Ceardlann Foclóireachta | Lexicography Workshop
Cúrsa Oiliúna san Fhoclóireacht Dhátheangach -CORCAIGH 11-13 Meán Fómhair
Tá foclóir nua Béarla-Gaeilge le tiomsú agus le foilsiú ag Foras na Gaeilge. Beidh gá le foclóirithe (daoine a chuireann foclóirí le chéile) chuige sin. Tá Foras na Gaeilge (i gcomhar le hIonad na Gaeilge Labhartha, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus le Lexicography MasterClass) ag reáchtáil an chúrsa seo chun bunoiliúint a chur ar dhaoine i ngairm na foclóireachta nua-aimseartha. Le teacht na nuatheicneolaíochta agus modhanna nua foclóireachta tá deiseanna oibre ann do dhaoine a bheith ag obair sa bhaile nó ina ngrúpaí beaga. Má tá ardchumas sa Ghaeilge agat agus suim agat i ngairm na foclóireachta, fáilteofar roimh d’iarratas. Ní gá duit a bheith i do shaineolaí teangeolaíochta ná ríomhaireachta le páirt a ghlacadh sa chúrsa ach ní mór scileanna bunúsacha ar úsáid na ríomhairí a bheith agat.
Tuilleadh eolais & foirmeacha iarratais:
Féach thíos, nó téigh i dteagmháil le:
Cathal Convery,
Foras na Gaeilge,
27 Sráid Fhreidric Thuaidh,
Baile Átha Cliath 1
Teil: +353-1-889 2815
R-phost: cconvery@forasnagaeilge.ie
- Íoslódáil an bróisiúr
(BróisiúrC.pdf | 177KB) - Íoslódáil an fhoirm iarratais
(FoirmIarrataisC.doc | 63KB) - Eolas maidir le lóistín i gColáiste na hOllscoile Corcaigh

