An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
Focail chosúla: thanks · hank · tank · than · thane · think · ethane · thankful · Ghana · bank
  • EN > GA
  • GA > EN

thank

verb express gratitude or recognition TRANSITIVEbuíochas a ghabháil lebuíochas a ghlacadh lebuíochas a thabhairt dothey thanked us warmly for our help ghabh siad buíochas ó chroí linn as ár gcuidiúit only remains to thank you all for coming níl le déanamh anois ach buíochas a thabhairt daoibh uilig as teachtI can't thank you enough for all you did táim faoi chomaoin go héag agat as a ndearna tú, mo bhuíochas go deo leat as a ndearna tú
phrases

to have sb/sth to thank for ...

1 owe gratitude to sb/sthyou have Róisín to thank for it being paid a bhuíochas do Róisín gur íocadh é, Róisín faoi deara gur íocadh éI have the helmet to thank for escaping serious injury a bhuíochas don chlogad nár gortaíodh go dona mé, is é an clogad a shábháil ar dhrochghortú méwe had my mother to thank for the money a bhuíochas do mo mháthair a fuaireamar an t-airgead 2 owe blame to sb/sthwe have the weather to thank for scuppering our plan a bhuíochas don aimsir a cuireadh ár bplean ó rath, an aimsir is cúis lenár bplean a bheith ó rathwe have the lawyers to thank for the delay ar na dlíodóirí an locht as an moill, na dlíodóirí is cúis leis an moill

I'll thank you to do sth

(also

I'd thank you to do sth

) I'll thank you not to mention this again ar mhiste leat gan é seo a lua arís; bheinn buíoch díot ach gan é seo a lua arís; ná luaigh é seo arís, mura miste leat

sb won't thank you for ...

she won't thank you for that suggestion ní mó ná sásta a bheidh sí leat as an moladh sin, ní bheidh sí róshásta leat mar gheall ar an moladh sinthey won't thank you for selling it ní bheidh aon bhuíochas acu ort as é a dhíol, ní mó ná buíoch a bheidh siad duit má dhíolann tú é, ní bheidh siad róshásta leat má dhíolann tú é

thank God

(also

thank goodness

, thank heavens

) buíochas le Diabuíochas do Dhiabuíochas le Mac Dé thank God you didn't tell them buíochas le Dia nár inis tú dóibh, a bhuí le Dia nach ndúirt tú leo, buíochas do Dhia nár inis tú dóibh'He was out.' 'Thank God for that!' 'Ní raibh sé istigh.' 'Buíochas le Dia!'thank heavens for umbrellas is maith againn an scáth fearthainne, nach maith an rud go bhfuil scáthanna fearthainne againn

to thank your lucky stars

he should thank his lucky stars I didn't hit him bhí an t-ádh dearg air nár bhuail mé é, bíodh sé buíoch beannachtach nár bhuail mé é

thank you

interjectiongo raibh maith agat'Would you like another?' 'No, thank you.' 'Ar mhaith leat ceann eile?' 'Níor mhaith, go raibh maith agat.'thank you for the card go raibh maith agat as an gcártathank you for inviting me go raibh maith agaibh as cuireadh a thabhairt dom, gabhaim buíochas libh as cuireadh a thabhairt dom, glacaim buíochas libh as an gcuireadhthank you very much go raibh míle maith agat, go raibh céad maith agat say thank you abair go raibh maith agat

Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile