An Fhoclóireacht Ghaeilge | Irish Lexicography
Ó Wurzburg go Foras na Gaeilge: Traidisiún na foclóireachta sa Ghaeilge
Tháinig ann don fhoclóireacht chun freastal ar cheachtar de dhá riachtanas i.e. focail chrua teanga a mhíniú ar bhealach simplí nó focail teanga amháin a mhíniú i dteanga eile. Ós mar sin atá an scéal, is féidir a mhaíomh go bhfuil foclóireacht na Gaeilge ar siúl go hidirnáisiúnta ón ochtú haois.
Wurzburg
Timpeall na bliana 750, in Würzburg na Gearmáine, scríobh mac léinn gan ainm ó Éirinn mínithe ina theanga féin ar théacs Laidine d’eipistilí Phóil mar áis aige chun an téacs Laidine a thuiscint. Maireann an téacs agus na mínithe i gcónaí in Würzburg. Sin é an iarracht is sine atá againn ar an bhfoclóireacht dhátheangach a shaothrú i nGaeilge. Tá saothrú foclóireachta de shaghsanna éagsúla ar siúl inár dteanga ón mbliain sin anuas go dtí inniu – aistear timpeall agus 1,250 bliain.
Cormac
Sanasáin iad na chéad fhoclóirí a tiomsaíodh sa Ghaeilge neamhspleách ar théacs coimhdeachta. Dhealródh sé gurbh as gluaiseanna a bhí curtha cheana féin le téacsanna a cuireadh ábhar na sanasán as a chéile. Sanas Chormaic an ceann is cáiliúla díobh sin a cuireadh le chéile os cionn míle bliain ó shin. Cormac Mac Cuileannáin a cailleadh sa bhliain 908 a dhein é. Foclóir ciclipéideach atá ann – míniú simplí comhchiallach aige sa Ghaeilge nó sa Laidin ar chuid de na ceannfhocail, iarracht aige ar bhunús na bhfocal a thabhairt i gcásanna áirithe agus eolas ciclipéideach tugtha aige uaireanta. Maítear gurbh é an chéad fhoclóir teangeolaíochta é in aon cheann de theangacha neamhchlasaiceacha na hEorpa. Rí agus easpag ar Chaiseal Mumhan ba ea Cormac.
Ó Cléirigh
Proinsiasach ó Dhún na nGall agus fear ceannais na gCeithre Máistrí ba ea Micheál Ó Cléirigh (‘Tadhg an tSléibhe’) an té a chuir sanasán cáiliúil eile le chéile ar a dtugtar ‘Sanasán Mhichíl Uí Chléirigh’. Cuireadh an sanasán seo i gcló sa bhliain 1643 le linn don údar a bheith ina bheatha. Tá an dá shanasán sin agus sanasáin nach iad luachmhar ar an eolas sanasaíochta agus ciclipéideach atá iontu agus ar an míniú a thugtar iontu ar chruafhocail agus toisc focail a bheith iontu nach bhfuil aon fhianaise le fáil orthu ach fianaise chaint bheo ár linne féin.
Pluincéad
Sa bhliain 1662 sea a chríochnaigh Risteard Pluincéad, Proinsiasach a bhí ag cur faoi i mBaile Átha Troim, Co. na Mí, an chéad fhoclóir mór dátheangach a bhaineann leis an nGaeilge, foclóir Laidin-Gaeilge. Níor foilsíodh riamh lámhscríbhinn an údair atá anois i Leabharlann Marsh i mBaile Átha Cliath. Ar a shon sin, bhain cuid de na foclóirithe ó shin i leith go rábach aisti.
An 18ú hAois
Edward Lhuyd, Breatnaiseoir, an chéad duine orthu sin a chuir foclóir an Phluincéadaigh chun tairbhe san fhoclóir de liostaí ilteangacha (na teangacha Ceilteacha go léir, Laidin, Béarla) a chuir sé i gcló sa bhliain 1707. I rith an 18ú haois, tiomsaíodh dhá mhórfhoclóir Béarla-Gaeilge agus dhá cheann Gaeilge-Béarla. I bPáras na Fraince sa bhliain 1732 sea a foilsíodh an chéad fhoclóir cuimsitheach Béarla-Gaeilge agus is sa chathair chéanna sa bhliain 1768 an chéad cheann Gaeilge-Béarla. Conchubhar Ó Beaglaoich, a bhí ina shagart agus ina oide teaghlaigh i bPáras, agus Aodh Buí Mac Cruitín, fear léinn ó Cho. an Chláir, a thiomsaigh ceann 1732. Seán Ó Briain, easpag ar Chluain agus Ros i gCo. Chorcaí a chuir ceann 1768 le chéile. D’fhan foclóir Gaeilge-Béarla Thaidhg Uí Neachtain (1739) agus ceann Béarla-Gaeilge Chrab (1747) ina lámhscríbhinní gan foilsiú.
An 19ú hAois
Sa 19ú haois, cuireadh le chéile trí fhoclóir Béarla-Gaeilge agus an líon céanna d’fhoclóirí Gaeilge-Béarla. Foilsíodh ceithre cinn acu - foclóir Béarla-Gaeilge Thaidhg Uí Choinnialláin (1814) agus ceann Dhomhnaill Uí Fhoghludha (1855), foclóir Gaeilge-Béarla Éadbhaird Uí Raghallaigh (1817, 1821, 1864) agus ceann Thomas de Vere Coneys (1849). Ina lámhscríbhinní i gcónaí atá foclóir Gaeilge-Béarla Pheadair Uí Chonaill ó Cho. an Chláir agus ceann Béarla-Gaeilge Roibeaird Mhic Ádhaimh (c.1850), fear gnó i mBéal Feirste, Protastúnach agus athbheochantóir Gaeilge.
An 20ú hAois
San 20ú haois, foilsíodh ceithre cinn d’fhoclóirí ginearálta Béarla-Gaeilge agus trí cinn d’fhoclóirí móra Gaeilge-Béarla – foclóirí Béarla-Gaeilge Edmund Fournier d’Albe (1903), Timothy O’Neill Lane (1904, 1918), Láimhbheartaigh Mhic Cionnaith (1935), Thomáis de Bhaldraithe (1959) agus foclóirí Gaeilge-Béarla Phádraig Uí Dhuinnín (1904, 1927), Contributions to a dictionary of the Irish Language (1913-76), arna fhoilsiú ag Acadamh Ríoga na hÉireann agus ar foclóir Sean- agus Meán-Ghaeilge go príomha é, agus Foclóir Gaeilge-Béarla Néill Uí Dhónaill (1977). San aois sin, chomh maith, foilsíodh líon nach beag de shainfhoclóirí téarmaí, d’fhoclóirí canúnacha, d’fhoclóirí do na scoileanna agus d’fhoclóirí póca. Cuireadh dhá fhoclóir ar fáil a bhain leis an nGaeilge agus teanga eile seachas an Béarla san aois seo den chéad uair ó aimsir an Phluincéadaigh sa 17 haois – foclóir Gaeilge-Fraincis Risteird de Hae (1952) agus ceann Gaeilge-Briotáinis Loeiz Andouard agus Éamoin Uí Chiosáin (1987).
Is mór an focal é . . .
Lucht léinn a raibh cion acu ar an nGaeilge ba ea na rífhoclóirithe a shaothraigh an fhoclóireacht Ghaeilge. Ní heol dúinn go beacht cad iad na modhanna oibre a chleachtadh a bhformhór. Ní bhíodh aon leisce orthu, áfach, tarraingt as na foclóirí Gaeilge a bhí ann rompu, rud atá léirithe go léannta, agus i modh grinn go minic, in iliomad alt ag duine de rífhoclóirithe an fichiú haois, Tomás de Bhaldraithe. Tríd is tríd, chuir an taighde seo acu sna foinsí a bhí ann rompu go mór le fiúntas agus scóip a gcuid saothair. Bhíodh dul amú orthu uaireanta maidir leis an leagan a bhainidís as na foinsí, áfach. Uaireanta eile, ní bheifeá cinnte nach le barr grinn a chuiridís leaganacha barrúla isteach. Is deacair a bheith cinnte cé acu dearmad nó greann ba bhun leis na samplaí seo a leanas atá le fáil sna foclóirí romhainn - “giolla earbuill, a page or train-bearer”; “lachaim, to duck or dive”; “calaoiseach, a juggler”; “bol, a poet; a cow”. Nuair a bheidh eagarthóir foclóra le ceapadh feasta cá bhfios nárbh fhearr rud a dhéanfaí ná “siollaire” a lorg - “siollaire, a scanner of every word, a carper, a dictator; a beater, striker, smiter, a dexterous harper also a good singer; siollaire mná, a strong comely woman” – sin é an cur síos atá i gcuid de na foclóirí ar an té ar a dtugtar “siollaire”.
Beidh sé spéisiúil conas a bheidh an focal “siollaire” á chur in úsáid ag na foclóirithe atá ag teacht inár ndiaidh. Pé scéal é, ní haon ábhar náire dúinn an t-aistear míle dhá chéad bliain agus breis atá curtha di aici ag foclóireacht na Gaeilge ón ngluaiseoir úd Würzburg go dtí foclóir nua Fhoras na Gaeilge.

