New English-Irish Dictionary
  • EN > GA
  • GA > EN

overflow

1. verb of container 2. verb of lake, river etc3. verb of liquid 4. verb (of place etc) be very full 5. verb exceed space available 6. verb of emotions or ideas 7. noun surplus 8. noun pipe, conduit 1 verb of container INTRANSITIVEcuir thar maoilthe bath was overflowing bhí an folcadán ag cur thar maoilshe filled the glass to overflowing chuir sí maoil ar an ngloine, líon sí an ghloine go raibh sí ag cur thar maoil 2 verb of lake, river etc INTRANSITIVEcuir thar bruachthe lake is overflowing tá an loch ag cur thar bruach
Show full entry 
3 verb of liquid
INTRANSITIVEsceith verb  c m uforsceith verbthe water overflows into the stream sceitheann an t-uisce isteach sa sruthán
TRANSITIVEthe water could overflow the opposite bank d'fhéadfadh an t-uisce sceitheadh thar an mbruach thall
4 verb (of place etc) be very full INTRANSITIVEcuir thar maoilplódaigh verb  c m uboxes overflowing with bright flowers boscaí atá ag cur thar maoil le bláthanna gealathe hall was overflowing with young people bhí an halla lán go doras le daoine óga, bhí an halla plódaithe le daoine ógathe beach is overflowing with visitors tá an trá dubh le cuairteoirí, tá an trá plódaithe le cuairteoirí 5 verb exceed space available
TRANSITIVEwe can't overflow the room ní thig linn barraíocht daoine a chur sa seomra, ní féidir linn an seomra a phacáil
INTRANSITIVEthe rubbish overflowed onto the floor bhí an bruscar ag sceitheadh amach ar an urlár, bhí an bruscar ag cur thar maoil amach ar an urlár
6 verb of emotions or ideas INTRANSITIVEmy heart was overflowing with joy bhí mo chroí líon lán d'áthas, bhí cluaisíní croí ormhe was overflowing with gratitude bhí sé fíorbhuíoch go deoshe overflowed with suggestions bhí sí lán moltaí, bhí lear mór moltaí aici 7 noun surplus farasbarr masc1  c m ufuílleach masc1  c m uoverflow car park carrchlós farasbairr 8 noun pipe, conduit píobán forsceite

Related Entries