An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
Focail chosúla: lounge · youngish · bound · bung · count · doing · dong · dung · found · going
  • EN > GA
  • GA > EN

young

1. noun ZOOL offspring collectively2. adjective not very old3. adjective youthful4. adjective of sb's siblings, children etc
phrases
1 noun ZOOL offspring collectivelyóga masc1  c m uthe young na hógathe hen with her young an chearc agus a héillín, an chearc agus a hálthe cat is with young tá piscíní le bheith ag an gcat, tá an cat ag súil le cait óga 2 adjective not very oldóg adj1  c m uhe's still young tá sé óg go fóillchildren as young as five leanaí chomh hóg le cúig blianaif I were twenty years younger dá mbeinn fiche bliain níos óigeshe's not getting any younger ní ag dul in óige atá sí, níl sí ag éirí a dhath níos óige, ní in aois na hóige atá sí ag dulhe's five years younger than me tá sé cúig bliana níos óige ná misein my young days nuair a bhí mé óg, nuair a bhí mé beag, i m'óige dom, le linn m'óigeshe started talking about her younger days thosaigh sí ag caint ar laethanta a hóige, thosaigh sí ag caint faoina hóigehe looks very young tá cuma an-óigeanta airshe looks young for her age tá cuma óg uirthi dá haois, ní fhéachann sí a haoishis father died young fuair a athair bás go hóg, fuair a athair bás anabaíhow great it is to be young! is fiú don óige a bheith beo!, nach aoibhinn don dream óg!they have a young family tá clann óg orthu, tá páistí óga acuthe younger generation an ghlúin óg, an dream óghe's got a young lady at last! tá cailín aige faoi dheireadh!, tá girseach aige faoi dheireadh!that's Caoimhe's young man sin buachaill Chaoimhe, sin stócach Chaoimhelisten to me, young man! éist liom, a stócaigh!; éist liom, a mhac!isn't he the young rascal! nach é an rógaire beag é!young moon gealach úr, gealach nuayoung nation náisiún nuayoung wine fíon úryoung tree crann óg, buinneán
Taispeáin iontráil iomlán 
3 adjective youthfulshe has a very young outlook tá dearcadh an-óigeanta aicithose clothes are too young for you tá tú róshean do na héadaí sinyoung Colm Colm Óg, Colm Beagthe young Collins an Coileánach ógyoung love grá na hóigeyoung fashion faisean daoine óga, faisean do dhaoine óga 4 adjective of sb's siblings, children etcmy younger sister mo dheirfiúr bheag, deirfiúr atá níos óige ná misemy youngest brother an deartháir is óige atá agamhe's the youngest in the family is é an duine is óige den teaghlach é, eisean is óige sa teaghlach, is é deireadh an áil é
phrases

for young and old alike

it's a game for young and old alike cluiche é a mbainfidh idir óg agus aosta sult as

the night is young

níl an oíche ach ina tús

you're only young once

ní thagann an óige ach aon uair amháinis deas í an óige ach ní fhaightear faoi dhó íis iomaí lá san uaigh orainn

young at heart

she's young at heart tá croí óg aici, tá sí óigeanta ina dóigh

Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile