Home | Skip Navigation | Accessibility Information | Site Search | Site Map | Contact Us 
Abhaile | Teagmháil | Cuardaigh | Mapa an láithreáin | Inrochtaineacht  

Samplaí den ábhar aistrithe | Sample Translations

Níl san ábhar samplach seo ach an chéad aistriúchán ar an ábhar. Níl aon eagarthóireacht eatramhach ná deiridh déanta air fós; go praiticiúil is dréachtaistriúchán é ag an staid seo, agus tá seiceáil agus iomlánú cuimsitheach le déanamh air sula mbeidh sé réidh le cur faoi bhráid eagarthóra i gCéim 2C den tionscadal.


Príomhchritéir bhailíochta an ábhair Ghaeilge

(1.) Bailíocht ó thaobh na cainte beo: an Ghaeilge bheo mar atá sí á labhairt faoi láthair ag pobal na teanga a ghabháil agus a ceart a thabhairt di. Chuige sin is aistriúchán ó mheabhair (.i. as a stuaim féin gan aon fhoinsí a sheiceáil) ar dtús atá na haistritheoirí a dhéanamh ar an ábhar Béarla seachas i gcás téarmaí nó focail theicniúla.

(2.) Bailíocht ó thaobh na bhfoinsí príomha: ábhar bainteach na bpríomhfhoinsí foclóireachta agus téarmaíochta a ghabháil agus a chur san áireamh. Chuige sin déantar cíoradh agus seiceáil chórasach ar na foinsí príomha foclóireachta agus téarmaíochta mar chuid den phróiseas comhlánaithe sula scaoiltear an t-ábhar aistrithe ar aghaidh chuig céim na heagarthóireachta.

(3.) Bailíocht ó thaobh chumhdach na mórchanúintí: a chinntiú go ndéantar cumhdach cothrom ar na mórchanúintí Gaeltachta i dtiomsú ábhar an fhoclóra agus in ábhar foilsithe an fhoclóra. Chuige sin tá aistriúchán sna trí mhórchanúint á dhéanamh ar an 1000 ceannfhocal is minice sa Bhéarla, rud a chuimsíonn 80% de ghnáthúsáid laethúil an Bhéarla ó bhéal nó i scríbhinn. Chomh maith leis sin, tá clibeáil chanúna á déanamh ar gach focal agus frása Gaeilge a thagann i dtreis in aistriú an 1000 ceannfhocal sin chun a léiriú cad iad na mórchanúintí ina bhfaightear focal nó frása Gaeilge ar leith.


Aicmiú an ábhair Bhéarla ó thaobh próiseas aistriúcháin

Chun críche chéim an aistriúcháin, tá an t-ábhar Béarla aicmithe ina thrí aicme mar seo a leanas:


Aicme A: Aistriúchán Cuimsitheach. Áirítear in Aicme A an 1000 ceannfhocal Béarla is airde minicíocht agus a chumhdaíonn 80% den ghnáthchumarsáid. Ó thaobh an aistriúcháin, is aistriúchán ó mheabhair a dhéantar ar dtús (seachas más ciall theicniúil atá i gceist). Bíonn triúr aistritheoirí, duine as gach mórchanúint, páirteach in aistriú na gceannfhocal in Aicme A, agus déantar marcáil chanúna ar gach aistriúchán Gaeilge.

Is i réimse DIAL a dhéantar an mharcáil chanúna do gach leagan Gaeilge. Ag brath ar an chanúint atá aige/aici, roghnaíonn an t-aistritheoir C (= Connacht), M (= Mumha) nó U (= Ulaidh) mar is cuí, ansin cuirtear ceann de na cóid thíos taobh leis an nod canúna:

1 (mar aistriúchán ar an chiall áirithe seo den cheannfhocal Béarla) is leagan é seo a d’úsáidfinn i mo mhórchanúint féin
0 (mar aistriúchán ar an chiall áirithe seo den cheannfhocal Béarla) ní leagan é seo a d’úsáidfinn i mo mhórchanúint féin
A (mar aistriúchán ar an chiall áirithe seo den cheannfhocal Béarla) níl mé cinnte cé acu a d’úsáidfinn an leagan seo i mo mhórchanúint féin nó nach n-úsáidfinn
N (mar aistriúchán ar an chiall áirithe seo den cheannfhocal Béarla) is focal canúintneodrach é seo, .i. is focal é seo a d’úsáidfinn i mo mhórchanúint féin cé nach mbaineann an focal leis an chanúint per se, m.sh. ríomhaire, bus, litearthacht, srl.

Samplaí: help agus kind


Aicme B: Aistriúchán Meánach. Áirítear in Aicme B gach ceannfhocal Béarla seachas an 1000 atá in Aicme A agus na ceannfhocail atá in Aicme C thíos. Aistriúchán ó mheabhair a dhéantar ar na ceannfhocail seo ar dtús. Ní dhéantar aon mharcáil chanúna orthu.

Samplaí: kick agus kiss


Aicme C: Aistriúchán Bunúsach. Áirítear in Aicme C gach ceannfhocal a mbaineann gach aonad céille (.i. brí) de le réimse teicniúil. Is seiceáil foinsí go príomha a éilíonn na ceannfhocail seo, agus cláraítear i gcónaí cé acu de na foinsí príomha a bhfuil leagan Gaeilge den cheannfhocal Béarla le fáil iontu. Is é an próiseas aistriúcháin céanna atá le leanúint i gcás na n-aonad céille teicniúil nó téarmaíochta atá faoi cheannfhocail in Aicmí A agus B.

Réimse foinse Cur síos garbh
SRC=focal chun a chlárú cé acu atá an leagan Gaeilge ar fáil ar focal.ie nó nach bhfuil
SRC=EID chun a chlárú cé acu atá an leagan Gaeilge ar fáil in English-Irish Dictionary (de Bhaldraithe) nó nach bhfuil
SRC=FGB chun a chlárú cé acu atá an leagan Gaeilge ar fáil in Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill) nó nach bhfuil
SRC=Other chun moladh le bunús a dhéanamh i gcás bearna
chun leagan a chlárú nach bhfuil sna foinsí thuas ach atá sa chaint, i gcúrsaíocht, sa chanúint srl
chun leagan a chlárú atá le fáil i bhfoclóir Fraincise, Spáinnise srl

Samplaí: monotonic-muezzin

Foras na Gaeilge logo