New English-Irish Dictionary
Similar words: wether · whither · blether · ether · heather · hither · nether · tether · thither · weather
  • EN > GA
  • GA > EN

whether

1 conjunction introducing sth uncertainit's unclear whether she'll take the job or not níl a fhios againn an dtógfaidh sí an post nó nach dtógfaidh, níl a fhios againn cé acu a thógfaidh sí an post nó nach dtógfaidhwe don't know whether they lived there níl a fhios againn ar chónaigh siad ansin nó nár chónaighthere's the question of whether or not you can put her in that school tá ceist ann an féidir libh í a chur ar an scoil sin nó nach féidir, tá ceist ann cé acu is féidir libh í a chur ar an scoil sin nó nach féidir 2 conjunction introducing choice, alternativean  c m ucé acu ahe didn't know whether he should ring ní raibh a fhios aige ar cheart dó glaochshe couldn't decide whether to watch TV or go to bed ní raibh a fhios aici ar cheart di féachaint ar an teilifís nó dul a chodladh, ní raibh a fhios aici cé acu a d'fhéachfadh sí ar an teilifís nó a rachadh sí a chodladhhe wasn't sure whether he wanted to run the marathon ní raibh a fhios aige an rithfeadh sé an maratón nó nach rithfeadh
Show full entry 
3 conjunction no matter ifcé acu  c m uevery game is important whether we win, lose or draw tá gach cluiche tábhachtach cé acu a bhuaimid, a chaillimid nó a bhímid ar comhscór; tá gach cluiche tábhachtach bímis buacach, caillteach, nó ar comhscórwhether or not you believe me creid mé nó ná creid, cé acu a chreideann tú mé nó nach gcreideannwhether or not it's the truth más fíor bréagach é, bíodh sé fíor nó bréagach, bíodh sé fíor nó ná bíodhwhether they like it or not, they have to do it cibé acu más olc maith leo é, caithfidh siad é a dhéanamh; más olc maith leo é, caithfidh siad é a dhéanamh; taitníodh sé leo nó ná taitníodh, caithfidh siad é a dhéanamhyou have a contract whether it's written or not tá conradh agat bíodh sé scríofa nó ná bíodh, tá conradh agat is cuma cé acu atá sé scríofa nó nach bhfuil

Phrases and Examples in other entries