New English-Irish Dictionary
Similar words: though · trough · bough · cough · dough · hough · lough · rough · touch · through
  • EN > GA
  • GA > EN

tough

adjective
adverb
noun
interjection
phrases
adjective
1 adjective difficult/challenging crua adj3  c m udian adj1  c m udeacair adj1  c m uhe had a tough childhood bhí saol crua aige ina óigethe walk was tough bhí an tsiúlóid deacair, bhí an tsiúlóid dúshlánachit's a tough climate is aeráid dhian íthey'll have a tougher match tonight beidh cluiche na hoíche anocht níos déine orthu, beidh cluiche níos crua anocht acutough competition dianchoimhlint, coimhlint ghéarwe'll have a long, tough fight on our hands beidh cath fada anróiteach amach romhainnhe found the course tough going chuaigh an cúrsa dian air, bhí an cúrsa dian airmothers had it tough bhí saol crua ag máithreacha, bhí an saol dian ar mháithreacha 2 adjective strict, severe, hardlinedian adj1  c m udocht adj1  c m udaingean adj1  c m ugéar adj1  c m uthey took a tough stance on tobacco advertising ghlac siad seasamh docht ar fhógraíocht tobacthere was some tough talking done labhair daoine go neamhbhalbh lena chéile, níor cuireadh fiacail ann
Show full entry 
3 adjective of person: strong, grittyláidir adj1  c m udaingean adj1  c m urighin adj1  c m ucrua adj3  c m uhe wants to show how tough he is is mian leis a thaispeáint cé chomh láidir agus atá séit's time to get tough on crime tá sé in am bheith dian ar choireacht, tá sé in am luí ar choireacht 4 adjective rough, violentgarbh adj1  c m uthis is a tough enough area ceantar garbh go maith atá anseo 5 adjective hard-wearingláidir adj1  c m ubuan adj1seasmhach adj1  c m uthis material is tough ábhar láidir atá anseo, tá caitheamh san ábhar seo, tá seasamh san ábhar seo 6 adjective of food, unpleasantly chewyrighin adj1  c m uthe meat is tough tá an fheoil righin 7 adjective unfortunatecrua adj3  c m uthat's tough is mór an trua é sin, is bocht an scéal é sin
adverb
8 adverb of strict, severe mannergo dian  c m ugo righingo docht  c m ugo daingean  c m ushe'll stand tough against the unions seasfaidh sí an fód go daingean in éadan na gceardchumann 9 adverb of rough, violent mannergo garbhgo crua  c m uthe girls were acting tough bhí na cailíní ag cur i gcéill go raibh siad crua
noun
10 noun rough, violent person informalbrúid fem2  c m ubrúta masc  c m umaistín masc4  c m ua crowd of toughs had gathered outside bhí scata maistíní tar éis cruinniú taobh amuigh
interjection
11 interjection too bad!sin é an saol!if you don't like it - tough! mura dtaitníonn sé leat - bíodh agat!, mura dtaitníonn sé leat - bíodh an fheamainn agat!
phrases

a tough ask

it's a tough ask of you beidh sé dian ort, ní haon ribín réidh duit é, ní haon dóithín a bheidh ann, níor dhada beagán de

a tough call

cinneadh achrannachcinneadh deacair

a tough nut to crack

1 with no easy resolutiongetting a job there is a tough nut to crack níl sé éasca post a fháil ansin, is deacair post a fháil ansin 2 not easily bettered, masteredthey're a tough nut to crack is deacair ceart a bhaint díobh, is deacair iad a chloí, ní haon ribín réidh iad

tough as old boots

(also

tough as an old boot

) 1 mentally, physically strong, resilientláidirrighinshe was as tough as old boots bhí an-teacht aniar inti, duine láidir a bhí inti, ba dheacair í a shárú, bean ar fad a bhí inti 2 hard to chew or cutchomh righin le seanleatharchomh righin le gadthe beef was as tough as old boots bhí an mhairteoil chomh righin le bonn mo bhróige

tough luck

is bocht an scéal éis mór an trua éif you don't like it, tough luck mura dtaitníonn sé leat, diabhal neart agamsa ort; mura dtaitníonn sé leat, iompair é; mura dtaitníonn sé leat, is tú an díol trua

tough shit!

vulgarmo thrua thú!is mór an díol trua thú!bíodh agat!

Phrases and Examples in other entries