An Tionscadal | The Project
Cúlra
Tá forbairt na foclóireachta Gaeilge mar chúram reachtúil ar Fhoras na Gaeilge agus is é an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge an chéad mhórthionscadal foclóireachta faoina scáth. Tá sé caoga bliain ó foilsíodh an foclóir mór Béarla-Gaeilge deiridh (English-Irish Dictionary, eag. Tomás de Bhaldraithe, 1959) agus tá éileamh leanúnach ó shin i leith ar fhoclóir cuimsitheach nua-aimseartha.
Foclóir dátheangach c. 40,000 ceannfhocal is ea an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, a bheidh á fhoilsiú i riocht leabhair agus i bhformáid leictreonach araon. Tá an tionscadal roinnte ina chéimeanna. Cuireadh clabhsúr le Céim a hAon (pleanáil agus dearadh an fhoclóra) in 2006 agus thosaigh Céim a Dó (tiomsú agus scríobh an fhoclóra) in 2008. Tá an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge le bheith ar fáil faoi dheireadh 2012.
An Ghaeilge in FNBG
Ó thaobh litrithe, gramadaí agus téarmaíochta, is Gaeilge chaighdeánach a bheidh san Fhoclóir. Ó thaobh cumhdaigh, tabharfar a gceart san Fhoclóir do mhórchanúintí na teanga agus tabharfar rogha aistriúchán i gcásanna áirithe le nodaireacht chuí mar áis don úsáideoir.
An Béarla in FNBG
Is é Béarla comhaimseartha na hÉireann go príomha a bheidh san Fhoclóir ach cuimseofar ann freisin focail agus leaganacha coitianta as canúintí eile an Bhéarla ar fud an domhain, go háirithe Béarla na Breataine agus Mheiriceá.
Céim 1 (Pleanáil agus Dearadh Teicniúil)
Rinneadh pleanáil agus dearadh an fhoclóra a shainiú sa chéim seo, ar cuireadh clabhsúr léi in 2006. Bronnadh an conradh don Chéim seo ar Lexicography MasterClass, agus i measc na dtáirgí insoláthartha a seachadadh mar chuid den Chéim seo bhí:
- Nua-Chorpas na hÉireann – corpas 30 milliún focal Gaeilge agus 25 milliún focal de Bhéarla na hÉireann (tá breis eolais ar an gCorpas ar fáil ar an leathanach Nua-Chorpas na hÉireann);
- Liosta na gCeannfhocal Béarla don fhoclóir (an 50,000 ceannfhocal as a scagfar an 40,000 nó mar sin a bheidh san fhoclóir deiridh);
- Sainiú Cineál Doiciméid (DTD), ina sainítear struchtúr, eilimintí agus saintréithe bhunachar sonraí an fhoclóra;
- Dréacht cuimsitheach den Treoir Stíle, ina leagtar síos na polasaithe agus na rialacha maidir le scríobh an fhoclóra.
Tá roinnt de tháirgí Chéim 1 le fáil anseo.
Céim 2 (téacs)
Tiomsú agus scríobh na nIontrálacha don Fhoclóir atá i gceist i gCéim a Dó, ar cuireadh tús léi in 2008. Tá Céim a Dó roinnte ina trí fhochéim:
-
Céim 2a – Na Creataí Iontrála Béarla
I gCéim 2a tá creat iontrála le cruthú do gach ceann de na ceannfhocail Bhéarla a roghnaíodh i gCéim 1. Is é atá i gceist le creat iontrála ná iontráil i mbunachar sonraí ina gcuimseofar cialla agus úsáidí difriúla an fhocail, maille le mioneolas gramadaí agus feidhme agus samplaí ábhartha ón gcorpas 1.7 billiún focal Béarla atá á úsáid don tionscadal. Is é aidhm na gcreataí iontrála pictiúr nó próifíl iomlán de gach focal Béarla a sholáthar do na haistritheoirí i gCéim 2b. Tá samplaí de na Creataí Iontrála le fáil anseo. -
Céim 2b – An Obair Aistriúcháin
Leagan(acha) Gaeilge d’ábhar na gCreataí Iontrála a sholáthar. -
Céim 2c – An Obair Eagarthóireachta
Ábhar d’iontrálacha an Fhoclóra a roghnú, na hiontrálacha féin a chur le chéile agus eagarthóireacht a dhéanamh orthu.
An Staid Reatha
Céim 2a
Ghnóthaigh an comhlacht LexMC an conradh chun na Creataí Iontrála Béarla a sholáthar, agus chuireadar tús leis an obair seo i mí Feabhra 2008. Ina bhaisceanna ráithiúla a sheachadtar an t ábhar Béarla seo go dtí Tionscadal an Fhoclóra agus tá 7 mbaisc seachadta go dtí seo. Tá an bhaisc dheireanach le seachadadh ag deireadh mhí Lúnasa 2010. Seo thíos achoimre ar a bhfuil sna 7 mbaisc atá seachadta ag LexMC go dtí seo.
| Ceannfhocail | Cialla | Frásaí samplacha | Focail | |
|---|---|---|---|---|
| Baisc 1 | 1,820 | 5,661 | 25,000 | 655,000 |
| Baisc 2 | 4,590 | 17,000 | 61,000 | 1,625,000 |
| Baisc 3 | 4,980 | 16,900 | 66,000 | 1,931,000 |
| Baisc 4 | 4,170 | 16,601 | 70,985 | 1,844,000 |
| Baisc 5 | 4,710 | 16,576 | 73,169 | 1,989,000 |
| Baisc 6 | 5,005 | 16,514 | 75,401 | 2,021,800 |
| Baisc 7 | 4,671 | 17,198 | 70,370 | 2,242,700 |
| IOMLÁN | 29,946 | 106,450 | 441,925 | 12,308,500 |
Tá samplaí de na Creataí Iontrála le feiceáil anseo.
Céim 2b - An Obair Aistriúcháin
Thosaigh céim an aistriúcháin in 2009. Earcaíodh painéal d’aistritheoirí páirtaimseartha agus cuireadh oiliúint orthu maidir leis an gcur chuige aistriúcháin agus maidir le feidhmchláir ríomhaireachta an fhoclóra. Bhí 6,400 ciall (thart ar 6% den ábhar iomlán) aistrithe ag na haistritheoirí faoi dheireadh Aibreáin 2010.
Tá samplaí den ábhar aistrithe le fáil anseo.
Tá babhta eile earcaíochta á rith i mí Bealtaine chun breis aistritheoirí a earcú – breis eolais le fáil anseo.
Céim 2c
Anois agus céim an aistriúcháin faoi lánseol tá réamhullmhúchán ar bun ag foireann an Fhoclóra do chéim na heagarthóireachta .i. na hiontrálacha deiridh a scríobh bunaithe ar an ábhar aistrithe ó Chéim 2b. Tá i gceist tús ceart a chur leis an obair eagarthóireachta i mí Mheán Fómhair 2010.
Áiseanna & Obair Eile
Nua-Chorpas na hÉireannTá téacsanna breise á n-ullmhú lena gcur leis an gCorpas. Le bliain anuas tá forbairt á déanamh ar an bhfeidhmchlár clibeála a láimhseálann na téacsanna Gaeilge, i gcomhpháirtíocht le Coláiste na Tríonóide, d’fhonn breis feidhmeanna a chur leis an gCorpas.
Sketchengine
Tar éis comórtas idirnáisiúnta, roghnaíodh an feidhmchlár DPS mar chóras scríofa foclóra don tionscadal. Is feidhmchlár an-chumhachtach é an DPS a chuireann ar chumas foclóirithe bunachar sonraí struchtúrtha d’iontrálacha a chruthú agus a láimhseáil go héifeachtach. Is áis an-solúbtha agus ilfheidhmeach é an córas táirgthe foclóra seo a fhágann gur féidir foclóirí difriúla a tháirgeadh as an aon bhunachar sonraí amháin; dá réir sin ní don Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge amháin atá i gceist é a úsáid ach chun foclóirí eile a tháirgeadh amach anseo.
Breis eolais: http://www.sketchengine.co.uk/
An DPS
Tar éis comórtas idirnáisiúnta, roghnaíodh an feidhmchlár DPS mar chóras scríofa foclóra don tionscadal. Is feidhmchlár an-chumhachtach é an DPS a chuireann ar chumas foclóirithe bunachar sonraí struchtúrtha d’iontrálacha a chruthú agus a láimhseáil go héifeachtach. Is áis an-solúbtha agus ilfheidhmeach é an córas táirgthe foclóra seo a fhágann gur féidir foclóirí difriúla a tháirgeadh as an aon bhunachar sonraí amháin; dá réir sin ní don Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge amháin atá i gceist é a úsáid ach chun foclóirí eile a tháirgeadh amach anseo.
Breis eolais: http://www.idm.fr/

