Home | Skip Navigation | Navigate this Section | Accessibility Information | Site Search | Site Map | Contact Us
Abhaile | Teagmháil | Cuardaigh | Mapa an láithreáin | Inrochtaineacht  

Deismireachtaí | Citations

Samplaí de dheismireachtaí


Gaeilge-Gaeilge (deismireacht as foinse scríofa)

D’ainm Micheál
Do shloinne Ó Cléirigh
Do sheoladh ríomhphoist ainm@seoladh.ie
Focal/Frása mín is/agus réiteach
Deismireacht “eadar an chéad chruinniú agus an dara cruinniú d’athruigh Mac Fhionnghaile a intinn fá’n phosta agus ba é an mín is réidhteach a bhí ar an sgéal gur fágadh agam-sa é.”
Foinse Dírbheathaisnéis Néill Mhic Giolla Bhrighde, ed. Liam Ó Connacháin, 1939, page 59
Nóta tráchta Bealach eile chun ‘ba é críoch agus deireadh na mbeart’ a rá. Níl sé in FGB.

Gaeilge-Gaeilge (deismireacht as foinse bheo)

D’ainm Micheál
Do shloinne Ó Cléirigh
Do sheoladh ríomhphoist ainm@seoladh.ie
Focal/Frása fíor-
Deismireacht “scóráil an Flaitheartach fíorchúl ag tús an dara leath.”
Foinse Raidió na Gaeltachta, Eanáir 2009
Nóta tráchta fíor- in úsáid ar an mbealach céanna le sár-. Canúint Chonnacht a bhí ag an gcainteoir.

Gaeilge-Béarla

D’ainm Cormac
Do shloinne Ó Cuileannáin
Do sheoladh ríomhphoist ainm@seoladh.ie
Focal/Frása an suíomh atá ar chúrsaí
Deismireacht “sin anois an suidheamh a bhí ar na rudaí i lár an tsamhraidh ins an bhliadhain 1914.”
Foinse Árd-Léightheoir Gaedhilge II, Seaghan Mac Meanman, 1939, page 16
Nóta tráchta = an chaoi a bhfuil cúrsaí. Freagraíonn do ‘the lay of the land’ sa Bhéarla

Béarla-Béarla

D’ainm Samuel
Do shloinne Johnson
Do sheoladh ríomhphoist ainm@seoladh.ie
Focal/Frása have a cut at sth
Deismireacht “I’ll have a good cut at it anyhow”
Foinse Gnáthchaint
Nóta tráchta = have a go at sth, attempt sth. (neamhfhoirmiúil) Leagan a chloistear sách coitianta in Éirinn

Roinnt deismireachtaí as an bhfoinse chéanna:


D’ainm Cormac
Do shloinne Ó Cuileannáin
Do sheoladh ríomhphoist ainm@seoladh.ie
Foinse Gasúr de chuid Bhaile na nGrág, Tadhg Ó Rabhartaigh

Lth Focal/Frása Deismireacht Nóta tráchta
12 féasóg Fir óga láidre a bhíodh iontusan, grágáin ghruaige agus fómhar féasóige orthu ‘fómhar’ = mothall; ní luaitear in FGB
12 cuir de cuireadh an fear ba mhímhúinte díobh de theacht chun an bhaile s’againne lena lá ní luaitear an struchtúr ‘cuir + de + frása ainm bhriathartha’ faoin iontráil cuir de in FGB; aistriú ar ‘to put sb off coming’ an Bhéarla?
28 beagán Déan beagán de do chuid seanchainte! = ‘less of your cheek’ nó a leithéid
40 lagchuidiú An té a bhí ar lagchuidiú lá earraigh nó lá fómhair, chruinnigh meitheal air gur fágadh iomlán a ghnó déanta dó. = shorthanded
43 mothaigh níor mhothaigh mé an t-eanglach i mo mhéara leath chomh pianmhar ina dhiaidh sin struchtúr nach luaitear faoi mothaigh in FGB
etc etc etc etc

barr

Seol deismireacht chuig foclóir.ie


Seol deismireacht
Foras na Gaeilge logo