Nuacht | News
Baisc 6 de na ceannfhocail Bhéarla seachadta
30/11/2009
Rinneadh an séú baisc de na Creataí Iontrála Béarla a sheachadadh ag deireadh mhí na Samhna 2099. Fuarthas 12% den ábhar iomlán sa bhaisc seo, rud a fhágann go bhfuil 64% den ábhar Béarla seachadta anois. Ceannfhocail sa raon make go dtí pick atá sa bhaisc seo.
Seachadfar na baisceanna eile ar bhonn ráithiúil go dtí go bhfaighfear an bhaisc dheireanach i mí Iúil na bliana reatha.
Tá samplaí de na Creataí Iontrála le fáil anseo.
