An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
Focail chosúla: terribly · horrible · terrine · terrified · the Bible · edible · feasible · horribly · legible · merrily
  • EN > GA
  • GA > EN

terrible

adjective
1 adjective of tragedy, suffering, loss etcuafásach adj1  c m umillteanach adj1  c m utubaisteach adj1there was a terrible accident last night bhí tionóisc uafásach ann aréir, bhí taisme mhillteanach ann aréir, bhí an-drochthimpiste ann aréirthe terrible events of the war na rudaí uafásacha a tharla sa chogadh 2 adjective very unpleasantuafásach adj1  c m umillteanach adj1  c m ugránna adj3  c m uit's a terrible situation is uafásach an cás éshe had a terrible day bhí lá uafásach aici, bhí lá millteanach aici, bhí fíor-dhrochlá aici
Taispeáin iontráil iomlán 
3 adjective illuafásach adj1  c m umillteanach adj1  c m uainnis adj1  c m uI feel terrible airím go huafásach, mothaím go hainnis, níl mé ar fónamh ar chor ar bithhe looked terrible níor fhéach sé go maith, bhí cuma mhillteanach air, bhí cuma an bháis air 4 adjective upsettrína chéile  c m ufíorchorraitheshe was in a terrible state bhí sí an-trína chéile, bhí drochdhóigh amach uirthi, bhí sí in anchaoiI feel terrible about it tá mé trína chéile aige, tá sé ag cur as go mór dom, tá mé fíorchorraithe i ngeall air 5 adjective very poor qualityuafásach adj1  c m umillteanach adj1  c m uainnis adj1  c m uthe acting was terrible bhí an aisteoireacht uafásach, bhí an aisteoireacht go hainnis 6 adjective very untalenteduafásach adj1  c m umillteanach adj1  c m uhe's a terrible jockey marcach uafásach atá ann, is drochmharcach amach is amach éhe's terrible at golf tá sé go hainnis ag an ngalf, níl aon mhaitheas ann mar ghalfaire, tá sé gan úsáid ag an ngalf 7 adjective emphasising sth badI was overcome by a terrible temptation bhuail cathú aisteach mé, bhuail cathú damanta mé, bhuail cathú diamhair méit'd be a terrible shame if he left ba mhór an feall é dá n-imeodh sé, ba mhór an peaca é dá n-imeodh séI have a terrible feeling that my bag was stolen tá faitíos mo chroí orm gur goideadh mo mhála, tá eagla an domhain orm gur goideadh mo mhála 8 adjective guilty, ashamedI feel terrible about what I said mothaím go huafásach faoin méid a dúirt mé, tá náire shaolta orm faoin méid a dúirt mé, airím go holc faoin méid a dúirt mé 9 adjective terrifyinguafáisthe animal gave a terrible cry lig an t-ainmhí scread uafáis as

Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile