New English-Irish Dictionary
Similar words: seven- · sevens · even · semen · sever · seventh · seventy · eleven · heaven · leaven
  • EN > GA
  • GA > EN

seven

number
noun
adjective
pronoun
1 number in counting, telephone numbers, scorelines etca seacht  c m usix, seven, eight a sé, a seacht, a hochtwhat number comes before seven? cén uimhir a thagann roimh a seacht?number seven uimhir a seachtto count in sevens comhaireamh i seachtanna, cuntas i seachtannaring extension seven five seven glaoigh ar fholíne a seacht a cúig a seachtshe won seven nil bhuaigh sí a seacht a náid 2 number MATH general use in mathematicsseacht  c m ua seacht  c m u
► (in calculations)
a seacht  c m useven and seven is fourteen a seacht agus a seacht, sin a ceathair déagtwenty minus seven makes thirteen fiche lúide a seacht, sin a trí déagdivide the result by seven roinn an toradh ar a seachtmultiply five by seven iolraigh a cúig faoi a seachtseven times four is twenty-eight a ceathair faoi a seacht, sin fiche a hocht
► (in decimals)
a seacht  c m useven point seven three a seacht ponc a seacht a trí, a seacht pointe a seacht a trí
► (in powers)
a seacht  c m uto the power of seven i gcumhacht a seacht
► (in percentages)
seacht  c m useven per cent seacht faoin gcéad
Show full entry 
3 number in time expressionsa seacht  c m uit's seven o'clock tá sé a seacht a chlogit starts at seven tosaíonn sé ar a seacht, tosaíonn sé ag a seachtit happened at seven in the morning tharla sé ar a seacht ar maidin, tharla sé ag a seacht ar maidintwenty to seven fiche chun a seacht, fiche go dtí a seachtquarter past seven ceathrú i ndiaidh a seacht, ceathrú tar éis a seachtat seven forty-five ag a seacht daichead a cúig 4 number in calendar expressionsseacht  c m uin seven thirteen i seacht gcéad a trí déagin the year seven sixty-two sa bhliain seacht seasca a dó
noun
5 noun as a nounseacht masc4  c m uthe seven is missing tá an seacht ar lárhow many sevens are there? cá mhéad seacht atá ann?there's a zero after the seven tá náid i ndiaidh an seachthe needs a double seven tá seacht dúbailte ag teastáil uaidh 6 noun GAMES in cardsseacht masc4  c m uhe has two sevens and a king tá dhá sheacht agus rí aigethe seven of diamonds an seacht muileata
adjective
7 adjective when counting thingsseacht  c m u
► (followed predominantly by singular noun in Irish)
seven days seacht láseven numbers seacht n-uimhirit has seven parts tá seacht gcuid annwe lost by seven points chailleamar le seacht bpointethey answered seven questions d'fhreagair siad seacht gceistseven heavy boxes seacht mbosca trom, seacht mbosca thromathe seven red apples na seacht n-úll dearg, na seacht n-úll dheargaseven busy months seacht mí ghnóthach, seacht mí ghnóthachathe seven cold nights na seacht n-oíche fhuar, na seacht n-oíche fhuarait cost seven or eight dollars chosain sé seacht nó ocht de dhollair
► (with certain nouns in Irish which take a plural form after the number 7)
seven times seacht n-uaireseven busy weeks seacht seachtaine gnóthachaseven small ones seacht gcinn bheagathe seven critical years na seacht mbliana criticiúla
8 adjective when counting peopleseachtar  c m useacht  c m uthere were seven women bhí seachtar ban annwe have seven teachers tá seachtar múinteoirí againn, tá seacht múinteoir againnthe seven runners remaining an seachtar reathaithe atá fágtha, na seacht reathaí atá fágtha 9 adjective as ordinal numbera seacht  c m upart seven of the course cuid a seacht den chúrsaat the beginning of chapter seven ag tús chaibidil a seachtcontestant number seven iomaitheoir uimhir a seachtin year seven i mbliain a seachtthis is day seven of the protest is é seo an seachtú lá den agóid 10 adjective in age expressionsseacht mbliana d'aoishe's seven years old tá sé seacht mbliana d'aoisshe's seven tá sí a seachtchildren under the age of seven páistí faoi bhun seacht mbliana d'aois 11 adjective MEAS in measurementsseacht  c m uit's seven cm long tá sé seacht cm ar fadit weighs seven kilograms tá seacht gcileagram meáchain annseven litres of fuel seacht lítear breoslait's seven miles from here tá sé seacht míle as seo 12 adjective MEAS, CLOTH in clothing sizes etca seacht  c m usize seven shoes bróga de mhéid a seachtshe's a size seven méid a seacht a chaitheann sí, a seacht a thógann sído you have them in size seven? an bhfuil siad agaibh i méid a seacht?
pronoun
13 pronoun seven thingsseacht gcinn  c m useachtar  c m uI read seven of the stories léigh mé seacht gcinn de na scéalta, léigh mé seachtar de na scéaltaseven of his horses are sick tá seacht gcinn dá chuid capall tinn, tá seachtar dá chuid capall tinnthat's seven of them sin seacht gcinn acu, sin seachtar acushe only wants seven níl ach seacht gcinn uaithi, níl ach seachtar de dhíth uirthigive me six or seven more tabhair sé cinn nó seacht gcinn eile dom, tabhair sé nó seacht gcinn eile dom, tabhair seisear nó seachtar eile dom 14 pronoun seven peopleseachtar  c m uthere are seven of us tá seachtar againn annhe met seven of the staff bhuail sé le seachtar den fhoireannseven of them are qualified tá seachtar acu cáilithe, tá seachtar díobh cáilitheonly seven turned up níor tháinig ach seachtarI'll call seven or eight more glaofaidh mé ar sheachtar nó ochtar eilethe Irish seven came third tháinig seachtar na hÉireann sa tríú háit

Phrases and Examples in other entries