New English-Irish Dictionary
Similar words: cadre · carer · caret · carve · scare · bare · cafe · cage · cake · cane
  • EN > GA
  • GA > EN

care

noun
verb
phrases
noun
1 noun looking after sbaire fem4  c m ucúram masc1  c m upatient care is our priority cúram na n-othar an rud is tábhachtaí linnethat child needs care tá aire ag teastáil ón leanbh sin, tá cúram de dhíth ar an bpáiste sinthere's a lack of medical care tá easpa cúram leighis annI'm responsible for the care of a dependant tá cúram cleithiúnaí orm to be in sb's care (also to be in the care of sb) bheith faoi chúram duine 2 noun SOCIOL state systemcúram masc1  c m ufoster care cúram altramashe was brought up in care is faoi chúram an stáit a tógadh íhe was taken into care cuireadh faoi chúram an stáit é, tógadh isteach faoi chúram an stáit é
Show full entry 
3 noun attention and effortaire fem4  c m ucúram masc1  c m ufaichill fem2  c m ucare is necessary when you're doing this ní mór duit bheith cúramach agus é seo á dhéanamh agat, is gá aire a thabhairt agus tú á dhéanamh seohe spilled some despite his care dhoirt sé cuid de d'ainneoin a chúramaí agus a bhí sé, dhoirt sé roinnt in ainneoin a aireyou should exercise great care with it ba cheart duit bheith an-chúramach leis, ba chóir duit bheith an-aireach leis, ba chóir duit bheith iontach faichilleach leis they were chosen with care roghnaíodh go cúramach iadshe handled the book with care láimhsigh sí an leabhar go cúramach, bhí sí an-chúramach leis an leabharhe devotes care and attention to his work bíonn sé an-chúramach lena chuid oibre 4 noun looking after sthaire fem4  c m ucúram masc1  c m ushe takes special care of her clothes tugann sí an-aire dá cuid éadaigh, bíonn sí an-chúramach lena cuid éadaigh, coinníonn sí an-bhail ar a cuid éadaighdogs need constant care teastaíonn aire ó mhadraí i gcónaí, bíonn aire le tabhairt do mhadraí coitiantacare for the countryside is important tá sé tábhachtach aire a thabhairt don tuath, tá sé tábhachtach go dtabharfaimis aire don tuath 5 noun especially literary worryimní fem4  c m ubuairt fem3  c m ubuaireamh masc1I hadn't a care in the world ní raibh rud ar bith ag déanamh imní dom, ní raibh rud ar bith ag déanamh buartha dom, bhí mé ar an té ab aigeantaí, bhí mo chroí chomh héadrom le druidhe gets away from the cares of the world éalaíonn sé ó bhuairt an tsaoil, éalaíonn sé ó bhuaireamh an tsaoil 6 noun benevolent attitude fem4  c m ugean masc3  c m uluí masc4  c m uher care for others is obvious is léir an bá atá aici le daoine eile, is léir an gean atá aici ar dhaoine eile, tá sé soiléir go bhfuil an-luí aici le daoine eilehe has no care for the ordinary people níl aon luí aige leis na gnáthdhaoine, is cuma leis faoin ngnáthdhuine, ní chuireann an chosmhuintir aon tinneas faoin spéir air
verb
7 verb feel concerned
TRANSITIVEdoes anyone care what he does? an cuma le haon duine céard a dhéanann sé?, nach cuma le daoine cad é a dhéanann sé, an bhfuil sé ag déanamh tinnis d'aon duine cad a dhéanann sé?I don't care who wins is cuma liom cé a bhuafaidh, ní miste liom cé a bhuafaidhI don't care whether it works or not is cuma liom an oibríonn sé nó nach n-oibríonn, ní chuireann sé aon mhairg orm cé acu a oibríonn sé nó nach n-oibríonn, is é an dá mhar a chéile agamsa é cé acu a oibríonn sé nó nach n-oibríonn
INTRANSITIVEshe didn't really care ba ríchuma léi, ba chuma léi i ndáiríre, níor chuir sé aon mhairg uirthi
8 verb want, be willing TRANSITIVEI don't care to do it now ní theastaíonn uaim é a dhéanamh anois, ní mian liom é a dhéanamh anois, níl fonn ar bith orm é a dhéanamh anois, níl mé ag iarraidh é a dhéanamh anoishe said it to anyone who cared to listen dúirt sé é le duine ar bith a bhí sásta éisteacht leis
phrases

any you care to mention

she has opinions on any subject you care to mention tá tuairim aici ar gach aon ábhar faoin spéir; is cuma cad é an rud é, tá tuairimí aici fá dtaobh dehe has tried everything you care to imagine níl rud ar domhan nár bhain sé triail as, tá gach rud ar chlár na cruinne triailte aige

care of

(also

c/o

) faoi chúramf/chI wrote to him, care of his work scríobh mé chuige, faoi chúram a chuid oibre

sb couldn't care less

I couldn't care less is cuma liom sa sioc, is cuma liom sa diabhal, dheamhan ar miste liom, is ríchuma liom

have a care

have a care! seachain!, fainic!, coimhéad!, bí cúramach!, bí faichilleach!, tabhair aire!he told me to have a care dúirt sé liom bheith ar m'aire, dúirt sé liom mé féin a sheachaint, dúirt sé liom bheith cúramach

how's the care?

informal cén chaoi a bhfuil do chúram?cad é mar atá do mhuintir?conas atá do chúram?

more than sb cares to admit

it was harder than I care to admit bhí sé níos deacra ná mar a thiocfadh liom a rá, bhí sé níos deacra ná mar is mian liom a admháilit's longer ago than I care to remember tá sé níos faide ó shin ná mar is mian liom smaoineamh air, tá sé níos faide ó shin ná mar ba mhaith liom a rá

to not care a damn

(also

to not care a jot

, to not care a fig

) I don't care a jot is cuma liom sa sioc, is cuma liom sa diabhal, is cuma liom sa riach, dheamhan ar miste liom, is ionann an cás domsa é

to not care either way

(also

to not care one way or the other

) I don't care either way is é an dá mhar a chéile agamsa é, is cuma liomsa bealach amháin nó bealach eile

to not have a care in the world

(also

to be without a care in the world

) she doesn't have a care in the world níl cíos, cás ná cathú uirthi; níl aon rud ag cur chuici ná uaithi; tá sí chomh haerach le meannán; níl aon rud ag cur caite uirthi

see if I care

dheamhan ar miste liomsais cuma liomsanach cuma liomsa

to take care

1 to be carefulbheith cúramachbheith aireachbheith faichilleachbheith cáiréiseachyou should take care in the sun ba cheart duit bheith aireach faoin ngrian, ba cheart duit tú féin a choimhéad sa ghrianno care was taken with it ní rabhthas cúramach leis, ní rabhthas aireach leistake care to follow the instructions lean na treoracha go cúramach, bí cinnte go leanann tú na treorachahe took great care not to put a hole in it bhí sé an-chúramach gan poll a chur ann, rinne sé gach iarracht gan poll a chur anntake care of your money seachain do chuid airgid, fainic do chuid airgid, coimhéad do chuid airgid, coinnigh greim ar do chuid airgid 2 saying goodbyetake care! tabhair aire duit féin!, go dté tú slán!, coimhéad thú féin!, go n-éirí an t-ádh leat!

to take care of

1 look afteraire a thabhairt docúram a dhéanamh decoimhéadshe's taking care of me tá sí ag tabhairt aire dom 2 tend, maintainaire a thabhairt doféachaint i ndiaidhamharc i ndiaidhhe takes great care of the garden tugann sé an-aire don ghairdín, féachann sé i ndiaidh an ghairdín go hiontach 3 your health etcaire a thabhairt doféachaint i ndiaidhamharc i ndiaidhcoimhéadshe's healthy and takes care of herself tá sí sláintiúil agus tugann sí aire mhaith di féin, tá sí breá folláin agus féachann sí ina diaidh féin 4 deal with, resolvedon't worry, it's all taken care of ná bíodh imní ort, tá gach rud ina cheart; ná bí buartha, tá gach rud socraithe 5 pay foríoc asdíol asshe took care of the bill d'íoc sí an bille, dhíol sí as an mbille 6 get rid offáil réidh ledeireadh a chur lethey took care of him before he could go to the police fuair siad réidh leis sula raibh deis aige labhairt leis na póilíní, chuir siad corc ann sula bhféadfadh sé labhairt leis na póilíní

what does sb care?

what do I care if you lost it? nach cuma liomsa má chaill tú é?, nach cuma domsa má chaill tú é?, ní chuireann sé aon mhairg ormsa má chaill tú é!, ní chuireann sé isteach ná amach ormsa gur chaill tú é!what did he care what they thought! níor chuir sé isteach ná amach airsean céard a cheap siad!, dheamhan ar mhiste leis-sean cad a shíl siad!, níor chuir sé aon mhairg air céard a cheap siadsan!, dheamhan buaireamh a bhí air faoin dearcadh a bhí acu

who cares?

nach cuma?nach cuma sa diabhal?dheamhan ar miste?we were late but who cares? bhíomar déanach ach nach cuma?, bhíomar mall ach cén dochar?who cares what she thinks! nach cuma céard a cheapann sí!

would you care for...?

would you care for a drink? ar mhaith leat deoch?, an mbeidh deoch agat?

would you care to...?

1 ask politelywould you care to dance? ar mhaith leat damhsa?, an bhfuil tú ag iarraidh damhsa?, an ndéanfaidh tú damhsa beag?would anyone else care to try? ar mhaith le haon duine eile iarracht a dhéanamh?, an bhfuil fonn ar aon duine eile triail a bhaint as?, an bhfuil duine ar bith eile ag iarraidh é a fhéachaint? 2 (also

perhaps you'd care to...?

) express annoyancewould you care to share the joke? ar mhiste leat a rá linn cad é atá greannmhar?, b'fhéidir go n-inseofá do chúis gháire dúinn?, b'fhéidir go scaoilfeá chugainn cúis do gháire?

Phrases and Examples in other entries