New English-Irish Dictionary
Similar words: chooser · choosy · choice · choke · chophouse · chops · chore · chosen · close · goose
  • EN > GA
  • GA > EN

choose

1 verb pick
TRANSITIVEroghnaigh verb  c m upioc verb  c m uI chose the red one roghnaigh mé an ceann dearg, phioc mé an ceann deargchoose 'Find' on the 'Tools' menu roghnaigh 'Aimsigh' ar an roghchlár 'Uirlisí'one person was chosen as winner roghnaíodh buaiteoir amháinwe chose to live here bheartaíomar cur fúinn anseo, rinneamar cinneadh cónaí anseoshe didn't choose to be here ní raibh an dara rogha aici ach bheith anseo, is in aghaidh a tola atá sí anseochoose which one you want roghnaigh pé ceann atá uait, pioc do rogha ceann, bíodh do rogha ceann agat
INTRANSITIVErogha a dhéanamhyou can choose from a variety of subjects is féidir leat roghnú as ábhair éagsúla, tá rogha ábhair éagsúla agatsome people don't get to choose ní bhíonn an dara rogha ag daoine áirithe, ní bhíonn aon rogha ag daoine áiritheit's hard to choose is deacair rogha a dhéanamh, is deacair ceann a roghnúwomen should have the right to choose ba cheart go mbeadh an rogha ag mná, ba chóir go mbeadh de cheart ag mná rogha a dhéanamh, ba cheart go bhfágfaí an cinneadh faoi na mná
2 verb decide
TRANSITIVEsocraigh verb  c m ubeartaigh verb  c m ucinn verb  c m usome of the people chose to stay there bheartaigh cuid de na daoine fanacht ansin, shocraigh cuid de na daoine fanacht ansinyou have to choose whether you like it or not caithfidh tú d'intinn a dhéanamh suas cé acu a thaitníonn sé leat nó nach dtaitníonn, caithfidh tú cinneadh a dhéanamh cé acu is maith leat é nó nach maithshe chose to ignore the letter bheartaigh sí neamhaird a thabhairt ar an litir, shocraigh sí gan aon cheann a thabhairt don litir, chinn sí neamhiontas a dhéanamh den litir, shocraigh sí neamhshuim a dhéanamh den litir
INTRANSITIVEyou can stay at home if you choose féadfaidh tú fanacht sa bhaile más mian leat, tig leat fanacht sa bhaile más maith leat, ní miste duit fanacht sa bhaile más maith leatdo whatever you choose déan do rogha rud
phrases

there's little to choose between them

(also

there's nothing to choose between them

) is beag atá eatarthuníl mórán eatarthuníl faic eatarthuníl a dhath eatarthuníl oiread na fríde eatarthu

to choose your words

do chuid focal a thomhas go cruinnbheith cúramach cad é a deir túdo chuid cainte a mheálabhairt go faichilleachlabhairt go cáiréiseach

cannot choose but to ...

it was so ridiculous I couldn't choose but to laugh at it bhí sé chomh hamaideach sin nach bhféadfainn gan gáire a dhéanamh faoi, bhí sé chomh bómánta sin nach dtiocfadh liom gan dul a gháire faoi

Phrases and Examples in other entries