Nuacht | News
Baisc 1 de na ceannfhocail Bhéarla seachadta
30/07/2008
Rinne LexMC an chéad bhaisc de na Creataí Iontrála a sheachadadh ag deireadh Mhí Iúil 2008. Fuarthas 4% den ábhar iomlán, i.e. ceannfhocail faoin litir A – 1,820 ceannfhocal/5,400 aonad céille san iomlán. Tá Foras na Gaeilge i mbun rialú cáilíochta a dhéanamh ar na Creataí Iontrála seo faoi láthair.
Is é atá i gceist le creat iontrála ná iontráil i mbunachar sonraí ina gcuimseofar cialla agus úsáidí difriúla an fhocail, maille le mioneolas gramadaí agus feidhme agus samplaí ábhartha ón gcorpas 1.7 billiún focal Béarla atá á úsáid don tionscadal. Is é aidhm na gcreataí iontrála pictiúr nó próifíl iomlán de gach focal Béarla a sholáthar do na haistritheoirí i gCéim 2b.
Tá samplaí le feiceáil ach cliceáil anseo.

