Príomhphearsanra| Project Team
Príomhphearsanra
Foras na Gaeilge
Bunaíodh Foras na Gaeilge i 1999 faoin Acht um Chomhaontú na Breataine - na hÉireann. Is foras rialtais trasteorann é an Foras, dar aidhm agus cúram reachtúil an Ghaeilge a chur chun cinn i ngach earnáil den tsochaí, Thuaidh agus Theas, agus tá réimse leathan feidhmeanna ag an bhForas chuige sin. Nuair a bunaíodh an Foras, cuireadh forbairt na foclóireachta Gaeilge mar dhualgas sonrach air, agus tá tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge faoi réim Stiúrthóireacht na Seirbhísí Oideachais.
Foireann an Tionscadail
Is iad na daoine seo a leanas ar fhoireann Fhoras na Gaeilge atá plé go díreach le tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge faoi láthair:
Seosamh Ó Murchú, Eagarthóir Sinsearach sa Ghúm
Tá Seosamh ina Eagarthóir Sinsearach sa Ghúm ó 1998 i leith agus clár foilseachán an tí faoina stiúir. Iar-eagarthóir na hirise Comhar is ea é agus bhí sé ina chomheagarthóir ar an irisleabhar bliantúil Oghma. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an stáisiúin raidió pobail, Raidió na Life, chomh maith.
Pádraig Ó Mianáin, Eagarthóir Foclóireachta
Bhí Pádraig ar fhoireann eagarthóireachta an Collins Gem Irish Dictionary agus an Collins Pocket Irish Dictionary, agus ina dhiaidh sin bhí sé ag obair ag an tríú leibhéal mar léachtóir agus mar thaighdeoir foclóireachta.
Cathal Convery, Bainisteoir Tionscadail
Tá Máistreacht san Aistriúchán (Gaeilge agus Fraincis) ag Cathal agus taithí na mblianta aige ar bhainistíocht tionscadal i réimse Theicneolaíocht na Faisnéise, in Éirinn agus thar lear.
Muiris Ó Raghallaigh, Eagarthóir Cúnta sa Ghúm
Eagarthóir Cúnta sa Ghúm is ea Muiris. Thosaigh sé ag obair ar an bhFoclóir in 2004 le linn Chéim 1 den tionscadal. Chaith Muiris tamall ag múineadh Sean-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide agus rinne sé M.A. ar fhoinsí Sean-Ghaeilge ina dhiaidh sin. Roimhe sin chaith sé tréimhse ar thionscadal taighde ar an nGaeilge Chlasaiceach i gColáiste na Tríonóide, agus tréimhse ag obair ar Fhoclóir Stairiúil na Nua-Ghaeilge in Acadamh Ríoga na hÉireann.
Páirtithe Seachtracha an Tionscadail
Jó Ní Dhonnchadha: Oifigeach Forbartha Corpais
Is í Jó atá i mbun ábhar agus téacsanna breise a aimsiú agus a ullmhú le cur le Nua-Chorpas na hÉireann. Tá Jó ag obair in earnáil na foilsitheoireachta, agus tá fiche bliain caite aici ag obair mar eagarthóir agus mar fhoilsitheoir i gcomhlachtaí éagsúla i mBaile Átha Cliath. I measc a cuid foilseachán féin tá saothar critice ar an úrscéalaí Brian Moore agus Brewer’s Dictionary of Irish Phrase and Fable (i gcomhar le Sean McMahon).
Lexicography MasterClass (LexMC)
Is comhlacht foclóireachta atá aitheanta go hidirnáisiúnta é Lexicography Masterclass (LexMC), atá faoi stiúir Sue Atkins, Adam Kilgarriff agus Michael Rundell. Ina gcáil féin agus mar chomhlacht, tá taithí fhorleathan ag foireann LexMC ar tháirgeadh foclóirí agus tá mórchlú orthu freisin i dtaca le nuálaíocht i gcúrsaí foclóireachta agus ríomhfhoclóireachta. Bhí dlúthbhaint ag an triúr acu le forbairt an chur chuige chorpasbhunaithe, cur chuige réabhlóideach atá tar éis athrú ó bhonn a chur ar an bhfoclóireacht ó na 1980í i leith. Bhí siad uile páirteach i roinnt foclóirí ceannródaíocha, idir fhoclóirí aonteangacha agus fhoclóirí dátheangacha, agus in 2008 d’fhoilsigh siad The Oxford Guide to Practical Lexicography (Atkins & Rundell 2008). Cuireann LexMC oiliúint foclóireachta agus seirbhísí comhairleacha ar fáil do chomhlachtaí agus d’eagraíochtaí, idir acadúil agus ghnó, ar fud an domhain. Is é LexMC a reáchtálann an cheardlann bhliantúil foclóireachta ‘Lexicom’, agus mar chuid de thionscadal an Fhoclóra Nua Béarla -Gaeilge thug siad cúrsaí san fhoclóireacht in ionaid éagsúla sa tír.
Is faoi LexMC é bunachar sonraí d’iontrálacha léacsacha a dhearadh, a thiomsú agus a chur ar fáil don tionscadal. Úsáideann LexMC corpas de 1.7 billiún focal chun grinnanailís a dhéanamh ar 50,000 nathanna cainte Béarla, agus is iad torthaí na grinnanailíse sin atá sa bhunachar sonraí.
Suíomh Gréasáin: http://www.lexmasterclass.com
Sue Atkins
Tá Sue Atkins ina foclóirí gairmiúil ó 1966. Bhí sí ina hEagarthóir Stiúrtha ar fhoclóirí Béarla-Fraincise Collins-Robert agus ina dhiaidh sin ina Comhairleoir Foclóireachta ag Oxford University Press. Tá taithí leitheadach aici ar bheith ag déanamh taighde agus ag teagasc san fhoclóireacht; tá céimeanna onóracha D Litt bronnta uirthi ag Ollscoil Brighton sa Ríocht Aontaithe, agus ag Ollscoil Pretoria san Aifric Theas as a saothar saoil i réimse na foclóireachta.
Michael Rundell
Tá Michael Rundell ag plé leis an bhfoclóireacht ar bhonn gairmiúil le 25 bliain anuas. Is ar fhoclóirí d’foghlaimeoirí Béarla is mó a bhíonn sé ag obair, agus is é a bhí ina Phríomh-Eagarthóir ar an Macmillan English Dictionary for Advanced Learners (2002). Bhí páirt lárnach aige i ndearadh corpais Bhéarla, an British National Corpus san áireamh. Tá cúrsaí teagaisc san fhoclóireacht chorpasbhunaithe á dtabhairt aige le blianta fada, leis.
Adam Kilgarriff
Tá Adam Kilgarriff ina Stiurthóir ar Lexical Computing Ltd., an comhlacht a d’fhorbair an Sketch Engine, uirlis ceannródaíoch don taighde corpas-bhunaithe. Tá suim faoi leith aige sna réimsí sin ina dtagann an ríomhtheangeolaíocht, an teangeolaíocht chorpais agus tiomsú foclóirí le chéile. Tá tréimhsí caite aige ag obair le Longman Dictionaries, Oxford University Press, agus le hOllscoil Brighton, tá sé ina Stiurthóir anois ar LexMC agus ar Lexical Computing. Féach leis www.kilgarriff.co.uk.
Valerie Grundy
Is Eagarthóir Bainistíochta an tionscadail í an Dr Valerie Grundy agus tá 18 bhfoclóirí faoina stiúir. Tá fiche bliain caite aice ag obair i ngort na foclóireachta dátheangaí. Bhí sí ina Comh-Phríomh-Eagarthóir ar an Oxford Hachette French Dictionary (1994) agus is í a bhí i mbun bhainistiú an Oxford Pocket Irish Dictionary (2000). Tugann sí seimineáir iarchéime ar chúrsaí foclóireachta sna hollscoileanna in Lyon agus Lille.
Diana Rawlinson
Is Riarthóir an Tionscadail í Diana Rawlinson, agus tá sí bhfeighil ar na gnéithe sin den obair nach mbaineann leis an eagarthóireacht. Tá sí ag obair le LexMC ó 2003.
Ingénierie Diffusion Multimédia SA (IDM)
Is é an comhlacht Ingénierie Diffusion Multimédia SA (IDM) atá ag soláthar agus ag riar an chórais táirgthe foclóra (Dictionary Production System, nó DPS) ar a bhfuil an tionscadal bunaithe. Tá IDM ag soláthar bogearra do thionscal na heagarthóireachta agus na foilsitheoireachta ó bunaíodh é in 1994, agus riarann siad ar fhoilsitheoirí foclóirí, ciclipéad, eolairí agus catalóg, agus ar sholáthróirí gnó agus seirbhísí airgeadais. Áirítear go leor de mhórfhoilsitheoirí foclóirí na Ríochta Aontaithe, na Mór-Roinne, na Síne agus SAM ar na comhlachtaí a bhaineann úsáid as bogearra IDM.
Suíomh Gréasáin: http://www.idm.fr/
Philippe Climent
Tá Céim Mháistreachta sa Mhatamaitic Fheidhmeach agus sa Ríomhinnealtóireacht ag Philippe. Bhí poist éagsúla aige mar Innealtóir i gCóras Rialtais na Fraince agus ina dhiaidh sin le France Telecom. Bhunaigh sé IDM in 1994 agus is é bainisteoir an chomhlachta é ó shin i leith.
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha
Is i gcomhpháirtíocht leis an Lárionad Staidéar Teanga is Cumarsáide (CLCS) i gColáiste na Tríonóide atá forbairt leanúnach á déanamh ar Nua-Chorpas na hÉireann.
Suíomh Gréasáin: http://www.tcd.ie/slscs/clcs/
Elaine Uí Dhonnchadha
Is léachtóir sa Choláiste í Elaine. Is í a stiúraigh marcáil agus ríomhphróiseáil an ábhair do Nua-Chorpas na Gaeilge i gCéim 1 den tionscadal, agus ó thús 2008 tá sí i bhfeighil na hoibre chun breis feidhmeanna agus téacsanna a chur leis an gcorpas. Roimhe sin bhí Elaine ar fhoireann Institiúid Teangeolaíochta Éireann a chuir Corpas Náisiúnta na Gaeilge (2003) i dtoll a chéile.
Christoph Wendler
Tá céim M.A. sa teangeolaíocht ag Christoph ó Ollscoil München. Tá taithí aige ar ríomhchlárúchán agus ar fhorbairt bogearraí i ríomhtheangacha éagsúla agus tá sé ag obair ar fhorbairt theicniúil an chorpais Ghaeilge ó thús 2008.
Kevin Scannell
Tá Kevin ina Stiúrthóir Ríomheolaíochta in Ollscoil San Louis, Missouri. Tá cuid mhór taighde déanta aige ar chúrsaí ríomhtheangeolaíochta i dteangacha éagsúla agus sa Ghaeilge go háirithe; tá gramadóir agus litreoir Gaeilge forbartha aige, agus is é atá i gceannas ar an bhfoireann a d’fhorbair an leagan Gaeilge de Firefox. Tá Kevin ag comhoibriú leis an tionscadal chun téacsanna a phróiseáil agus a chlibeáil, ionas gur féidir leaganacha neamhchaighdeánacha a chur san áireamh agus samplaí á gcuardach ag úsáideoirí an Chorpais
Suíomh Gréasáin: http://borel.slu.edu/nlp.html
