New English-Irish Dictionary
Similar words: shoulder · shouted · mould · shoal · shout · would · smoulder · shouldered · remould · shocked
  • EN > GA
  • GA > EN
should is a grammatical form of: shall »

should

1. modal verb advisable, desirable2. modal verb obligation, duty, etc3. modal verb usual, expected4. modal verb what might happen5. modal verb attitude, opinion6. modal verb polite request, suggestion, etc7. modal verb in past tense8. modal verb firm belief
phrases
1 modal verb advisable, desirableI should save the money ba cheart dom an t-airgead a shábháil, ba chóir dom an t-airgead a shábháilwhat should I do? cad ba chóir dom a dhéanamh?you should go home ba cheart duit dul abhaile, b'fhearr duit dul abhaileyou should hear what she said about you dá gcloisfeá a dúirt sí fút, ní chreidfeá cad a dúirt sí fútyou should see his face dá bhfeicfeá a aghaidhit shouldn't be done in a rush níor cheart é a dhéanamh faoi dheifir, is mairg a dhéanfadh faoi dheifir éyou shouldn't do it níor cheart duit é a dhéanamh, b'olc an mhaise duit é a dhéanamhI don't know if I should níl a fhios agam ar chóir dom, ní fheadar ar cheart domI should've worn a hat ba chóir dom hata a chaitheamh, bhí sé de cheart agam hata a chaitheamhhe should have finished earlier ba cheart dó bheith críochnaithe níos luaithe you shouldn't have níor chóir duit, ní raibh aon súil agam lena leithéid, ní raibh aon ghá lena leithéid 2 modal verb obligation, duty, etcI think I should go is dóigh liom gur chóir dom imeachtit should be left open ba chóir é a fhágáil oscailtethere should be a record kept of it ba cheart taifead a choinneáil deit should be said that it's difficult ní mór a rá go bhfuil sé deacair, ba cheart a rá go bhfuil sé deacairI should explain that I'm her father ba cheart dom a mhíniú gur mé a hathairshe said that I should sit dúirt sí gur chóir dom suí síos, dúirt sí nár mhiste dom suí síosI wasn't sure what I should do ní raibh mé cinnte cad ba chóir dom a dhéanamhI don't see why I should have to ní fheicim cén fáth a mbeadh ormit shouldn't be seen as a failure níor cheart breathnú air mar theipshe hates him and so she should is fuath léi é agus tá a ábhar aici, tá an ghráin aici air agus cén fáth nach mbeadh?he shouldn't go, so he shouldn't níor cheart dó imeacht, níor cheart sin
Show full entry 
3 modal verb usual, expectedit should be easy ba cheart go mbeadh sé éascathat should be her outside now déarfainn gurb í atá taobh amuigh anoisit should be possible ba chóir go bhféadfaí é a dhéanamh, ba cheart go mbeadh sé indéantaI should know is agamsa atá a fhios, ba cheart go mbeadh a fhios agamsa how should I know? cén chaoi a mbeadh a fhios agamsa?it worked as it should d'oibrigh sé mar is cóirI should've known ba chóir a fhios a bheith agam, d'fhéad mé fios a bheith agam 4 modal verb what might happenif I were rich I should love to travel dá mbeinn saibhir ba bhreá liom taistealI'll leave if he should try anything imeoidh mé má thriaileann sé aon nícome home if it should go bad tar abhaile má thiteann an lug ar an lag ortwe'll be in touch should we require more details beimid i dteagmháil má tá a thuilleadh sonraí de dhíth orainn, beimid i dteagmháil más rud é go bhfuil a thuilleadh sonraí uainnthey told us so that there should be no mistake dúirt siad linn lena chinntiú nach mbeadh botún ann, dúirt siad linn chun nach mbeadh aon bhotún ann, dúirt siad linn sa tslí agus nach mbeadh aon bhotún ann 5 modal verb attitude, opinionhow sad that he should lose it nach brónach go gcaillfeadh sé é?it's strange that you should ask that nach aisteach gur chuir tú an cheist sin? 6 modal verb polite request, suggestion, etcI should like to express my thanks ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúlI should be pleased to meet your friends bheinn an-sásta bualadh le do chairde, thaitneodh sé go mór liom bualadh le do chairde 7 modal verb in past tenseI said that I should be delighted to play dúirt mé go mbeadh áthas orm imirt 8 modal verb firm beliefI should imagine it's easy enough shamhlóinn go bhfuil sé furasta go leor, ba dhóigh liom go bhfuil sé éasca go leorit'll be a lot of work I should think beidh go leor oibre ann mura bhfuil dul amú orm, beidh go leor oibre ann déarfainn, beidh go leor oibre ann cheapfainn'It's not far.' 'I should hope not, I'm tired.' 'Níl sé i bhfad eile.' 'Tá súil agam nach bhfuil, táim traochta.'
phrases

who should...but...?

(also

what should...but...?

) and who should come along but Seán agus cé a thiocfadh an treo ach Seánwho should I see but my father cé a d'fheicfinn ach m'athair, cé a chonaic mé ach m'athair

Phrases and Examples in other entries