Deismireachtaí | Citations
Ról na ndeismireachtaí san fhoclóireacht
Ba dhúshlán mór ag lucht foclóireachta riamh anall é a chinntiú go mbeadh léiriú chomh cruinn agus ab fhéidir ina bhfoclóirí ar úsáid bheo agus choitianta na teanga nó na dteangacha a bhí á saothrú acu. Tugadh úsáid deismireachtaí ón phobal i dtreis go láidir i ndeireadh an 19ú haois nuair a bhí tús á chur leis an Oxford English Dictionary. D’iarr an t-eagarthóir san am, James Murray, ar ‘phobal labhartha agus léite an Bhéarla’ deismireachtaí a sheoladh chuige a léireodh bealaí a raibh úsáid á baint as focail éagsúla. Seoladh na céadta míle slip (sleachta gairide ó shaothair fhoilsithe agus focal nó frása éigin á léiriú ag gach ceann acu) isteach chuig foireann Murray in Oxford, agus is as an mbunachar sonraí sin a tógadh amhábhar an OED.
Le forbairt na ríomhairí agus lena gcumas corpais ollmhóra teanga a láimhseáil, níl ról chomh lárnach céanna ag na deismireachtaí san fhoclóireacht chomhaimseartha. Mar sin féin, tá tábhacht ar leith ag baint le córas bailithe na ndeismireachtaí mar an phríomhfhoinse eolais ar an tslí a dtagann focail, frásaí agus cialla nua chun cinn. Is fearr go mór daoine ná ríomhairí chun athruithe mar sin a thabhairt faoi deara - murab ionann agus na ríomhairí, tugann léitheoirí daonna suntas láithreach d’aon rud nua nó neamhghnách, cé acu focal nó frása nua-cheaptha é nó focal nó frása a bhí ann cheana ach atá á úsáid ar bhealach nua.
Deismireachtaí ag teastáil
I gcomparáid le mórtheangacha eile ár linne, níl saothrú chorpais teanga comhaimseartha na hÉireann ach ina thús. Tá i gceist bunachar deismireachtaí a chruthú do Nua-Chorpas na hÉireann agus táthar ag brath cuid mhór ar thacaíocht an phobail chuige sin. Ba mhór againn deismireachtaí i nGaeilge nó i mBéarla (Béarla na hÉireann go háirithe) a thugann fianaise ar an gcaoi a bhfuil an dá theanga á n-úsáid sa lá atá inniu ann. Is féidir deismireachtaí a bhaint as aon fhoinse, idir fhoinsí scríofa (m.sh. leabhar, nuachtán, iris, irisleabhar nó láithreán gréasáin) agus fhoinsí béil (m.sh. gnáthchaint, cláir raidió nó teilifíse). Is féidir na deismireachtaí a chlárú mar fhianaise ar úsáid na teanga lena mbaineann siad, nó mar mholtaí le haghaidh aistriúcháin ón teanga eile.
Is gné thábhachtach de ról na ndeismireachtaí é léiriú a thabhairt ar úsáid nádúrtha na teanga chomh maith le húsáid cheart na teanga, agus ní gá gur samplaí d’ardlíofacht nó de dheisbhéalaí amháin a sheolfaí isteach mar dheismireachtaí. Tá luach le gach fianaise ar riocht na teanga beo chun próifíl chruinn a chruthú do gach focal agus frása, fiú mura gcuimseofar an t-iomlán i bhfoclóir.

