New English-Irish Dictionary
  • EN > GA
  • GA > EN

depend

1 verb INTRANSITIVEbraith verb  c m uit depends how you see things braitheann sé ar do dhearcadh, braitheann sé ar an dóigh a dtuigeann tú rudaíit depends which side of the fence you're on braitheann sé ar an taobh a mbaineann tú leoit depends whether you're in the private or public sector braitheann sé an mbaineann tú leis an earnáil phríobháideach nó leis an earnáil phoiblí
phrasal verbs

depend on

(also

depend upon

) (v + prep) TRANSITIVEbraith ar PhrV  c m ubheith ag brath arit depends on the weather braitheann sé ar an aimsir, tá sé ag brath ar an aimsirit depends on how well you do in the exam braitheann sé ar cé chomh maith agus a éiríonn leat sa scrúdú, braitheann sé ar do thoradh sa scrúdúit depends on if they're at home braitheann sé an bhfuil siad sa bhaileit depends largely on the context braitheann sé cuid mhaith ar an gcomhthéacshe depends a lot on her braitheann sé uirthi go mór, tá sé ag brath go mór uirthiI depend on nobody níl mé ag brath ar dhuine ar bith, níl mé i dtuilleamaí duine ar bith, níl tuilleamaí agam le duine ar bith, níl mé i muinín duine ar biththe result didn't depend on the referee's decision ní raibh an toradh ag brath ar chinneadh an réiteorathey depend on the government for funding tá siad ag brath ar an rialtas le maoiniú a fháilthe success of the festival depends on big names tá rath na féile ag brath ar dhaoine mór le ráhe's a friend I can depend on is cara é ar féidir liom brath airyou can't depend on her keeping a secret ní féidir brath uirthi rún a choinneáilyou can't depend on selling the house ní féidir leat talamh slán a dhéanamh de go ndíolfaidh tú an teachyou can depend on us to solve the problem féadfaidh tú bheith ag brath orainne chun an fhadhb a réiteach, fág fúinne é an fhadhb a réiteach
phrases

as if your life depended on it

they played as if their lives depended on it d'imir siad mar a bheadh tine ar a gcraiceann, d'imir siad ar a míle dícheall, d'imir siad ar theann a ndíchill

it depends

'How long will you stay?' 'It depends.' 'Cén t-achar a fhanfaidh tú?' 'Braitheann sé.'

not if your life depended on it

he wouldn't do it if his life depended on it ní dhéanfadh sé é ar ór na cruinne, ní dhéanfadh sé é ar ór ná ar airgead, ní dhéanfadh sé é dá gcuirfí a chloigeann ar cheap, ní dhéanfadh sé é dá mbeadh a bheo de gheall

you can depend on it!

I'll be back, you can depend on it! beidh mé ar ais, ar m'fhocal duit!; beidh mé ar ais, tóg uaimse é!; chomh cinnte agus atá mé i mo sheasamh anseo, beidh mé ar ais!