New English-Irish Dictionary
Similar words: get on · let in · set in · get into · belt in · text in · bed in · cut in · fit in · get at
  • EN > GA
  • GA > EN

get in

1 (v + adv) return home INTRANSITIVEtar abhaile  c m ubheith sa bhailewhat time did you get in last night? cén t-am ar tháinig tú abhaile aréir?, cén t-am ar fhill tú aréir? 2 (v + adv) arrive at designated place INTRANSITIVEbheith istigh  c m uI got in just before nine bhí mé istigh díreach roimh a naoi, tháinig mé isteach díreach roimh a naoi
Show full entry 
3 (v + adv) reach destination (bus, train etc) INTRANSITIVEtar isteach  c m uthe train got in at midnight tháinig an traein isteach ag meán oíche 4 (v + adv) ED secure place INTRANSITIVEáit a fháilshe worked really hard but couldn't get in d'oibrigh sí go dian ach níor éirigh léi áit a fháil 5 (v + adv) gain admittance
INTRANSITIVEtéigh isteach  c m udo you think we'll get in? meas tú an éireoidh linn dul isteach?, do bharúil an ligfear isteach muid?, ní fheadar an ligfear isteach sinn?no one got in without a ticket ní raibh cead isteach ag aon duine gan ticéad, níor ligeadh aon duine isteach gan ticéad
TRANSITIVEtéigh isteach ithey can get in all the clubs is féidir leo dul isteach sna clubanna go léir, ligtear isteach sna clubanna uilig iad
6 (v + adv) POL be elected INTRANSITIVEthe independent candidate got in toghadh an t-iarrthóir neamhspleáchwhich party will get in? cén páirtí a bheidh i gcumhacht? 7 (v + adv) submit TRANSITIVEcuir isteach  c m udid you get the essay in? ar chuir tú an aiste isteach? 8 (v + adv) send for TRANSITIVEfios a chur arget a plumber in cuir fios ar phluiméir, cuir faoi choinne pluiméara 9 (v + adv) stock up on TRANSITIVEceannaigh verb  c m uto get in a supply of coal soláthar guail a cheannach, soláthar guail a chur isteach 10 (v + adv) contribute, include TRANSITIVEcuir isteach  c m uhe couldn't get a word in edgeways ní raibh faill aige oiread is focal a chur isteachshe managed to get in a reference to her new book d'éirigh léi tagairt a dhéanamh dá leabhar nua 11 (v + adv) find time for TRANSITIVEI'd love to get in a game of golf ba bhreá liom an t-am a fháil le cluiche gailf a imirtI got in a lot of work today d'éirigh liom cuid mhór oibre a dhéanamh inniu 12 (v + adv) take action INTRANSITIVEthey got in before me bhí siad ann romham 13 (v + adv) AGR harvest TRANSITIVEbain verb  c m uto get in the harvest an fómhar a bhaint, an fómhar a chur isteach 14 (v + adv) AGR, HORT plant, sow TRANSITIVEcuir verb  c m ushe got the seeds in early bhí na síolta curtha go luath aici 15 (v + prep) enter
INTRANSITIVEthe taxi came and we got in tháinig an tacsaí agus chuamar isteach annwater got in tháinig an t-uisce isteach, rinne an t-uisce a bhealach isteach
TRANSITIVEI got the screw in d'éirigh liom an scriú a chur isteach
16 (v + prep) buy drinks TRANSITIVEfind a table and I'll get them in faigh tábla agus gheobhaidh mise na deochanna → see get

Phrases and Examples in other entries