láithreán seo a bhreathnú le breabhsálaí nó le gléas Idirlín ar bith, ach gheofar an t-amharc is fearr air más le gléas atá ag teacht leis na caighdeáin atá leagtha síos ag an gCuibhreannas Gréasáin Dhomhanda (W3C) a dhéantar é. Is iad sin na daoine a chruthaigh an Gréasan Domhanda féin. Leag an W3C amach na caigheáin sin i dtreo is go n-oibreodh an Gréasán níos fearr do gach duine. Ar an mórgóir bíonn breabhsalaithe nua ag teacht le caighdeáin seo W3C agus ní bhíonn na seanbhreabhsálaithe.
- Chun méid an chló in Internet Explorer 5+, a mhéadú roghnaigh View > Text Size > Larger/Largest
- Chun méid an chló sna breabhsálaithe Netscape 6+ nó Mozilla a mhéadú, roghnaigh View > Text Size > Larger nó brúigh Ctrl++
- Chun méid an chló in Netscape 4 a mhéadú, roghnaigh View > Increase Font nó brúigh Ctrl+]
Eochracha Aicearra (Eochracha Rochtana)
Is féidir eochracha aicearra a úsáid chun dul ó rannán go chéile ar an láithreán ( Nóta: Iad sin a bhaineann leas as Internet Explorer beidh orthu, de ghnáth, an eochair aisfhillte a bhrú tar éis dóibh na heochracha aicearra a roghnú):
- Is féidir dul díreach chuig an leathanach baile trí Alt+1a bhrú
- Is féidir an nascleanúint a sheachaint agus dul díreach chuig ábhar leathanaigh ar bith trí Alt+2 a bhrú
- Is féidir dul díreach chuig roghchlár rannáin ar bith trí Alt+3 a bhrú
- Is féidir dul díreach chuig an leathanach ar a bhfuil faisnéis inrochtaineachta (an leathanach seo) trí Alt+4 a bhrú.
- Is féidir dul díreach chuig leathanach cuardaigh an láithreáin trí Alt+5 a bhrú
- Is féidir dul díreach chuig an leathanach ar a bhfuil mapa an láithreáin trí Alt+6 a bhrú
- Is féidir dul díreach chuig an leathanach teagmhála trí Alt+7 a bhrú
- Is féidir dul díreach chuig an bpríomhfhoirm ar leathanach ar bith trí Alt+9 a bhrú

