An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
  • EN > GA
  • GA > EN

have on

(also

have got on

) 1 (v + adv) be wearing TRANSITIVEcaith verb  c m udid she have a coat on? an raibh cóta uirthi?, an raibh cóta á chaitheamh aici?I've got no shoes on níl aon bhróg orm, níl bróga ar bith ormthey had nothing on bhí siad lomnocht, ní raibh snáth orthu, bhí siad ina gcraiceann dearg 2 (v + adv) have (appliance etc) switched on TRANSITIVEwe have the radiators on tá na radaitheoirí ag gabháil againn, tá na radaitheoirí casta air againnthey had no lights on ní raibh aon soilse lasta acu, ní raibh aon soilse ag gabháil acu
Taispeáin iontráil iomlán 
3 (also

have got

) (v + adv) have as commitments TRANSITIVEI've a lot on today tá a lán ag tarlú inniu, tá go leor le déanamh agam inniu, tá mé an-ghnóthach inniuhe doesn't have much on at the moment níl mórán ar siúl aige faoi láthair, níl mórán ar bun aige faoi láthair
4 (v + adv) informal tease TRANSITIVEbheith ag magadh faoibheith ag séideadh faoibheith ag spochadh as  c m ushe was only having me on ní raibh sí ach ag magadh fúm, ní raibh sí ach ag spochadh asam → féach have

have

verb
auxiliary verb
phrases
verb
1 (also have got) verb possess, be keeper of TRANSITIVEto have sth rud a bheith agathave you any money? an bhfuil aon airgead agat?I hadn't any food ní raibh aon bhia agamif I had a million euro dá mbeadh milliún euro agamshe's got two dogs and a cat tá dhá mhadra agus cat aici 2 (also have got) verb be endowed with TRANSITIVEwe have a good education system tá córas maith oideachais againnDonegal had no government ministers ní raibh aon aire rialtais ag Dún na nGallevery area has its own problems tá a dheacrachtaí féin ag gach ceantarhe's got his own company tá a chomhlacht féin aige
Taispeáin iontráil iomlán 
3 (also have got) verb have attained TRANSITIVEhe doesn't have enough experience níl go leor taithí aige, níl a dhóthain taithí aigeshe has a degree in economics tá céim san eacnamaíocht aicihave you got any qualifications? an bhfuil aon cháilíochtaí agat?Sligo have 10 points tá 10 bpointe ag Sligeachthey've got 57% of the market tá 57% den mhargadh acu 4 (also have got) verb have received TRANSITIVEthey have no new information níl aon eolas nua acuyou have a new message tá teachtaireacht nua agat 5 (also have got) verb physical, genetic characteristic TRANSITIVEshe has red hair tá gruaig rua uirthihe's got brown eyes tá súile donna aigeit has red spots over its body tá spotaí dearga ar a chorp, tá a cholainn breactha le spotaí dearga 6 (also have got) verb as integral part TRANSITIVEher hat had two blue ribbons bhí dhá ribín gorm ar a hatahas it got a private bathroom? an bhfuil seomra folctha príobháideach ann?the concerto has three movements tá trí ghluaiseacht sa choinséartówhich system has the better tools? cén córas a bhfuil na huirlisí is fearr aige?Lisburn has plenty to offer tá neart le déanamh i Lios na gCearrbhach 7 (also have got) verb as character trait TRANSITIVEshe has no sense of humour níl ciall ar bith don ghreann aici, níl aon acmhainn grinn aici, níl féith an ghrinn intithey have great courage tá an-mhisneach acuthey haven't got the courage to tell me níl de mhisneach acu a rá liomhe's got all the qualities that are required tá na tréithe ar fad atá ag teastáil aigethey had little in common ba bheag a bhí i bpáirt acuhe had no nerves ní raibh aon neirbhís airhave no fear! ná bíodh aon eagla ort!, ná bíodh faitíos ar bith ort!she has no Irish níl aon Ghaeilge aicihe has what it takes tá an mianach ceart annÁine had it in her to be a brilliant pianist bhí an mianach in Áine le bheith ina pianódóir den scoth 8 (also have got) verb possess inherently TRANSITIVEyou have no right to say that níl aon cheart agat é sin a ráskin has the ability to repair itself tá an craiceann in ann é féin a dheisiú 9 (also have got) verb possess as part of integral character TRANSITIVEit has a spicy flavour tá blas spíosrach airthe shop had a smell all of its own bhí boladh ar leith sa siopaviscose has a cotton feel to it mothaíonn vioscós mar a bheadh cadás ann 10 (also have got) verb be wearing TRANSITIVEnone of them had gloves ní raibh miotóga ar aon duine acu, ní raibh aon duine acu ag caitheamh lámhainníshe had a pair of pink slippers on her feet bhí péire slipéir bhándearga ar a cosa 11 (also have got) verb carry on one, have to hand TRANSITIVEdo you have a pen? an bhfuil peann agat?she had a knife bhí scian aiciI don't have any money on me níl airgead ar bith liom, níl pingin ar iompar agam 12 (also have got) verb in stock, for sale TRANSITIVEthe shop had no postcards ní raibh aon chártaí poist ag an siopa, ní raibh cárta poist ar bith sa siopado you have any twin rooms? an bhfuil aon seomraí dhá leaba agaibh?they have two for sale tá dhá cheann ar díol acu, tá péire le díol acuwe don't have it in stock currently níl sé sa siopa againn faoi láthairwe have all televisions on special offer tá tairiscint speisialta againn ar na teilifíseáin go léir 13 (also have got) verb wife, children, etc TRANSITIVEhe has a wife and four kids tá bean agus ceathrar páistí aigeshe has a new partner tá páirtí nua aiciI've got a lot of cousins tá a lán col ceathracha agam 14 (also have got) verb friends etc TRANSITIVEdoes she have many friends? an bhfuil mórán cairde aici?he hasn't got a girlfriend at the moment níl cailín aige faoi láthair 15 verb eat, drink, choose to eat, drink TRANSITIVEwe had a few drinks bhí cúpla deoch againn, d'ólamar cúpla deochhave you had lunch yet? an raibh lón agat fós?I'll have the chicken beidh an sicín agamsawhat will you have? cad a bheidh agat?we stopped to have a bite to eat stopamar le haghaidh greim le hithe, stopamar chun greim bia a ithe 16 verb cigarette etc TRANSITIVEhe went out to have a cigarette chuaigh sé amach le toitín a bheith aige, chuaigh sé amach chun toitín a chaitheamhI haven't had a smoke in a long time níor chaith mé le fada, ní raibh toit agam le fada, ní raibh gal agam le fada 17 verb PHYSIOL, ZOOL give birth, life to TRANSITIVEshe had a little girl last night bhí cailín beag aici aréir, saolaíodh cailín beag di aréir, rugadh girseach bheag di aréirI think she's having a baby sílim go bhfuil sí ag iompar clainne, sílim go bhfuil sí ag iompar, sílim go bhfuil sí ag súilmy cat had kittens bhí piscíní ag mo chat 18 (also have got) verb have as charge, guest, etc TRANSITIVEmy mother has the kids today tá na páistí ag mo mháthair inniu, tá mo mháthair ag tabhairt aire do na páistí inniuwe've got visitors tá cuairteoirí againnhe has someone with him at the moment tá duine éigin leis faoi láthairwe had a few friends round bhí roinnt cairde ar cuairt againnwe have my uncle staying with us tá m'uncail ag fanacht linn, tá m'uncail ag stopadh againn 19 (also have got) verb happen to be in particular situation TRANSITIVEhave you got much snow? an bhfuil mórán sneachta agaibh?we have a high unemployment rate tá ráta ard dífhostaíochta againnthey had hens running around in the kitchen bhí cearca ag rith thart sa chistin acuwe have houses lying empty tá tithe ina luí folamh againn, tá tithe againn nach bhfuil duine ná deoraí iontuwe've got visitors coming later tá cuairteoirí ag teacht chugainn níos déanaíyou always have people opposing any reforms bíonn daoine i gcónaí ag cur i gcoinne aon leasuithehere we have the original letter seo í an bhunlitirwhat have we here? cad atá anseo againn?, céard é seo?he has his hands full tá a lámha lán, tá lán a lámh aige, tá a dhóthain ar a aireshe had her hands in her pockets bhí a lámha ina pócaí aicithe water had salt in it bhí salann san uisceyou have crumbs on your sleeve tá grabhróga ar do mhuinchilleI had something to aim for bhí rud éigin agam le díriú airshe had nobody to look after ní raibh aon duine aici le haire a thabhairt dóI had my back to her bhí mo dhroim léihe wanted to have us visit theastaigh uaidh go dtiocfaimis ar cuairt 20 (also have got) verb be knowingly in particular situation TRANSITIVEI have an appointment tá coinne agamshe has lectures until two tá léachtaí aici go dtí a dóI have a lot of work to do tá a lán oibre le déanamh agamthis is what she had to say seo an méid a bhí le rá aicishe had everything ready bhí gach rud réidh aicithey'll have it finished soon beidh sé críochnaithe acu gan mhoillI'd rather have it done by a professional b'fhearr liom gur duine gairmiúil a dhéanfadh éshe had her hair dyed black fuair sí dath dubh ina cuid gruaigewe're having the house painted tá an teach s'againn á phéinteáil, táimid ag fáil an tí péinteáiltethey enjoy having stories read to them is maith leo go léifí scéalta dóibh 21 verb informal tolerate, allow TRANSITIVEI'm not having this nonsense ní chuirfidh mé suas leis an tseafóid seoshe won't have it ní bheidh sí sásta, ní chuirfidh sí suas leiswe can't have a system which favours the rich ní féidir linn glacadh le córas ina bhfuil buntáiste ag lucht an rachmaishe said he was sick but she was having none of it dúirt sé go raibh sé tinn ach is í an chluas bhodhar a fuair sé uaithi, dúirt sé go raibh sé tinn ach níor thug sí aon aird airit's hard, but I wouldn't have it any other way tá sé deacair, ach ní iarrfainn a mhalairt; tá sé deacair, ach is mar sin is fearr liom éshe wouldn't have him any other way tá sí lánsásta leis mar atá séwe won't have anybody bullied here ní chuirfimid suas le bulaíocht ar aon duine anseoyou can't have people freezing to death ní féidir ligean do dhaoine bás a fháil den fhuachtI won't have people telling me what to do ní chuirfidh mé suas le daoine ag rá liom cad a dhéanfaidh méI wouldn't have them face the same injustice ní ligfinn go mbeadh an éagóir chéanna rompusanwe can't have him say that ní thig linn ligean dó é sin a rá, ní féidir linn cead a thabhairt dó é sin a rá 22 verb cause sth to happen, result in sth TRANSITIVEthis will have an impact on our plans beidh tionchar aige seo ar ár bpleananna, rachaidh sé seo i bhfeidhm ar ár bpleanannaour efforts had no result ní raibh aon toradh ar ár n-iarrachtaí, ba shaothar in aisce againn éyou had me scared there bhí mé scanraithe agat ansin, chuir tú eagla orm ansinshe has us killed with work táimid maraithe leis an obair aicithis question had me puzzled bhí mé trína chéile ag an gceist seo, bhí mearbhall orm leis an gceist seohe had them tipped off bhí leid tugtha aige dóibh, bhí siad curtha ar an eolas aigethey had the blaze out in minutes bhí an dóiteán múchta acu laistigh de chúpla nóiméadshe had us all on the edge of our seats bhíomar ar fad ar bís aicihe had them in stitches bhí siad sna trithí gáire aigethey had everybody out dancing bhí gach duine amuigh ag rince acuI'll have someone bring you a drink gheobhaidh mé duine éigin chun deoch a fháil duithe had us write out every poem chuir sé orainn gach dán a scríobh amach, chuir sé iallach orainn gach uile dhán a scríobh amachhe'd have you running ten miles a day bheifeá ag rith deich míle sa lá aigesean, chuirfeadh seisean ag rith deich míle sa lá thúchildren aren't as gullible as some people would have us believe níl páistí chomh saonta agus a thabharfadh daoine áirithe le tuiscintI would have you know that ... bíodh a fhios agat go ...; tabhair do d'aire go ... 23 (also have got) verb feeling, idea, etc TRANSITIVEPeadar has an idea tá smaoineamh ag Peadarshe had a slight suspicion bhí amhras áirithe uirthido you have a suggestion? an bhfuil moladh agat?I've got a feeling he won't be too happy mothaím nach mbeidh sé róshásta, tá barúil agam nach mó ná sásta a bheidh sé 24 (also have got) verb interest, respect, etc TRANSITIVEthey've no interest in the job níl aon suim acu sa phost, níl aon spéis acu sa phosthave you any respect for her? an bhfuil meas ar bith agat uirthi?I had pity for him bhí trua agam dó 25 verb experience, enjoy, endure TRANSITIVEwe had great crack bhí craic iontach againn, bhí an-spórt againnhe has an easy life tá saol bog aige, tá an saol go réidh aigeyou'll have a long wait beidh feitheamh fada ortthey had no luck ní raibh aon rath orthu, ní raibh an t-ádh leothey've had enough of studying tá siad tinn tuirseach den staidéar, tá siad bréan den staidéar, tá siad dubh dóite den staidéarI've had enough! tá mo sháith agam!, tá mo dhóthain agam!have a nice day bíodh lá deas agaibh, lá maith anois agaibhhave a good Christmas bíodh Nollaig mhaith agaibh, Nollaig mhaith daoibhlittle sleep was had ní mór an codladh a rinneadhan enjoyable evening was had by everybody bhí oíche phléisiúrtha ag gach duine, bhain gach duine taitneamh as an oíche 26 verb experience as an event TRANSITIVEhe had an accident bhain timpiste dó, tharla taisme dóshe has to have an operation caithfidh sí dul faoi scianI nearly had a heart attack ba bheag nár bhuail taom croí méyou had a similar experience bhí eispéireas den chineál céanna agatsa, tharla mórán an rud céanna duit féin 27 (also have got) verb receive TRANSITIVEfaigh verb  c m uas soon as we have your order a luaithe a bheidh d'ordú faighte againnwe've had a lot of complaints tá a lán gearán faighte againnI've just had a phone call from the Gardaí tá mé díreach i ndiaidh glao gutháin a fháil ó na Gardaí 28 (also have got) verb experience, receive from external source TRANSITIVEhe's having problems with the house tá deacrachtaí aige leis an teachthey had no help ní raibh cuidiú ar bith acu, ní raibh aon chabhair acuI never had any trouble with it ní raibh aon trioblóid agamsa leis riamhshe's got no reason to complain níl aon chúis ghearáin aici, níl aon chás casaoide aici 29 (also have got) verb experience as pressure or necessity TRANSITIVEhe has family responsibilities tá cúraimí teaghlaigh airwe've got an obligation to help them tá sé d'oibleagáid orainn cabhrú leo, tá dualgas orainn cuidiú leo 30 verb organise, hold TRANSITIVEthey had a big party bhí cóisir mhór acuwe had a memorial service bhí seirbhís chuimhneacháin againnwe have regular conferences and art exhibitions bíonn comhdhálacha agus taispeántais ealaíne againn go rialtathat's a good reason to have a celebration is cúis mhaith cheiliúrtha é sinthey have a competition every year bíonn comórtas acu gach bliain 31 verb engage in TRANSITIVEwe had a long conversation bhí comhrá fada againnhe had an argument with the manager bhí argóint aige leis an mbainisteoirhave you ever had any dealings with them? an raibh aon phlé agatsa leo riamh? 32 (also have got) verb be employed at/in TRANSITIVEhe has a part time job tá post páirtaimseartha aigethey haven't got any work at the moment níl aon obair acu faoi láthairthere's no work to be had these days níl aon obair le fáil na laethanta seo 33 verb perform action, take TRANSITIVEdo you want to have a look round? ar mhaith leat breathnú timpeall?, ar mhaith leat amharc thart?they had a fight bhí troid eatarthu, bhí siad ag troidwe can have a walk by the seaside is féidir linn dul ar siúlóid cois farraige, féadfaimid siúl le cladachthey have a rest this week tá sos acu an tseachtain seohe had a shave bhearr sé é féinI'll have a bath beidh folcadh agamshe had a word with them about the noise bhí focal aici leo maidir leis an torann, labhair sí leo faoin torannhe had his say dúirt sé an méid a bhí le rá aigeif you have unprotected sex má bhíonn gnéas gan chosaint agatwe soon had sight of the coast ba ghearr go raibh radharc ar an gcósta againn, ba ghearr go raibh an cósta le feiceáil againn 34 (also have got) verb MED, VET be suffering from TRANSITIVEshe has a bad cold tá drochshlaghdán uirthiI've got a headache tá tinneas cinn ormhe has a sprained ankle tá a rúitín leonta, tá rúitín leis leontait had a broken wing bhí sciathán briste air 35 (also have got) verb be damaged in the way specified TRANSITIVEsome houses have broken slates tá sclátaí briste ar roinnt titheit had marks on it bhí marcanna airit's got a hole in it tá poll ann 36 (also have got) verb benefit from TRANSITIVEyou have a great opportunity here tá an-deis agaibh anseowe've got no chance níl aon seans againn, níl seans ar bith againn, níl seans dá laghad againn 37 (also have got) verb hold physically TRANSITIVElet it go now, I have it lig leis anois, tá sé agamI've got hold of his hand tá greim láimhe agam airhe had me by the throat bhí greim scornaí aige orm, bhí sé i ngreim píobáin ionamhe had a glass in his hand bhí gloine ina lámh aige 38 (also have got) verb informal be in position of power over (sb) TRANSITIVEI've got you now! tá tú agam anois!, tá tú gafa anois agam!, tá tú sáinnithe anois agam! 39 verb have sex with (sb) TRANSITIVEluigh le PhrV  c m ugnéas a bheith agat le 40 (also have got) verb have available (space, etc) TRANSITIVEhave you enough room? an bhfuil do dhóthain spáis agat?, an bhfuil do sháith fairsinge agat?you've got loads of space there tá neart spáis ansin agat, tá fuílleach spáis ansin agat, tá dalladh áite agat ansin 41 (also have got) verb have available (time) TRANSITIVEyou've 20 minutes to finish it tá 20 nóiméad agat chun é a chríochnúhe didn't have enough time ní raibh go leor ama aige, ní raibh a dhóthain ama aige 42 (also have got) verb be able to provide (explanation etc) TRANSITIVEthey've no explanation for it níl aon mhíniú acu airhe's got a good excuse tá leithscéal maith aige 43 (also have got) verb be forced, obliged (to do sth) TRANSITIVEshe has to stay caithfidh sí fanacht, ní mór di fanacht, is gá di fanacht, tá uirthi fanacht, ní foláir di fanacht, tá aici le fanachtwhat do I have to do? cad is gá dom a dhéanamh?, cad é a chaithfidh mé a dhéanamh?, cad atá orm a dhéanamh?they had to cancel the trip bhí orthu an turas a chur ar ceal, b'éigean dóibh an turas a chur ar cealshe'd have to be up at six bheadh uirthi bheith ina suí ar a sé, chaithfeadh sí bheith ina suí ar a sédo I have to go? an gá dom dul?, an gcaithfidh mé dul?the bill will have to be paid beidh an bille le híoc, caithfear an bille a íocI'll buy one if I have to ceannóidh mé ceann más gá dom, ceannóidh mé ceann má chaithfidh mé 44 (also have got) verb need, be obliged (to do sth) TRANSITIVEyou have to admit he's good caithfidh tú a admháil go bhfuil sé go maithyou have to think before you speak caithfidh tú smaoineamh sula labhraíonn tú, ní mór duit cuimhneamh sula labhraíonn túyou only have to look around you ní gá duit ach breathnú timpeall ort, níl ort ach féachaint i do thimpeall, níl le déanamh agat ach amharc thart ortwe've got to be careful caithfimid bheith cúramach, ní mór dúinn bheith aireachyou'll have to bring your own drinks beidh oraibh bhur ndeochanna féin a bhreith libhI'd have to agree with her chaithfinn aontú léi 45 verb expressing that sth must be the case TRANSITIVEthis has got to stop caithfidh sé seo stopadhthings have to get better caithfidh cúrsaí dul i bhfeabhas, caithfidh cúrsaí éirí níos fearrthis has got to be the longest film ever made caithfidh sé gurb é seo an scannán is faide dá ndearnadh riamh
auxiliary verb
46 auxiliary verb used to form present perfect tense
► (active voice)
they've already gone tá siad imithe cheana, tá siad i ndiaidh imeacht cheana féin, tá siad tar éis imeacht cheanaI've been there twice bhí mé ann faoi dhóshe's fainted tá sí i ndiaidh titim i laige, tá sí tar éis titim i bhfanntaishow long have I been asleep? cá fhad a bhí mé i mo chodladh?I've been ill for a few days tá mé tinn le cúpla láhe's been looking for work for a while tá sé ag lorg oibre le tamallthey haven't done it yet níl sé déanta acu go fóill, ní dhearna siad fós éhave you hurt yourself? ar ghortaigh tú thú féin?we haven't forgotten what happened níl dearmad déanta againn ar an rud a tharlawhat changes have they made? cad iad na hathruithe atá déanta acu?he hasn't seen her ní fhaca sé íthey've called for an enquiry tá siad tar éis fiosrúchán a iarraidh
► (passive voice)
none have been fixed yet níor deisíodh aon cheann acu go fóill, níl aon cheann acu deisithe fós, níor cuireadh caoi ar aon cheann acu fóshave there been any threats made? an ndearnadh aon bhagairt?her keys have been lost by the children tá a heochracha caillte ag na páistí, chaill na páistí a heochrachathey had their house repossessed athshealbhaíodh a dteach, athshealbhaíodh an teach orthu, tógadh an teach uathuthe car had its windows broken briseadh na fuinneoga sa charr, briseadh fuinneoga an chairr
► (with original verb not repeated)
you say you've never thought about it, but I think you have deir tú nár smaoinigh tú riamh faoi, ach ceapaimse gur smaoinighshe doesn't drink coffee, and never has ní ólann sí caife, agus níor ól riamhapparently she's seen it, but I don't care whether she has or not is cosúil go bhfaca sí é, ach is cuma liom cé acu a chonaic nó nach bhfaca
► (in tag questions)
she hasn't seen it, has she? ní fhaca sí é, an bhfaca?; níl sé feicthe aici, an bhfuil?the plan hasn't worked, has it? níor oibrigh an plean, ar oibrigh?you've got children, haven't you? tá páistí agatsa, nach bhfuil?he's had his car stolen, hasn't he? goideadh an carr air, nár goideadh?
► (rhetorical, with inversion)
never has the challenge to amateurism been greater ní raibh riamh dúshlán chomh mór roimh an amaitéarachasonly once have they been beaten níor buaileadh ach uair amháin iad
47 auxiliary verb used to form past perfect tense
► (active voice)
they had already gone bhí siad imithe cheana, bhí siad i ndiaidh imeacht cheana féin, bhí siad tar éis imeacht cheanaI'd been there twice bhí mé tar éis bheith ann faoi dhóshe'd fainted bhí sí i ndiaidh titim i laige, bhí sí tar éis titim i bhfanntaisI'd been ill for a few days bhí mé i ndiaidh bheith tinn le cúpla láhe'd been looking for work for a while bhí sé tar éis bheith ag lorg oibre le tamallthey hadn't done it yet ní raibh sé déanta acu go fóillwe hadn't forgotten what had happened ní raibh dearmad déanta againn ar an rud a tharlahe hadn't seen her ní raibh sí feicthe aige
► (passive voice)
none had been fixed yet ní raibh aon cheann acu deisithe fósher keys had been lost by the children bhí a heochracha caillte ag na páistí, bhí na páistí tar éis a heochracha a chailleadh
► (with original verb not repeated)
he said he hadn't read it, but I think he had dúirt sé nach raibh sé léite aige, ach ceapaimse go raibhit was rumoured that we had resigned, but we hadn't bhí ráflaí ann go rabhamar tar éis éirí as, ach ní raibhshe said she'd heard it, but I didn't care whether she had or not dúirt sí go raibh sé cloiste aici, ach ba chuma liom cé acu a bhí nó nach raibh
► (in tag questions)
she hadn't seen it, had she? ní raibh sé feicthe aici, an raibh?the plan hadn't been working, had it? ní raibh ag éirí leis an bplean, an raibh?you hadn't any children at the time, had you? ní raibh aon pháistí agaibh san am, an raibh?he'd had his car stolen, hadn't he? bhíothas tar éis an carr a ghoid air, nach rabhthas?
► (rhetorical, with inversion)
seldom had I seen so many priests together b'annamh a bhí an oiread sin sagart feicthe le chéile agamnever had the challenge to amateurism been greater ní raibh riamh dúshlán chomh mór roimh an amaitéarachasonly once before then had they been beaten níor buaileadh ach uair amháin roimhe sin
48 auxiliary verb used to form future perfect tense
► (active voice)
they'll have gone by then beidh siad imithe faoin am sin, beidh siad i ndiaidh imeacht faoin am sin, beidh siad tar éis imeacht faoin am sinI'll have been there twice beidh mé tar éis bheith ann faoi dhóhe'll have been practising for a year beidh sé i ndiaidh bheith ag cleachtadh le bliainthey'll have done it beidh sé déanta acuwe won't have forgotten what happened ní bheidh dearmad déanta againn ar an rud a tharlahe'll have spoken to her beidh sé tar éis labhairt léi, beidh labhartha aige léi
► (passive voice)
none will have been fixed yet ní bheidh aon cheann acu deisithe fósher money will have been spent by the children beidh a cuid airgid caite ag na páistí
► (rhetorical, with inversion)
never will they have seen so many priests together ní bheidh an oiread sin sagart feicthe le chéile riamh acuonly then will they have qualified is ansin amháin a bheidh siad cáilithe
49 auxiliary verb used in conditional sentences and other modes, also after 'if' or 'whether'phone her, if she hasn't left glaoigh uirthi, mura bhfuil sí imithehe asked if I had any gloves d'fhiafraigh sé an raibh aon lámhainní agamif I hadn't met him murach gur bhuail mé leis, ach ab é gur chas mé leishad you won, you would be rich dá mba rud é gur bhuaigh tú, bheifeá saibhirhad I known, I would have stayed at home dá mbeadh a fhios agam, d'fhanfainn sa bhaileyou would have thought he'd have better things to do cheapfá go mbeadh rudaí níos fiúntaí le déanamh aige, nach beag a bhí le déanamh aigewrite down anything that may have been stolen scríobh síos aon rud a d'fhéadfadh bheith goidteI shouldn't have asked you níor cheart dom a iarraidh ortshe'll call soon, if she hasn't already glaofaidh sí gan mhoill, murar ghlaoigh sí cheana
phrases

and what have you

informalagus a leithéidagus mar sin deagus araile

to be had

informalyou've been had buaileadh bob ort, cuireadh dallamullóg ort, rinneadh amadán díot

to have had it

1 informal have become unusablebheith ó mhaithif the zip breaks the whole case has had it má bhriseann an zip beidh an cás iomlán ó mhaiththe battery has had it tá an cadhnra réidh 2 informal be in a situation of no hopewe've had it now táimid i bponc anois, tá ár bport seinnte anois, tá ár gcosa nite anois 3 informal be exhaustedI've had it tá mé tugtha traochta, tá mé spíonta, tá mé scriosta, tá mé marbh 4 informal have run out of patience (with sth/sb)that's it - I've had it sin é - tá mo dhóthain agam, sin é - tá mo sháith agamhe's had it with the complaining tá a dhóthain aige den ghearán, tá sé dubh dóite den ghearán, níl sé in ann cur suas leis an ngearán níos móI've had it up to here with excuses táim bréan bailithe de leithscéalta, tá mé tinn tuirseach de leithscéalta

to have it

1 claim, reportrumour has it that you're leaving tá ráflaí ann go bhfuil tú ag imeacht, tá an scéala thart go bhfuil tú ag fágáilanother version has it that it was lost deir leagan eile gur cailleadh é, tá sé ráite freisin gurb é an chaoi gur cailleadh é 2 win voteit looks like the independents have it dealraíonn sé go bhfuil an lá leis na neamhspleáigh, tá cuma air go bhfuil an beart déanta ag na neamhspleáigh 3 (also

to have got it

) have found solution, understandI've got it! tá sé agam!I think I have it now sílim go bhfuil sé agam anois

to have it in for sb

(also

to have got it in for sb

) informalnimh san fheoil a bheith agat do dhuinecloch sa mhuinchille a bheith agat do dhuine

to have it off

vulgarbheith ag bualadh craicinn informalbheith ag dromaíocht informalto have it off with sb gnéas a bheith agat le duine, é a dhéanamh le duine informal

to have sth to yourself

(also

to have got sth to yourself

) rud a bheith fút féinrud a bheith agat duit féinI had the house to myself for the week bhí an teach fúm féin agam ar feadh na seachtaine, bhí an teach agam dom féin ar feadh na seachtaineshe wanted to have him all to herself ba mhian léi é a bheith aici di féin amháin

having said that

é sin ráitean méid sin ráiteagus sin ráite

let's be having you

seo linnar aghaidh linn

the haves and the have-nots

an saibhir agus an daibhiruasal agus íseal

to be had

bheith le fáilbheith ar fáilthere was no work to be had anywhere ní raibh aon obair le fáil in aon áitthere are excellent deals to be had tá margaí iontacha le fáil

you have me there

(also

you've got me there

) tá beirthe ansin agat ormtá mé buailte ansin agattá a fhios ag an lá ach níl a fhios agamsa

Iontrálacha Gaolmhara

Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile