An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge
Bosca cuardaigh an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge a leabú ar do shuíomh idirlín féin
Focail chosúla: anemone · anymore · canzone · alone · atone · canyon · undone · any more · abalone · acetone
  • EN > GA
  • GA > EN

anyone

1 pronoun in questions and negatives: someoneaon duine  c m uduine ar bith  c m uI didn't know anyone ní raibh aithne agam ar aon duine, ní raibh aithne agam ar dhuine ar bithdid anyone see you? an bhfaca aon duine thú?, an bhfaca duine ar bith thú?did she mention anyone in particular? ar luaigh sí duine ar bith ar leith?he didn't tell the story to anyone níor inis sé an scéal d'aon duineshe walked two miles without seeing anyone shiúil sí dhá mhíle gan aon neach a fheiceáil, shiúil sí dhá mhíle gan duine ná deoraí a fheiceáil 2 pronoun no matter which personif anyone calls tell them má ghlaonn aon duine abair leoanyone can make a mistake is beag duine nach ndéanann botúntake along anyone you like tabhair leat duine ar bith is mian leat, tabhair leat do rogha duinehere's a chance for anyone who's interested in music seo deis don té a bhfuil spéis sa cheol aige, seo deis do dhuine ar bith a bhfuil suim sa cheol aigeanyone with any sense knows that tá a fhios sin ag gach duine atá ina chiall
phrases

not just anyone

not just anyone can do this ní hé gach aon duine a bheadh ábalta é seo a dhéanamh

anyone else

was there anyone else there? an raibh duine ar bith eile ansin?, an raibh aon duine eile ansin?

anyone but

anyone but that girl! aon duine ach an cailín sin!, duine ar bith seachas an cailín sin!

hardly anyone

there's hardly anyone there is ar éigean atá aon duine annthere was hardly anyone around ní mó ná go raibh duine ar bith thart

almost anyone

that could happen to almost anyone d'fhéadfadh sin tarlú i gcás aon duine beagnach, thiocfadh leis sin tarlú i gcás duine ar bith chóir a bheith

anyone who is anyone

anyone who was anyone in London was there bhí boic mhóra Londan uilig i láthair

Frásaí agus Samplaí Úsáide faoi iontrálacha eile