An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
Focail chosúla: thane · thank · khan · tan · that · thaw · then · thin · thine · thing
  • EN > GA
  • GA > EN

than

1 preposition introducing object of comparison  c m uit's bigger than that tá sé níos mó ná sin, is mó é ná sinwe need you more than you need us is mó a theastaíonn tusa uainne ná mar a theastaíonn muidne uaitseshe likes red more than blue is fearr léi dearg ná gormshe does more work than Liam déanann sí níos mó oibre ná Liam, déanann sí níos mó oibre ná mar a dhéanann Liamit was better than what I was expecting bhí sé níos fearr ná mar a bhí súil agam leis, bhí sé níos fearr ná mar a shíl mé a bheadhwho did it is more important than why he did it tá an té a rinne é níos tábhachtaí ná an fáth a ndearna sé éthere's more to this than meets the eye tá níos mó ag baint leis seo ná mar a cheapfá; tá tuilleadh ann, an té a thuigfeadh éhis clothes were even more ragged than hers bhí a chuid éadaí níos gioblaí fiú ná mar a bhí a cuidsewe have more bills now than we had a year ago tá níos mó billí againn anois ná mar a bhí bliain ó shinyour friends know more about your life than I do is mó atá ar eolas ag do chairde faoi do shaol ná mar atá agamsawe arrived at the house thirty minutes later than planned shroicheamar an teach tríocha nóiméad níos deireanaí ná mar a bhí socraithethe population was much smaller than now bhí an daonra níos ísle ná mar atá faoi láthair, bhí an daonra níos ísle thar mar atá anoisthe snow is further north than usual tá an sneachta níos faide ó thuaidh ná mar is iondúil, tá an sneachta níos faide ó thuaidh thar mar is gnách leishe said nothing, being a more patient man than me ní dúirt sé dada mar go bhfuil sé níos foighní ná miseit was worse than him leaving ba mheasa é ná eisean imeachtI'd rather her being cranky than having to put up with Fionn b'fhearr liom a cuidse cantail ná cur suas le Fionnthere are worse things than working tá rudaí níos measa ann ná bheith ag obair, tá rudaí níos measa ann seachas bheith ag obairI blame myself more than him cuirim an milleán orm féin níos mó ná airsean, is mó an locht ormsa ná airseanit's to do with politics rather than rights le polaitíocht a bhaineann sé seachas le ceartahis Irish is better than mine is fearr a chuid Gaeilge siúd ná mo chuidsehis bark is worse than his bite is troime a bhagairt ná a bhuille, is measa a ghlam ná a ghreimshe was a year older than me bhí sí bliain níos sine ná mé, bhí bliain aici ormit will take longer than 14 days tógfaidh sé níos mó ná ceithre lá dhéagmore than twenty breis agus fiche, corradh le ficheyou're more than welcome tá fáilte agus fiche romhat, tá na múrtha fáilte romhatwe had more than enough bhí ár sáith againnhe was less than polite bhí sé mímhúinte, ní raibh sé rómhúinteno less a person than the manager an bainisteoir é féin, an bainisteoir féin 2 preposition introducing object of exception, difference, preference  c m useachas  c m uit was more of a bonus than a problem ba mhó de bhónas ná d'fhadhb é, bónas seachas fadhb a bhí annanybody other than him aon duine seachas eisean, duine ar bith eile ach eiseanthere were people other than you there bhí daoine seachas tusa ann, bhí daoine tharatsa annit's not much different than the others is beag difríocht idir é agus an chuid eile, is beag atá difriúil faoi thar an gcuid eile
Taispeáin iontráil iomlán 
3 conjunctionhardly had we put the baby down than she started to cry níor thúisce an páiste curtha a chodladh againn ná thosaigh sí ag caoineadh, níor thúisce a bhí an páiste curtha a chodladh againn ná gur thosaigh sí ag gol

Iontrálacha Gaolmhara

Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile